Amhránaithe óga ar an sean-nós á lorg do scannán a bheidh á thaifeadadh i 2016

Tá an ghníomhaireacht aisteoireachta Rowan Casting ar thóir buachaillí óga a bhfuil stíl amhránaíochta Chonamara agus scileanna aisteoireachta acu do scannán a dhéanfar an bhliain seo chugainn

Film Camera Movie

Tá buachaill óg idir 9 agus 12 bliain d’aois, agus a bhfuil an amhránaíocht ar an sean-nós aige, ag teastáil ón ngníomhaireacht aisteoireachta Rowan Castings le haghaidh scannáin a bheidh á thaifeadadh an bhliain seo chugainn.

Beidh éisteachtaí ar siúl in Indreabhán an Satharn beag seo, an 19 Nollaig.

Ní mór do na buachaillí óga a bheidh ag cur isteach ar an bpáirt amhránaíocht i stíl Chonamara agus scileanna aisteoireachta a bheith acu freisin.

Tá obair déanta ag an gcomhlacht Rowan Casting leis na scannáin Adam and Paul, Garage, Kings agus na cláracha teilifíse The Clinic, Pure Mule agus Moone Boy.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Amy Rowan le tuilleadh eolais a fháil faoi na héisteachtaí trí ríomhphost a sheoladh chuig amy@rowancasting.ie.

Fág freagra ar 'Amhránaithe óga ar an sean-nós á lorg do scannán a bheidh á thaifeadadh i 2016'