Amhráin Ghaeilge á lorg ag Christmas FM dá chomórtas amhrán i mbliana agus súil le clár Gaeilge in 2018

Dúirt comhbhunaitheoir an stáisiúin Garvan Rigby go bhfuil súil aige go gcuirfidh 'daoine atá in ann amhráin i nGaeilge a scríobh agus a chanadh' isteach ar chomórtas na bliana seo

Amhráin Ghaeilge á lorg ag Christmas FM dá chomórtas amhrán i mbliana agus súil le clár Gaeilge in 2018

Tá amhráin Ghaeilge á lorg ag lucht Christmas FM dá gcomórtas scríofa amhrán i mbliana agus tús curtha inniu le craoladh na Nollag 2017.

Reáchtálann an stáisiún deonach, nach gcasann aon cheol seachas ceol Nollag ar feadh na seachtainí roimh Lá Nollag, comórtas scríofa amhrán gach bliain le hamhráin nua Nollag a aimsiú do chláir an stáisiúin.

Dúirt comhbhunaitheoir an stáisiúin, Garvan Rigby, le Tuairisc.ie go bhfuil súil aige go gcuirfidh “daoine atá in ann amhráin i nGaeilge a scríobh agus a chanadh” isteach ar chomórtas na bliana seo.

“Déanaimid comórtas amhrán a reáchtáil gach bliain agus go bhfios domsa níor cuireadh aon amhrán Gaeilge isteach riamh air cheana. Is cinnte go gcasfaimis amhrán Gaeilge dá bhfaighimis ceann ar ardchaighdeán. Ba bhreá liom spreagadh a thabhairt d’amhránaithe a bhfuil Gaeilge acu a saothar a chur faoinár mbráid,” a dúirt sé.

Dúirt Rigby go bhfuil athrú ar rialacha an chomórtais i mbliana agus go gcuirfear fáilte roimh athleaganacha d’amhráin mhóra Nollag.

“Go dtí seo, amhráin nuachumtha amháin a bhíodh á lorg againn ach tá na rialacha athraithe againn i mbliana agus cuirfimid fáilte roimh leaganacha nua d’amhráin Nollag a taifeadadh cheana. Tabharfaidh sé sin deis do dhaoine a bhfuil bua an cheoil acu ach nach bhfuil bua na scríbhneoireachta acu cur isteach ar an gcomórtas.

“Beidh fáilte, ar ndóigh, mar sin, roimh leaganacha Gaeilge d’amhráin Nollag a taifeadadh i dteanga eile cheana freisin. Is é an rud is tábhachtaí dúinne ná go mbeadh an t-amhrán ar ardchaighdeán agus go mbainfidh ár n-éisteoirí taitneamh as,” a dúirt sé.

Fuarthas tuairim is 80 iarratas ar an gcomórtas amhrán anuraidh agus tá Christmas FM ag súil leis an méid sin, ar a laghad, arís i mbliana. Roghnaíonn painéal moltóir na sé amhrán is fearr agus castar ar an stáisiún iad le go mbeadh an lucht éisteachta in ann a mbreith a thabhairt agus buaiteoir a roghnú.

Ní mór d’iarrthóirí a bheith ina gcónaí sa stát ó dheas agus caithfear gach iarratas a uaslódáil chuig an suíomh roinnte fuaime Soundcloud. Glacfar le hiarratais go dtí an 5 Nollaig ag 11 a chlog san oíche.

Fógrófar buaiteoir an chomórtais ar chlár Garvan Rigby féin, Brekkie Show, idir 7-10am ar an 11 Nollaig. Ba é Malcolm Lally, as Gaillimh, a bhuaigh an comórtas anuraidh.

Idir an dá linn, tá Christmas FM agus an stáisiún popcheoil Raidió Rí ag obair as lámha a chéile leis an bpobal a spreagadh Gaeilge a labhairt i gcaitheamh na Nollag.

Tá míreanna fuaime taifeadta ag Niamh Ní Chróinín, bainisteoir Raidió Rí Rá, ina múinfear focail agus frásaí Nollag don lucht éisteachta agus craolfar iad idir na hamhráin ar Christmas FM as seo go dtí an Nollaig.

Tá an dá stáisiún i mbun cainte le clár lánGhaeilge a chraoladh mar chuid de sceideal Christmas FM in 2018 freisin.

Fág freagra ar 'Amhráin Ghaeilge á lorg ag Christmas FM dá chomórtas amhrán i mbliana agus súil le clár Gaeilge in 2018'

  • Malachy Duffin

    A Chairde,

    Cén fáth gur amhránaithe/cumadóirí as an Saorstát amháin atá i dteideal cur isteach ar an gcomórtas seo – tá neart Gaeilge/amhránaithe/cumadóirí ar an taobh abhus den teorainn freisin.

    Ach, an bhfáilteofar roimh amhráin Nollag as Gaeilge ó dhaoine ón taobh seo den teorainn nach gá a chur isteach don chomórtas agus go seinnfí iad ar bhur stáisiún?

    Le gach dea-mhéin