An bhfuiltear ag brú imreoirí i dtreo na an éilíteachais róluath ina saol?

Is geall le soiléirse ann féin é nach mbuafar bonn sa pheil agus san iomáint in aon bhliain amháin feasta

An bhfuiltear ag brú imreoirí i dtreo na an éilíteachais róluath ina saol?

Bhí géarú goile ceart ag baint le doineann na seachtaine seo caite. Don gcéad uair le cuimhne cuid mhaith daoine, ní raibh aon chluiche caide ná iomána, sacair ná rugbaí le bheith ag freastal ná ag faire orthu.

Tuigeadh dúinn sa tsámhnas an ról atá ag cluichí agus ag spórt inár saol agus gura fada uainn an chéad thréimhse díomhaointis eile.

Ba chóir, dá réir go mbeadh scamhadh chun imeartha ar pheileadóirí agus a dhála céanna chun féachana agus chun allagair ar lucht leanta na gcluichí an deireadh seachtaine seo.

Is aisteach an rud é bheith ag caint ar fhonn imeartha ar imreoirí an tráth seo den mbliain toisc acu, is sos a bhíonn á lorg i gcás chuid mhaith tar éis dianfheachtais an earraigh bheith curtha díobh acu lena gcoláiste agus lena gcontae.

Bhí éachtaint fhiarsceabhach ar an gcás áirithe seo i dtús na míosa ag duine des na himreoirí is broidiúla sa tír, Chrissy McKaigue ó Shleacht Néill.

Bhí McKaigue ag labhairt tar éis d’aistear aislingeach a chumainn sa pheil agus san iománaíocht bheith tagtha chun críche arís i mbliana. Dála scata eile le fiche bliain anuas, ba léir do laoch Shleacht Néill go bhfuil sé geall le bheith dodhéanta barr feabhais a bhaint amach i gceachtar den dá chluiche nuair a táthar ag iarraidh an dá thráigh a fhreastal.

Dúirt McKaigue gur dhein sé féin agus mórán imreoirí eile sa chumann a gcroí díchill san a dhéanamh. Dúirt sé gur chreid sé gurb í bunaidhm Chumann Lúthchleas Gael ná a gcluichí náisiúnta a chur chun cinn, beag beann ar thíreolaíocht.

“Tagann an lá, áfach,” a dúirt McKaigue, “go gcaithfidh an t-imreoir a rá leis féin nach féidir leis puinn sa bhreis a thabhairt ar son na cúise, agus go gcaithfear cluiche amháin a roghnú roimis an cluiche eile”.

Níl anseo ach an sampla is déanaí ó thús na mílaoise don imreoir atá tnáite agus cráite ag an iarracht. Tá nach mór fiche bliain ó bhí Seán Óg Ó hAilpín ag iarraidh bonn uile Éireann sa pheil agus san iománaíocht a bhuachtaint in aon bhliain amháin. Bhí Gaeil ar fud na tíre ag guí na haon rath air ina iarrachtaí mar taibhsíodh dúinn, an uair sin féin, gur dóichí ná beadh a leithéid arís ann.

Theip ar Sheán Óg sa deireadh i 1999. Níor éirigh le leithéidí David Tierney agus Alan Kerins na Gaillimhe dhá bhliain ina dhiaidh sin agus bliain ar bhliain ó shin i leith, is léir gur dóichí gurb é Teddy McCarthy Chorcaí an t-imreoir deireanach a mbeidh sé le maíomh aige gur éirigh leis san iarracht.

Leis an bprapáil go léir a deintear sa lá atá inniu ann, is geall le soiléirse ann féin é nach mbuafar bonn sa pheil agus san iomáint in aon bhliain amháin feasta agus, go deimhin féin, ní dócha go mbuafaidh aon lúthchleasaí bonn uile-Éireann sa pheil agus san iomáint le linn a ré go léir mar imreoir.

Níl ann ach toradh neafaiseach eile ar an ndianullmhúchán atá á dhéanamh ag imreoirí idirchontae an lae inniu ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach.

Bhí go leor le rá ag Uachtarán nua CLG, John Horan, le déanaí faoin ngluaiseacht i dtreo an éilíteachais a chruthaítear leis na painéil forbartha atá i réim i rannóg na n-óg i mórán contaetha anois.

An bhfuiltear ag brú imreoirí i dtreo na foirfeachta agus an éilíteachais róluath ina saol? An bhfuiltear ag freastal mar is cóir orthu? An bhfuiltear á gcailliúint agus an bhfuil na himreoirí ag tréigint na gcluichí de bharr an bhrú seo? Níl iontu seo ach cuid des na ceisteanna a chur Horan tar éis na comhdhála bliantúil. Thagair sé dos na hidéil agus dos na bunphrionsabail atá i réim i gcúrsaí oideachais (a réimse féin) a leagann béim ar éagsúlacht cumais, ar dheis a thabhairt don uile dhuine a gcumas a nochtadh agus a thabhairt chun aibíochta.

Shamhlófá go bhfuil an ghluaiseacht seo i dtreo speisialtóireachta ag dul glan bun os cionn le héirim agus le haidhmeanna Chumann Lúthchleas Gael ó thús ama. Rannpháirtíocht, deiseanna rannpháirtíochta agus cumas forbartha a thaibhseofá le haon chumann atá ar fónamh, ach más sin é an tslat tomhais agat, tá thiar ar scata clubanna fud fad na tíre, mo chumann féin ina measc.

Is é bun agus barr an scéil go bhfuil an scamhadh sin chun cluichí a imirt agus a bhuachtaint agus an iomaíocht atá go nádúrtha ins an uile dhuine againn ag tiomáint na gluaiseachta seo i dtreo an éilíteachais.

Agus is iad na tréithe céanna a thachtfaidh gobadán an dá thráigh sa deireadh.

Fág freagra ar 'An bhfuiltear ag brú imreoirí i dtreo na an éilíteachais róluath ina saol?'