Am agus fuinneamh príomhoidí á gcur amú ag míniú díolúine na Gaeilge do thuismitheoirí míshásta

Deir stiúrthóir chumann na bpríomhoidí iar-bhunscoile go bhfuil ardú tagtha ar líon na n-iarratas a fhaigheann príomhoidí ó thuismitheoirí ar dhíolúine dá bpáistí ó tháinig córas nua isteach

Am agus fuinneamh príomhoidí á gcur amú ag míniú díolúine na Gaeilge do thuismitheoirí míshásta

Tá am agus fuinneamh á gcur amú ag príomhoidí scoileanna ag plé le tuismitheoirí nach bhfuil sásta glacadh leis nach bhfuil a bpáistí i dteideal díolúine a fháil ón nGaeilge.

B’in cuid dá raibh le rá tráthnóna inné ag Stiúrthóir Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na LeasPhríomhoidí, Paul Crone, agus é ag caint ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais.

Dúirt Crone go gcuireann córas nua na ndíolúintí brú ar phríomhoidí tuilleadh díolúintí ón nGaeilge a bhronnadh ar dhaltaí.

Faoin gcóras nua a thug an Roinn Oideachais isteach in 2019, is faoi phríomhoidí atá sé díolúine ón nGaeilge a cheadú de réir chritéir reatha na Roinne. Roimhe seo, bhíodh tuairisc ó shíceolaí riachtanach chun a leithéid a fháil.

Dúirt Stiúrthóir an NAPD go raibh ardú mór tagtha ar líon na n-iarratas a fhaigheann príomhoidí ó thuismitheoirí ar dhíolúine dá bpáistí ó tháinig an córas nua isteach.

An toradh a bhí ar seo ná “ualach oibre i bhfad níos mó” don phríomhoide, a dúirt sé.

“Cé go bhfuil na critéir sa chiorclán maidir leis an díolúine soiléir agus go mbíonn fianaise ag teastáil, deir go leor príomhoidí go mbíonn roinnt tuismitheoirí an-diongbháilte faoin scéal bíodh is nach mbíonn dóthain fianaise ann chun díolúine ó staidéar na Gaeilge a cheadú dá bpáiste,” a deir Paul Crone, Stiúrthóir an NAPD, ceardchumann na bpríomhoidí iar-bhunscoile.

“Tógann an plé, an míniú agus an idirbheartaíocht seo leis an tuismitheoir go leor ama agus caitheann an Príomhoide go leor fuinnimh leis, agus is féidir cás a dhéanamh go bhféadfaí leas níos fearr a bhaint as an am agus as an bhfuinneamh sin ach iad a bheith dírithe áit éigin eile.”

Dúirt stiúrthóir an chumainn go mbíonn nós ag daltaí teacht go dtí an iar-bhunscoil le tamall de bhlianta anuas agus gan a gcuid “páipéarachais” don díolúine a bheith déanta i gceart acu.

“B’fhéidir go ndearna siad staidéar ar an nGaeilge ina mbunscoil nó b’fhéidir nach ndearna. Is é an rud a tharlaíonn ansin san iar-bhunscoil ná go ndéantar iarratas leis an bpríomhoide iar-bhunscoile le haghaidh díolúine ón nGaeilge agus de ghnáth déantar an t-iarratas sin nuair a thagann siad isteach sa chéad bhliain nó nuair atá siad ag ullmhú do scrúduithe stáit.”

Dúirt Stiúrthóir Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na LeasPhríomhoidí, Paul Crone, go gcaithfear dianmhachnamh a dhéanamh ar stádas na Gaeilge sa chóras oideachais lena chinntiú go dtabharfar cosaint di mar chroí-ábhar.

Dúirt sé go raibh córas na ndíolúintí ag cruthú deacrachtaí eile do scoileanna chomh maith, go háirithe nuair atá amchlár na scoile á leagan amach.

“Nuair a thugtar díolúine do dhalta ón nGaeilge, go minic bainfidh siad leas as an tacaíocht foghlama nuair atá daltaí eile ag déanamh staidéar ar an nGaeilge, ach tá ardú ag teacht ar líon na ndaltaí, agus a dtuismitheoirí,  a bhíonn ag iarraidh ábhar eile a dhéanamh seachas an Ghaeilge, de réir an chiorcláin.

“Cruthaíonn sé seo fadhb ar leith do scoileanna mar nach bhfaigheann siad aon mhúinteoirí breise chun an rogha seo a chur ar fáil do dhaltaí. Déanann scoileanna iarracht freastal ar na daltaí leis na hacmhainní atá sa scoil cheana féin.”

Bhí cruinniú an lae inniu leis an NAPD ar an gceann is déanaí i sraith cruinnithe atá á heagrú ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta chun scagadh a dhéanamh ar cheist chonspóideach na díolúine Gaeilge.

Léirigh anailís a rinne Tuairisc go bhfuil ardú 20% tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil díolúine ón nGaeilge ó tháinig an córas nua i bhfeidhm in 2019.

Seo in ainneoin go ndúirt an Roinn Oideachais ag an am go raibh an córas sin á thabhairt isteach chun “rud annamh agus eisceachtúil” a dhéanamh den díolúine.

Ag cruinniú eile den choiste níos túisce an mhí seo, dúirt Ard-Rúnaí an INTO, John Boyle, gur pléadh córas nua na ndíolúintí le príomhoidí bunscoile agus gur mheas siad go raibh brú orthu níos mó díolúintí a cheadú ó tháinig córas nua na ndíolúintí i bhfeidhm in 2019. Bhraith siad faoi bhrú ó thuismitheoirí agus ó iarbhunscoileanna díolúintí a cheadú, a dúradh.

Dúradh freisin go raibh formhór den 400 príomhoide bunscoile a ghlac páirt i seimineáir den tuairim nár cheart díolúintí a bhronnadh ag leibhéal na bunscoile.

Dar leis an INTO, caithfear féachaint in athuair ar “choincheap” na díolúine féin, go háirithe i bhfianaise athruithe ar an gcuraclam bunscoile agus mar gheall ar an gcaint faoi nuatheanga Eorpach eile a chur á teagasc ag an mbunleibhéal.

Tá imní léirithe acu siúd a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais faoin tionchar a bheidh ag an ardú ar líon na ndíolúintí ar an nGaeilge mar ábhar scoile agus mar theanga amach anseo.

Léirigh anailís de chuid Tuairisc ar Ardteist 2022 nach raibh 22.4% de dhaltaí a fuair a dtorthaí an mhí seo caite cláraithe d’aon scrúdú Gaeilge, líon níos airde ná mar a bhí aon bhliain eile le scór bliain anuas.

Sular tugadh an córas nua isteach in 2019, ghéill an Roinn Oideachais go mbíonn 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtar do dhaltaí “mícheart”.

Fág freagra ar 'Am agus fuinneamh príomhoidí á gcur amú ag míniú díolúine na Gaeilge do thuismitheoirí míshásta'

  • Eimear

    Seafóid: níl ach foirm á shíniú acu.

  • Dónall

    B’fhiú don Iriseoir a rá an as Gaeilge a rinne an NAPD a gcuid cainte??

  • Sean

    Spéisiúil nár luaigh Tuairisc.ie gur tugadh an píosa cainte as Béarla. Iriseoireacht??!!