‘Alt-right’, ‘post-truth’, agus ‘cultural diversity’ curtha le Foclóir.ie agus a bheith istigh tugtha do ‘Breatimeacht’

Cuireadh 4,700 focal le suíomh an fhoclóra ar maidin. Tá 140,000 aonad difriúil céille ar an suíomh anois agus téarmaí atá go mór i mbéal an phobail faoi láthair anois ar fáil i nGaeilge

‘Alt-right’, ‘post-truth’, agus ‘cultural diversity’ curtha le Foclóir.ie agus a bheith istigh tugtha do ‘Breatimeacht’

Tá ‘alt-right’ (an eite dheas ailtéarnach), ‘post-truth’ (iarfhírinne), agus ‘cultural diversity’ (ilchineálacht chultúrtha) i measc na bhfocal  a cuireadh leis an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge ar maidin.

Is téarmaí iad sin a luadh go minic i rith na bliana seo caite agus Hilary Clinton agus Donald Trump ag seasamh d’Uachtaránacht na Stát Aontaithe. Tháinig na téarmaí chun cinn go mór le linn an phlé faoin reifreann ar imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus ar tharla i ndiaidh an reifrinn sin.

Cuireadh 4,700 ceannfhocal nua ar fad leis an bhfoclóir ar maidin agus 10,000 aonad céille istigh leo sin. Fágann sé sin go bhfuil 48,000 iontráil san fhoclóir anois – sprioclíon an fhoclóra beo ar an suíomh. Nuair a tosaíodh ar an tionscadal os cionn trí bliana ó shin, leagadh bunsprioc 90,000 aonad céille amach. Tá an sprioc sin sáraithe “go cuimsitheach” ag foireann an fhoclóra anois agus an togra tugtha chun críche agus 140,000 aonad céille ar an suíomh.

Beidh obair chothabhála ar siúl ag foireann an fhoclóra ar an suíomh go rialta ach tá an bunliosta ceannfhocal a bailíodh ag tús an tionscadail críochnaithe anois.

Roghnaíodh na focail dheiridh seo a uaslódáladh bunaithe ar a minicíocht sa Bhéarla, aiseolas ón bpobal agus taighde ar na focail is mó cuardach ar an suíomh. Bunaítear an rogha chomh maith ar na himeachtaí a bhíonn go mór i mbéal an phobail.

An geábh seo, díríodh ar liostaí áirithe a chríochnú, cathracha agus tíortha an domhain mar shampla, ábhar ón Atlas Bunscoile, téarmaíocht atá le fáil sna curaclaim scoile sa dá dhlínse, agus focail a úsáidtear i mBéarla na hÉireann.

Anuas ar na focail agus na téarmaí polaitíochta thuasluaite, cuireadh na focail seo a leanas atá go mór i mbéal an phobail le tamall anuas leis an bhfoclóir: ‘fatal foetal abnormality’ (mínormáltacht mharfach féatais), ‘selfie stick’ (maide féinín), ‘direct provision’ (soláthar díreach), agus ‘fiscal space’ (spás fioscach).

Tá na stáit uile i Stáit Aontaithe Mheiriceá le fáil anois ar an suíomh, stáit a bhfuil leaganacha seanbhunaithe dá n-ainm ar fáil i nGaeilge, leithéidí ‘New York’ (Nua-Eabhrac), chomh maith leis na stáit sin nach bhfuil leagan oifigiúil Gaeilge den ainm ann, leithéidí ‘Colorado’.

I measc na bhfocal is mó cuardach gan toradh le cúpla mí anuas bhí ‘relatable’ , ‘Brexit’ (Breatimeacht), ‘chipper’ (siopa sceallóg), ‘county final’ (cluiche ceannais an chontae), ‘active learning’ (foghlaim ghníomhach) agus ‘mindfulness’ (aireachas). Beidh toradh agat ar na cuardaigh sin feasta ó cuireadh na focail sin agus tuilleadh leis an bhfoclóir ar maidin.

Bíonn foghlaimeoirí Gaeilge ó gach cearn den domhan ag tarraingt ar shuíomh an fhoclóra bliain i ndiaidh bliana, mar a léirítear sna staitisticí a chuir lucht an fhoclóra ar fáil do Tuairisc.ie an mhí seo caite. Is mór an cúnamh an foclóir, a d’fhorbair Foras na Gaeilge, do na foghlaimeoirí idirnáisiúnta sin, ach cuirfidh cainteoirí Gaeilge na hÉireann, idir chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí, spéis ar leith sa rannóg dheiridh a cuireadh leis an bhfoclóir inniu, focail as Béarla na hÉireann.

Beidh Gaeilge oifigiúil ar fáil don té a mbeadh sí uaidh ar leithéidí ‘dirt bird’ (slíomadóir), ‘banjaxed’ (scriosta), ‘skelp’ (sceilp), ‘holy show’ (náire shaolta) agus ‘stocious’ (stiúgtha ólta).

Tá tuilleadh glantacháin déanta ar ábhar an tsuímh freisin, bunaithe ar aiseolas ón bpobal. Dúirt Cathal Convery, bainisteoir an tionscadail, go bhfuiltear fíorbhuíoch de na daoine a chuireann aiseolas chuig lucht an fhoclóra.

Beidh nuashonrú le fáil saor in aisce ar aip an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge go luath leis na hiontrálacha nua a cuireadh leis an suíomh inniu. Táthar ag súil go mbeidh aip do Teanglann.ie, an suíomh ar a bhfuil leaganacha digiteacha d’fhoclóirí Uí Dhomhnaill agus de Bhaldraithe, ar fáil amach sa bhliain.

Fág freagra ar '‘Alt-right’, ‘post-truth’, agus ‘cultural diversity’ curtha le Foclóir.ie agus a bheith istigh tugtha do ‘Breatimeacht’'