Amhras ar Ghearóid Denvir faoi thiomantas an stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

Tagann an tráth a gcaitear cearta bunúsacha a éileamh trí labhairt amach gan fuacht gan faitíos, a dúirt Uachtarán nua an Oireachtais ag ócáid a insealbhaithe aréir

Amhras ar Ghearóid Denvir faoi thiomantas an stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

Tá amhras léirithe ag Uachtarán nua-cheaptha an Oireachtais, Gearóid Denvir, faoi thiomantas an stáit, idir “an rialtas tofa agus bhuanrialtas na státseirbhíse” don Ghaeilge ná don Ghaeltacht.

Ag labhairt dó ag ócáid a insealbhaithe mar Uachtarán ar Oireachtas 2020 i mBóthar na Trá, Gaillimh aréir, dúirt an t-iar-ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh go dtagann an tráth a gcaitear “cearta bunúsacha a éileamh trí labhairt amach gan fuacht gan faitíos” agus dúshlán na bunaíochta a thabhairt mar a rinne bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge i dtús an fichiú haois, agus muintir Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta leathchéad bliain ó shin.

Agus é ag tagairt d’easpa tiomantais an stáit don Ghaeilge, thagair Gearóid Denvir “don síorionsaí agus an síorchreimeadh ar ionad na Gaeilge sa gcóras oideachais, nó sna forais éagsúla stáit atá ceaptha a bheith faoi réir ag forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla”.

Dúirt sé go dtagann pobal na Gaeilge le chéile ag an Oireachtas le “ceiliúradh a dhéanamh orainn féin, ar ár n-oidhreacht, ar ár bhféiniúlacht mar dhaoine daonna agus mar bhaill dár bpobail éagsúla”.

Dúirt an tUachtarán nua go raibh “fís áirithe againn i gcomhpháirtíocht lena chéile maidir leis an gcineál Éireann is ansa linn, fís atá fréamhaithe san aisling a chruthaigh agus a chothaigh an tOireachtas agus bunaitheoirí an stáit ó thús.”

Pobal “forásach bisiúil nua-aoiseach” é pobal na teanga, dar le Denvir agus bhí moladh ar leith aige don óige as a bpáirtíocht i bhféile an Oireachtais.

“Saibhreas oidhreachta cultúrtha agus teanga atá na daoine óga seo a thabhairt leo le dúchas agus le hoiliúint, saibhreas nár chodail amuigh, ach a chuireas agus a chuirfeas ar a súile dóibh cé hiad féin, agus cé dar díobh iad, agus iad ag dul i mbun an tsaoil mhóir,” a dúirt sé.

Dúirt an tUachtarán nua-cheaptha go raibh sé ag freastal ar an Oireachtas ón bhliain 1967 nuair a tionóladh é san RDS i mBaile Átha Cliath, “i bhfoisceacht leathmhíle den áit inar rugadh agus inar tógadh mé” agus tá sé ag freastal ó shin air bliain i ndiaidh bliana. Níl aige ach “cuimhní geala Oireachtais” agus is “onóir agus pribhléid ar leith” dó a bheith ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge don bhliain 2020, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Amhras ar Ghearóid Denvir faoi thiomantas an stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht'

  • Tír na mBodhrán

    Cé hiad na daoine óga seo a “chodail amuigh” a luaitear san alt?
    Cén áit lasamuigh a chodlaíonn na daoine óga seo amuigh?

    De réir na saineolaithe thosnaigh an síorchodladh amuigh sna 1970daí agus dar leo is é is mó is cúis le caighdeánachachas na breacGhaeilge sa mapa agus tuirsiúlachta na daoine a chodail isitigh.
    Cé hiad a chodail istigh? Ceist mhaith eile. An iad lucht Steip, an Neamhúdarás, gluaiseacht na Géarla nó na coillteánachaí acaidiúla is cúis lenár easpa eolais faoi na daoine boochta óga “codail amuigh” seo agus iad amach amuigh ansin ina síorchodladh lamuigh.
    Sin í an cheist?.

  • Seosamh O Ciardha

    An cheart aige_ni raibh rialtas ar bith tiomanta don teanga na don ghaeilge riamh_ni chothaionn na briathre na braithre_ni chothaionn siad an teanga ach an oiread_gniomhaiocht ata ag teastail_sean phort gan amhras _an bhhuil se seinnte?