Ainneoin a gcuid drochbhéas is mímhúineadh, ní raibh lucht tacaíochta níos dílse ar dhroim na cruinne

Ariamh i mo shaol ní fhaca mé aon lucht leanta chomh grágach, glórach, callánach leo siúd a thacaigh leis na Boston Bruins agus na Boston Celtics

Ainneoin a gcuid drochbhéas is mímhúineadh, ní raibh lucht tacaíochta níos dílse ar dhroim na cruinne

Tá barúil agam go ndearna mé cur síos anseo cheana ar an gcaoi ar scanraíodh an t-anam asam nuair a thug mé cuairt den chéad uair ar an Sean-Boston Garden.

Go dtáinig 1995 ba ansiúd a d’imríodh foirne cispheile agus haca oighir na cathrach sin a gcuid cluichí.

Trasna abhainn an Charles uaidh bhí Ollscoil Harvard – bunaithe ó bhí 1636 ann. Liosta le lua is ea iad siúd a rinne freastal uirthi, ina measc ochtar Uachtarán de chuid na Stát Aontaithe, Benazir Bhutto agus Bill Gates.

I gcroílár na hollscoile tá Harvard Square, áit atá lán le siopaí leabhar, bialanna, dealbha agus plaiceanna. Tá sé i bhfad níos ciúine ná na cearnóga eile atá i mBostún – mic léinn ag brostú anseo agus ansiúd agus leabhair faoina n-ascaill acu. I do sheasamh duit ansin, mheasfá ar chuma éicint sollúntacht an léinn a bheith ag fáil an ceann is fearr ar an gcuid eile de gháifeacht na cathrach.

Ar bhruach amháin den abhainn atá an Chearnóg agus ar an mbruach a bhí an Garden, ach a dhath féin eile ní raibh i bpáirt acu – chomh héagsúil leis an gcineál ceoil a chum Mozart agus Bob Marley.

Ní raibh de shamhail ag an nGairdín ach mar atá le feiceáil inniu i bhfíseáin de na babhtaí móra dornálaíochta a troideadh i Meiriceá ionann is céad bliain ó shin. Gene Tunney v Jack Dempsey; Max Baer v Primo Carnera; Joe Louis v Max Schmeling.

Ní haon iontas sin mar go mba bhabhtaí dornálaíochta a bhí ar intinn ag na daoine a thóg an fhoirgneamh sa gcéad lá ariamh i 1928 agus gur beag athrú a bhí curtha air faoin am ar bhain mise amach é.

Idir bhallaí, urláir agus bhinsí, ba as adhmad den chuid ba mhó a bhí sé déanta, é caol, cúng agus deis agat do lámh a leagan ar na frathacha sa gcás go mba i gceann de na suíocháin ab airde a bhí tú. Cé nach bhfaca mise a leithéid, creidim go mb’iomaí francach a bhíodh ag rith timpeall ar na frathacha céanna.

Go fiú agus tú a bheith suite níos isle síos ná sin, d’fhág a raibh de thodóga agus de thoitíní á gcaitheamh go mba dheacair amharc ceart a fháil ar an imirt. Bhíodh cuid mhaith dá raibh i láthair súgach nó go deimhin ar dheargmheisce agus bhí boladh na taise le fáil i chuile chúinne, mar aon le bolaithe eile nach iad.

Ariamh i mo shaol ní fhaca mé aon lucht leanta chomh grágach, glórach, callánach leo siúd a thacaigh leis na Boston Bruins agus na Boston Celtics. Níorbh aon ribíní réidhe iad. Dá mba ea ní bheidís in ann ag an deatach, ag an mbeoir stálaithe ná ag an mboladh allais. Má bhí córas aerchóireála ann, ní bhíodh sé casta air, ach ainneoin a gcuid drochbhéas agus a mímhúineadh, ní raibh lucht tacaíochta níos dílse ar dhroim na cruinne.

B’in an fáth ar thit mé i ngrá leo.

Costas réasúnta a bhain leis na ticéid ag an am. Dá bharr sin thapaigh mé chuile dheis a tháinig an bealach le freastal a dhéanamh ar chluiche cispheile de chuid na Celtics, nó na cinn haca oighir ina raibh na Bruins ag imirt nó gur fhág mé slán ag cathair Bhostúin.

Céard a bhain an léim asam ar an gcéad chuairt údaí?

Leath bealaigh tríd an gcluiche chuala mé torann aisteach a bhí i bhfad uaim i dtosach agus ar mhéadaigh a neart agus é ag teacht níos gaire dúinn. Faoin am sin bhí an Boston Garden ag creathadh ón mbunsraith aníos agus má bhíodar ann, thug na francaigh ar thóir na bpoill ba ghaire díobh.

Ar chrith talún a chuimhnigh mise. Suim soip níor chuir siad siúd a bhí i mo thimpeall ina raibh ag tarlú, ach gur mhéadaíodar ar an ngleo agus ar an gcallán. Nuair a shuaimhnigh rudaí cheistigh mé fear le m’ais faoina raibh tarlaithe. Mhínigh sé go mba thíos fúinn a bhí na tolláin a thug na traenacha chomh fada le North Station agus go mba cheann acu sin a bí cloiste agam.

Rinne sé racht ghaire nuair a d’inis mé dó faoin gceapadh a bhí agam féin agus más buan mo chuimhne cheannaigh sé taoscán den bheoir stálaithe dom le mé a chur ar mo shuaimhneas.

Sa mbliain 1995 d’aistrigh na Celtics agus na Bruins chuig foirgneamh nua a bhí tógtha le hais an Ghairdín agus a dtugtar an TD Garden air.

Ansiúd san oíche Dé Máirt seo caite bhuaigh na Celtics Craobh Cispheile na Stát Aontaithe den ochtú huair déag (18) nuair a fuaireadar an ceann ab fhearr ar na Dallas Mavericks.

Díol suntais iad na gaiscí spóirt atá déanta ag foirne Bhostúin ariamh anall agus go háirithe le blianta beaga – cuimhnigh de réir dhaonáireamh 2020 go bhfuil 24 cathair ar fud na Státaí is mó ná í. Cuimhnigh freisin go bhfuil ar a laghad dhá fhoireann cispheile, haca oighir, peile agus daorchluiche sna cathracha is mó ar fad sa tír sin.

Fós níor bhuaigh na NY Nicks ná na Mets craobh na cispheile ó bhí 1986 ann, níor thug na Islanders ná na Rangers an Stanley Cup leo ó 1994 agus ba iad na Yankees agus na Giants amháin a thug craobhacha náisiúnta go Nua-Eabhrac ón mbliain 2000.

Fágann bua na Celtics an tseachtain seo go mba as an gceantar sin a tháinig na curaidh sna ceithre mhórspórt 13 uair ó 2011 nuair a bhuaigh na Bruins go deireadh. Red Sox (2004, 2007, 2013, 2018) agus na Patriots (2001, 2003, 2004, 2014, 2016, 2018).

Fág freagra ar 'Ainneoin a gcuid drochbhéas is mímhúineadh, ní raibh lucht tacaíochta níos dílse ar dhroim na cruinne'