An 24 Meán Fómhair atá ann agus tá tús á chur le craobh iomána na hÉireann – is ait an mac an saol

Cuirfear tús le príomhchomórtas na hiomána um thráthnóna ach is ag Dia féin atá a fhios cathain a chríochnófar é

An 24 Meán Fómhair atá ann agus tá tús á chur le craobh iomána na hÉireann – is ait an mac an saol

Cian Lynch agus Séadna Morey. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhíomar go léir ag éisteacht go géar le focail an Taoisigh Micheál Martin oíche Dé Luain agus é ag fógairt an scéil a rabhamar ag súil leis, go gcuirfí srianta dianghlasála Leibhéal 5 i bhfeidhm sa stát le scaipeadh an Covid-19 a cheansú sa tír.

“Ní bheidh cead aon chluichí ná imeachtaí spóirt a imirt ach déanfar eisceacht i gcás na scothspórt, amhail CLG,” a dúradh i ndiaidh a óráide. Ciallaíonn san go mbeidh craobhchomórtas iománaíochta na hÉireann ag tosnú amárach, ar an gceathrú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair agus gan aon lucht féachana sna staideanna éagsúla.

Nach ait an abairt í sin ar mhórán cúiseanna. Dar ndóigh tá na comórtais shinsir go léir atá ag dul ar aghaidh idir dhá cheann na meá.

Cuirfear tús le príomhchomórtas na hiomána um thráthnóna ach is ag Dia féin atá a fhios cathain a chríochnóidh sé.

Dá mba ghnáthbhliain í seo, bheinn den tuairim gur Luimneach, a bhí an-mhaith sna cluichí sraithe a bheadh mar rogha agam don duais mhór. Bheadh Tiobraid Árann agus Loch Garman ar an ngearrliosta. Thabharfainn seans réasúnta do Chorcaigh, an Ghaillimh agus Cill Chainnigh.

Ach ní gnáthbhliain í seo agus ní hiad na gnáthfhadhbanna a chuireann isteach ó am go chéile ar fhoirne i rith an tséasúir amháin a bheidh ag cur isteach orthu i mbliana.

Má leanann an comórtas ar aghaidh beidh mórán fadhbanna eile acu i mbliana de bharr an Covid-19.

Tá mórán samplaí de na fadhbanna nua seo feicthe againn sna spóirt eile atá fós ar siúl. Chuir an víreas isteach go mór ar fhoireann sacair na hÉireann agus ar chlubanna éagsúla sa phríomhroinn in Éirinn. Bhí ráig taobh istigh de champa rugbaí na Mumhan. Tá stop curtha leis an haca agus an chispheil sa tír.

Beidh sé ina mhíorúilt má chríochnaítear an comórtas roimh dheireadh na bliana.
Agus mé ag cur na bhfocal seo ar phár tá na focail dheireanacha á rá i ndiaidh seisiúin traenála dheireanacha na bhfoirne a bheidh ag dul chun páirce an deireadh seachtaine seo. Cá bhfios cad atá rompu?

Bainisteoir Laoise, Eddie Brennan. Pictiúr: INPHO/Brian Reilly-Troy

Baile Átha Cliath agus Laois a chuirfidh tús le cúrsaí. Bhí Laois ag dul chun cinn go seoigh ó tháinig Eddie Brennan isteach mar bhainisteoir, ach gach seans go bhfuil maolú déanta ar an bhforbairt sin anois. Maidir le hÁth Cliath, bhuel ní raibh siad iontach sa chomórtas sraithe. Níor bhuadar ach dhá cluiche, i gcoinne Cheatharlach agus Laoise. É sin ráite bhí an-bhua ag Laois orthu sa réamhbhabhta ceathrú ceannais craoibhe anuraidh. Agus gan aon chluiche imeartha acu ón Márta tá sé deacair a dhéanamh amach cé leis a bheidh an lá.

Tráthnóna amárach Luimneach agus contae an Chláir a bheidh in adharca a chéile, cluiche a bheidh á thaispeáint ag RTÉ. Dála an chluiche eile, táimid ar ghannchuid fianaise anseo seo chomh maith agus tuar á dhéanamh againn. Ach, ar pháipéar, pé luach atá air sin, measaim go bhfuil painéal níos láidre ag Luimneach. Bronnfar corn na sraithe ar an mbuaiteoir anseo. Chríochnaigh Luimneach ar bharr ghrúpa 1A agus bhí an Clár ar bharr 1B agus deineadh cinneadh in am seo an choróinvíris go mbeadh an tsraith idir an dá fhoireann ar bharr. Más féidir le Luimneach Tony Kelly a choimeád ciúin gach seans go mbeidh siadsan ag imirt in aghaidh Thiobraid Árann an deireadh seachtaine seo chugainn.

Fág freagra ar 'An 24 Meán Fómhair atá ann agus tá tús á chur le craobh iomána na hÉireann – is ait an mac an saol'