An bhfuil athbheochan i ndán do shean-ospidéal a’ Daingin?

Dúnadh an sean-ospidéal sé bliana ó shin, sa bhliain 2010, agus tá sé ina fhoirgneamh folamh ó shin agus fál cosanta ina thimpeall

OspidealDaing

Mhol an Comhairleoir Contae, Michael O’Shea, Fianna Fáil, ag cruinniú de Chomhairle Contae Chiarraí le déanaí gur cheart do na húdaráis chuí a fháil amach an bhfuil sé indéanta sean-ospidéal a’ Daingin a úsáid agus a fhorbairt mar láthair do thithíocht shóisialta.

Dúnadh an sean-ospidéal sé bliana ó shin, sa bhliain 2010, agus tá sé ina fhoirgneamh folamh ó shin agus fál cosanta ina thimpeall. Is le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte foirgneamh an tsean-ospidéil agus mhol an Comhairleoir Ó Sé gur cheart don Fheidhmeannacht agus d’eagrais Stáit eile maille le heagrais dheonacha tithíochta dul i gcomhar le chéile chun tithíocht shóisialta a fhorbairt san fhoirgneamh mór scóipiúil seo a bhfuil trí urlár ann. D’fhéadfaí árasáin d’oibrithe a bhunú ann.

Ceapann an Comhairleoir Ó Sé go gcuirfeadh an méid atá á mholadh aige breis tithíochta ar fáil d’oibrithe, i dtionscal na turasóireachta, ach go háirithe, nach mbíonn pá rómhór ag a bhformhór agus nach mbíonn sé d’acmhainn acu na praghsanna arda atá ar thithe ar cíos i gceantar an Daingin a íoc.

Dúirt sé go raibh lucht turasóireachta sa dúiche de shíor ag lorg oibrithe don dtionscal seo, an tionscal is mó i gCorca Dhuibhne, agus go dteipeann orthu a leithéid a fháil uaireanta toisc nach bhfuil lóistín ar phraghas réasúnta ar fail dóibh go logánta.

Ach ní hé seo an t-aon mholadh amháin atá ann maidir le hathbheochan a dhéanamh ar an bhfoirgneamh stairiúil seo. Le déanaí bhí cruinniú ag Údarás na Gaeltachta leis an bhFeidhmeannacht agus pléadh roinnt moltaí maidir leis an sean-ospidéal a fhorbairt mar Ionad Oidhreachta nó a leithéid.

Tháinig dream áitiúil le chéile tamall de bhlianta ó shin chun moltaí a chur i dtoll a chéile d’fhonn an sean-ospidéal a fhorbairt mar ionad d’ealaíontóirí na dúiche ach ceapadh gur cheart ról i bhfad níos leithne a bheith ag an fhoirgneamh i saol cultúrtha an cheantair.

Tá siad ann a cheapann gur plean an-mhaith é an sean-ospidéal, atá suite ar thalamh ard os cionn a’ Daingin, a fhorbairt mar ionad oidhreachta a bheadh mar scáthán d’oidhreacht, do stair agus do chultúr na leithinse seo. Do chosnódh sé cúpla milliún euro an fhorbairt seo a thabhairt chun cinn agus tuigtear nach bhfuil an Fheidhmeannacht Sláinte sásta an foirgneamh a chur ar fáil saor in aisce d’aon choiste ná d’aon eagras faoi láthair. Mar sin féin tá an-fhonn ar roinnt daoine sa cheantar dul ar aghaidh le togra fiúntach mar seo.

Osclaíodh an ‘Dingle Union Workhouse’ sa bhliain 1852 mar lárionad chun fóirithint a dhéanamh ar bhochtáin na dúiche sin a bhí go hainnis ar fad in éis an Ghorta Mhóir agus an méid a lean é sin. Timpeall le £8,100 a chosain sé ar an Dingle Poor Law Union an áit a thógáil agus a fheistiú. I measc na n-áiseanna a bhain le Tigh Bochtán a’ Daingin do bhí dílleachtlann agus orthu siúd a bhí ag freastal ar an scoil a bhain leis an dílleachtlann sin do bhí an t-údar mór ón mBlascaod, Muiris Ó Súilleabháin, i dtús an chéid seo caite.

Thóg Siúracha na Trócaire an tigh bochtán seo ar láimh sa bhliain 1889 agus dúnadh ar fad é don gcúram sin sa bhliain 1922. Ina dhiaidh sin is ospidéal ceantair, Ospidéal Naomh Éilís, a bhí ar bun ag na siúracha ann gur dúnadh ar fad é sa bhliain 2010 agus é faoi cheannas Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoin dtráth sin.

Ar na hothair cháiliúla a d’éag san ospidéal seo do bhí Peig Sayers, a d’éag ann agus í dorcha, sa bhliain 1958. Ar an tríú hurlár tá barda iomlán, nár athraíodh aon phioc, ó aimsir an Drochshaoil agus bheifí ag súil go bhfágfaí í sin mar atá, dá mbeadh ré nua i ndán don seanfhoirgneamh seo.

Fág freagra ar 'An bhfuil athbheochan i ndán do shean-ospidéal a’ Daingin?'