Insealbhaíodh Máirín Uí Chonghaile as Inis Meáin tráthnóna mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge do 2018 ag searmanas i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath.
Agus slabhra Uachtarán Oireachtas na Gaeilge bronnta uirthi tráthnóna, dúirt Máirín Uí Chonghaile gur mór an onóir di a ceapachán “san oifig ghradamúil seo”.
“Tá baint agam leis an Oireachtas le fada an lá agus tá ríméad orm a bheith i m’Uachtarán ar eagraíocht náisiúnta a bhfuil stair chomh huasal agus chomh hársa aici agus atá fós i dtiúin le daoine óga agus daoine aosta, i nGaeltacht agus i nGalltacht, agus a mhealladh iad le bheith bródúil as an nGaeilge agus as ealaíona ár sinsear – an sean-nós, an ceol, an damhsa, an scéalaíocht agus na healaíona traidisiúnta ar fad,” a dúirt Máirín Uí Chonghaile.
I ráiteas a chuir Oireachtas na Gaeilge amach tráthnóna, dúradh gur bean Ghaeltachta í Máirín a fáisceadh “as oidhreacht shaibhir teanga, cultúir agus staire” Inis Meáin agus “atá tiomanta do chothú agus do chur chun cinn na hoidhreachta sin”.
Dúradh gur ball “dílis, buanseasmhach í den mheitheal náisiúnta a thugann a gcuid ama agus a gcuid sainscileanna do reáchtáil mhórfhéile náisiúnta na nGael, Oireachtas na Samhna” agus a thacaíonn chomh maith le himeachtaí agus le féilte cultúir agus ealaíne eile ó cheann ceann na tíre.
Dúirt Uachtarán an Oireachtais Liam Ó Maolaodha gur beag duine sa tír a bhfuil oiread eolais aige ná aici ar an Oireachtas agus atá ag Uachtarán an Oireachtais 2018.
“Is eiseamláir dúinne mar Ghaeil é dílseacht Mháirín don Ghaeilge, don Ghaeltacht, do na healaíona traidisiúnta agus dá fód dúchais féin, Inis Meáin agus tá an t-ádh orainne go bhfuil an dílseacht chéanna sin aici d’Oireachtas na Gaeilge.
“Beidh sí ina hambasadóir den scoth ar son an Oireachtais i gcaitheamh na bliana amach romhainn,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Uachtarán an Oireachtais.
Learraí
Bean éirimiúil chorráistiúil is léir. Ní chuireann sí aon dath ina cuid gruaige agus tá sí go hálainn!
Rónán
Comhgairdeas leat
Brian-less
Bean lách, ionraic, álainn.
Comhghairdeas, a Mháirín!
Mártan
Nár laga Dia thú a Mháirín. Is maith an oidhe ort é mar níl fleadh, féasta, ócáid ná imirt nach ndéanann tú freastal orthu, má tá tríáil ar bith agat.
Áine Seoighe
Comhghairdeachas leat a bhean chroí agus bain sásamh as do bhliain. Tá sé tuillte go maith agat. Go néirí go heal leat