‘An bhféadfadh sibhse an cheist seo a fhreagairt dúinn, a Roinn na Gaeltachta?’ – díomá faoi aistriú ceist Dála

Fiafraíodh den Aire Ardoideachais Simon Harris cén plé a bhí ag a roinn le coiste náisiúnta nua a bunaíodh le plean a ullmhú chun príomhsprioc an dlí teanga a bhaint amach, ach cuireadh an cheist ar aghaidh go dtí Roinn na Gaeltachta

‘An bhféadfadh sibhse an cheist seo a fhreagairt dúinn, a Roinn na Gaeltachta?’ – díomá faoi aistriú ceist Dála

Chuir an Roinn Ardoideachais ceist Dála faoina ról i bplean earcaíochta an Rialtais don Ghaeilge ar aghaidh go dtí Roinn na Gaeltachta seachas í a fhreagairt iad féin.

Léiriú ab ea aistriú na ceiste Dála ar “neamhaird iomlán” na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais ar sprioc na reachtaíochta teanga gur cainteoirí Gaeilge a bheadh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2023, a deir Éamon Ó Cuív.

D’fhiafraigh Ó Cuív den Aire Simon Harris cén plé a bhí ag a roinn leis an gcoiste náisiúnta nua a bunaíodh le plean a ullmhú chun príomhsprioc an dlí teanga nua a bhaint amach, ach cuireadh an cheist ar aghaidh go dtí Roinn na Gaeltachta chun go bhfreagrófaí í, rud a deir Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil a léiríonn dearcadh ar leith i dtaca leis an dlí teanga.

“An rud a dhéantar go minic nuair a thugtar dlí nua faoin nGaeilge isteach, tugtar neamhaird uilig ar impleachtaí an dlí sin. Ní dhéantar aon ghníomh chun an dlí a chur i bhfeidhm. Tá sé ag tarlú arís.

“Tá siadsan, an Roinn agus an tAire, ag diúltú aon fhreagracht a ghlacadh as an sprioc a bhaint amach. Na freagraí a fuair mé go dtí seo, ba léir nach raibh aon suim ag an Roinn sin ná ag an tAire sa reachtaíocht ná sa sprioc reachtaíochta cé nach féidir an sprioc a bhaint amach gan iad.

“An t-am seo níor bhac siad le haon fhreagra a chur ar fáil dom maith nó olc agus d’aistrigh siad anonn mé go dtí Roinn na Gaeltachta mar is léir go gceaptar anois gurb in an t-aon rannóg sa stát go mbaineann an Ghaeilge leo.”

Tá taighde á dhéanamh ag Ollscoil na Gaillimhe faoi na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge faoi láthair agus faoi na heasnaimh atá ann, taighde a chuirfear ar fáil don gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge.

Faoin gcoiste sin, a bunaíodh anuraidh, atá sé an plean náisiúnta earcaíochta a ullmhú chun príomhsprioc an dlí teanga nua a bhaint amach, is é sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

De réir na reachtaíochta, tá go dtí lár na bliana seo chugainn – an 19 Meitheamh 2024 – ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge chun an Plean Náisiúnta Earcaíochta a ullmhú.

Deir Éamon Ó Cuív go bhfuil am á chur amú agus nár chóir a bheith ag fanacht ar thaighde ná plean earcaíochta chun tús a chur leis na hathruithe ag an tríú leibhéal a bheidh riachtanach, dar leis, má táthar chun an sprioc 20% a bhaint amach.

“Ní gá taighde a dhéanamh. Tóg mar shampla dochtúirí le Gaeilge. Tá a fhios againn go bhfuil siad ag teastáil anois agus ba chóir rud éigin a dhéanamh faoi anois. Tá sin fíor ar fud an chórais. Tá an fhianaise againn.

“Tá na bearnaí fíorshoiléir agus ba chóir a bheith tosaithe á líonadh a luaithe is a foilsíodh an reachtaíocht. Ní fada go mbeimid ag bogadh isteach in 2024, agus is léir domsa go mbeidh sé dodhéanta na spriocanna earcaíochta a bhaint amach.

Ba cheart go mbeadh cúrsaí nua ag tosú i ngach ollscoil sa tír agus iad ag cur oiliúna ar dhaoine i nGaeilge. Níl agus ní léir go mbeidh go luath agus mar sin ní fiú a bheith ag caint ar 20%.”

Thagair Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan do roinnt beartas atá á dhéanamh ag a roinn i dtaca leis an sprioc. Dúirt sé go raibh athbhreithniú le déanamh ag Roinn na Gaeltachta ar scéim a dhíríonn ar chainteoirí Gaeilge a sholáthar don Aontas Eorpach agus é i gceist an scéim a leasú le go mbeadh sé dírithe ar oiliúint a chur ar dhaoine d’fholúntais in Éirinn.

Dúirt an tAire O’Donovan go raibh líonraí Gaeilge le bunú chomh maith chun tacú le foghlaimeoirí agus cainteoirí Gaeilge atá sa tseirbhís phoiblí cheana féin.

Dúirt sé go raibh scéim printíseachta á bunú ag a Roinn chun ‘Speisialtóirí Gaeilge’ a sholáthar ag leibhéal an oifigigh fheidhmigh sa státseirbhís, scéim atá á forbairt i gcomhar leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais.

Luaigh sé freisin an feachtas feasachta atá beartaithe ag an Rialtas i mbliana chun an pobal a chur ar an eolas maidir leis na deiseanna atá ann don Ghaeilge faoin acht.

Tá ceisteanna á gcur le tamall ag Éamon Ó Cuív ar an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris faoi na pleananna atá ag roinn cabhrú leis an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach.

Dúirt an Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta anuraidh go raibh sé ar nós go raibh an tAire Ardoideachais Simon Harris “ag tabhairt an dá mhéar” d’Aire Stáit na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn ag an tríú leibhéal.

Fág freagra ar '‘An bhféadfadh sibhse an cheist seo a fhreagairt dúinn, a Roinn na Gaeltachta?’ – díomá faoi aistriú ceist Dála'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá géarghá an t-eolas fá sheirbhísí stáit trí mheán na gaeilge a scaipeadh ar achan mheánscoil agus bunscoil sa tír. Bheinn ag moladh ionadaí ó achan rannóg stáit cuairt a thabhairt ar achan ionad oideachais (bun, meán agus tríú leibhéal) sa tír agus cuir i láthair a dhéanamh do dhaltaí agus mic léinn chun iad a spreagadh leis an ghaeilg a úsáid ina saol fostaíochta agus go bhfuil ranna rialtais ag cuardú daoine leis an ghaeilg a chuir chun cinn sna ranna sin.

  • Pádraig O'hEipicín

    Má bhrúigh Simon Harris chomh dian ar son na Gaeilge is a rinne an Ghinmhilleadh.
    Bheadh cách sa Dáil agus dTeach na nDiúltaithe ag caint Gaeilge. An Bódánaí.