Amhrán Gaeilge nua cumtha in ómós do Naomh Bríd

Susan Quirke agus Enda Gallery a chum agus a chasann an t-amhrán ‘Ó a Bhríd – Ode to Brigid’

Amhrán Gaeilge nua cumtha in ómós do Naomh Bríd

 

Tá amhrán nua Gaeilge cumtha ag beirt cheoltóirí atá ag cur fúthu i gcontae an Chláir chun Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh.

Susan Quirke agus Enda Gallery a chum agus a chasann an t-amhrán ‘Ó a Bhríd – Ode to Brigid’, a taifeadadh i stiúideo Gallery i gCill Fhionnúrach.

Dúirt Quirke go rabhadar ag iarraidh urraim a thabhairt san amhrán do spiorad Naomh Bríd, d’fhéile Imbolc, do theacht an earraigh agus don nasc atá idir Naomh Bríd agus contae an Chláir.

“Thaifead muid glór an uisce ag rith as Tobar Bhríde i Lios Ceannúir ionas go mbeadh fuaim an Chláir ina chuid den amhrán féin. Amhrán séimh simplí é seo a bhfuil na siombailí a bhaineann le Bríd ina lár, an tine, an t-uisce agus an crann darach,” a dúirt Quirke.

“Tá buille bog an bhodhráin le cloisteáil sa gcúlra amhail buille an chroí. Is geall le mantra é seachas an fhuaim a bhfuil daoine ina cleachtadh.”

Herstory, grúpa a dhéanann ceiliúradh ar mhná ón miotaseolaíocht, ón stair agus ón lá inniu, a choimisiúnaigh an t-amhrán nua. Bhí Herstory i mbun feachtais roimhe seo chun lá saoire phoiblí a dhéanamh de Lá Fhéile Bríde.

Tá an t-amhrán le fáil ar Spotify, Apple, Bandcamp agus ardáin eile ón 1 Feabhra.

Fág freagra ar 'Amhrán Gaeilge nua cumtha in ómós do Naomh Bríd'