Aird na gcúigí ar an PRO 12 anois

Níl fágtha mar sprioc ag foirne chúigí na hÉireann ach comórtas an Pro 12 agus dhá chluiche fágtha i réamhbhabhta an chomórtais sin

Aird na gcúigí ar an PRO 12 anois

CJ Stander. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Ó tharla gur theip ar na Laighnigh agus ar na Muimhnigh i mbabhtaí leathcheannais Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo caite, níl fágtha mar sprioc ag foirne chúigí na hÉireann ach comórtas an Pro 12.

Níl ach dhá bhabhta fós le n-imirt sa chomórtas céanna. Tá na Laighnigh, atá ar bharr an tábla (79 pointe) dhá phointe dhéag chun cinn ar Scarlets (67 pointe), foireann atá sa tríú háit, agus iad cinnte anois go mbeidh buntáiste imirt sa mbaile acu sna cluichí leathcheannais. Ní féidir na Laighnigh a leagan as an gcéad nó dara háit anois, fiú dá dteipfeadh orthu sa dá chluiche cáilithe atá fós le n-imirt. 

San RDS a bheas siad tráthnóna  agus iad ag in aghaidh Ghlaschú (atá sa séú háit) agus iad cinnte go mbeidh áit acu i gCorn na gCuradh an chéad séasúr eile. Níl Glaschú as an gcomhaireamh do na cluichí leathcheannais ach oiread.

Faoi láthair, tá siad ocht bpointe níos ísle ná na Ospreys, atá sa gceathrú háit. Ach má theipeann ar an bhfoireann ón mBreatain Bheag sa dá chluiche atá fós le n-imirt acu i gcoinne Chúige Uladh agus na Scarlets agus má bhíonn an bua ag Glaschú ar Chúige Laighean tráthnóna agus ar Dhún Éideann faoi cheann seachtaine, caillfidh na Ospreys amach ar an gceathrú háit sin. Tá seans maith acu i gcoinne na Laighneach inniu mar go bhfuil Cullen ag tabhairt scíthe do go leor dá fhoireann céad rogha.

Sa mbaile sa mBreatain Bheag agus iad i gcoinne na nOspreys (an ceathrú háit) atá na hUltaigh (an cúigiú háit) an Satharn beag seo. Seans gurb í seo an choimhlint is fearr a bheas againn an deireadh seachtaine seo. Beidh na Ospreys ar a míle dícheall fanacht sa gceathrú háit ar an tábla chun cluiche leathcheannais a chinntiú, fiú más ceann as baile é. Is fiú a mheabhrú gur theip ar na Ospreys sa dá chluiche dheiridh a d’imir siad ach bhí siad ag imirt as baile sa dá chluiche sin. Níl na hUltaigh ach pointe amháin níos ísle ná na Breatnaigh. Tá a fhios acu siúd gurb é cluiche an tSathairn seo an deis is fearr atá acu pointí a shlánú roimh tabhairt faoi na Laighnigh i mbabhta 22 faoi cheann seachtaine.

Níor cheart go mbeadh mórán stró ar na Muimhnigh (atá sa dara háit) agus iadsan as baile san Iodáil i gcoinne Treviso (11ú háit). Is léir go mbeidh na Muimhnigh ag iarraidh rudaí a chur ina gceart tar éis an greadadh a fuair siad ó na Saracens i gcluiche leathcheannais Chorn na gCuradh Dé Sathairn seo caite. Tabharfaidh an cluiche seo i gcoinne foireann chomh lag le Treviso deis iontach dóibh é sin a dhéanamh. Cuimhnigh nach bhfuil ach pointe amháin ag teastáil ón dá chluiche atá fós le n-imirt sna babhtaí cáilithe chun cluiche leathcheannais baile a chinntiú. Beidh an pointe sin acu faoi dheireadh an lae amárach.

Ar an mBóthar Beag a bheas na Connachtaigh (atá san ochtú háit) agus iadsan i gcoinne na Scarlets (tríú háit). Beidh a gcuid spriocanna féin ag an dá fhoireann seo a bheas ar thóir bua agus pointí bónais freisin. I gcás na gcuairteoirí, tá siadsan ag iarraidh fanacht sa tríú háit chun cluiche leathcheannais a chinntiú. Cuimhnigh freisin go bhfuil siad faoi bhrú damanta ó na Ospreys agus na hUltaigh atá sa gceathrú agus sa gcúigiú háit agus dhá agus trí phointe níos ísle ná iad.

Maidir leis na Connachtagh, ní féidir leo an séú háit ná áit i gCorn na gCuradh a bhaint amach anois. Fágann sin go mbeidh siad ag imirt a gcomórtas cáilithe, i gcoinne foirne ón Preimership agus an Top 14. Seans go mbeidh Pat Lam ag baint leas as an dá chluiche seo mar réiteach don choimhlint chrua sin.

Fág freagra ar 'Aird na gcúigí ar an PRO 12 anois'