Aire Stáit ‘fós ag súil’ le toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais an samhradh seo chugainn

Fágadh an bille chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais ar lár ón liosta píosaí reachtaíochta a bhfuil ‘tosaíocht’ á tabhairt ag an Rialtas dá bhfoilsiú i mbliana

Aire Stáit ‘fós ag súil’ le toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais an samhradh seo chugainn

Níl Aire Stáit na Gaeltachta ábalta a dhearbhú go mbeidh toghchán Údarás na Gaeltachta á thabhairt ar ais i Meitheamh 2024 mar atá beartaithe ag an Rialtas.

Nuair a cheistigh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Mairéad Farrell an tAire Patrick O’Donovan faoin ábhar, ní raibh sásta ach a rá go bhfuiltear “fós ag súil leis na toghcháin d’Údarás na Gaeltachta a reáchtáil i Meitheamh 2024″

Cuirfidh ráiteas an Aire Stáit leis an amhras atá ann faoina bhfuil i ndán do thoghchán an Údaráis ó fágadh an bille chun an toghchán a thabhairt ar ais ar lár ón liosta píosaí reachtaíochta a bhfuil ‘tosaíocht’ á tabhairt ag an Rialtas dá bhfoilsiú i mbliana.

Dúirt an tAire Stáit go raibh moltaí Choiste Oireachtais na Gaeilge faoin mbille “á mbreithniú” ag a Roinn faoi láthair.

22 moladh atá i dtuarascáil an Choiste faoin réamhscrúdú reachtaíochta a rinne siad ar an mbille, scrúdú ar tháinig deireadh leis mí Iúil seo caite.

Measadh go raibh práinn ag baint le foilsiú bhille an Údaráis ó tharla go raibh sé beartaithe ag an Rialtas an toghchán a rith in éineacht leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha an bhliain seo chugainn.

Ach ní raibh bille leasaithe Údarás na Gaeltachta i measc na 27 píosa reachtaíochta a deirtear ar ‘Clár Reachtaíochta an Rialtais – Seisiún an Fhómhair 2023’ go bhfuil tús áite á thabhairt dóibh.

D’fhág an cinneadh bille an Údaráis a fhágáil ar lár ar an liosta sin go raibh amhras ar iar-aire Gaeltachta nach dtabharfaí ar ais an toghchán an Meitheamh seo chugainn mar atá geallta.

Bille toghcháin Údarás na Gaeltachta fágtha ar lár ó liosta tosaíochtaí an Rialtais

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív le Tuairisc le déanaí nach bhfuil “croí” Fhine Gael sa chinneadh go reáchtálfaí arís na toghcháin ar cuireadh deireadh leo in 2012.

Ag labhairt dó inné, dúirt Ó Cuív go raibh a thuilleadh amhrais anois air nach mbeadh an toghchán ann mí an Mheithimh.

“Níl ach sé seachtaine fágtha go dtí briseadh na Nollag, ansin ní bheidh an Dáil ar ais go dtí lár mhí Eanáir. D’fhéadfaí an bille a chur tríd le ‘guillotine’ [gan aon leasuithe a phlé] ach bheadh sé ina chocstí ansin.

“Bille tábhachtach é seo a bhfuil ionadaíocht phoiblí i gceist ann agus beidh na hionadaithe poiblí i dTeach Laighean ag iarraidh é a phlé. Mura mbeidh an bille rite faoi Lá Fhéile Pádraig, déan dearmad air, beidh sé ródhéanach,” arsa Éamon Ó Cuív.

Mí Iúil seo caite a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go mbeadh toghchán do bhord an Údaráis á reáchtáil i mí an Mheithimh in éineacht leis na toghcháin Eorpacha agus áitiúla.

Is ar liosta na mbillí a bhfuil tosaíocht á tabhairt dá ndréachtú atá bille an Údaráis. Murab ionann agus formhór na mbillí ar an liosta sin tá an réamhscrúdú reachtaíochta déanta cheana ar bhille an Údaráis.

Cé nach bhfuil sé ar liosta na mbillí a bhfuil tús áite á thabhairt dóibh i mbliana, dúirt urlabhraí ó Roinn an Taoisigh le Tuairisc an mhí seo caite gur “tosaíocht i gcónaí” acu é bille leasaithe an Údaráis.

“Is cinnte go bhféadfadh go bhfoilseofaí an Bille roimh an Nollaig, ach an obair dhréachtaithe a bheith curtha i gcrích,” a dúirt an t-urlabhraí.

De réir cheannteidil an bhille don toghchán, bord 16 comhalta a bheadh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus dhéanfadh an pobal deichniúr ball a thoghadh. Roghnófaí an seisear eile a bheadh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Fág freagra ar 'Aire Stáit ‘fós ag súil’ le toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais an samhradh seo chugainn'