Aimsir fhuar fheanntach á tuar an deireadh seachtaine seo

Cé go mbeidh sé tirim cuid mhaith den am, beidh múraíl clocha sneachta, flichshneachta agus sneachta chugainn chomh maith

Aimsir fhuar fheanntach á tuar an deireadh seachtaine seo

Níl aon fhaoiseamh ón bhfuacht i ndán dúinn an deireadh seachtaine seo mar déanfaidh sé sioc crua, beidh cuid de bhóithre na tíre ina reothalach, beidh brat tiubh ceo seaca in áiteanna agus beidh bóithre is cosáin contúirteach.

Cé go mbeidh sé tirim cuid mhaith den am, beidh múraíl clocha sneachta, flichshneachta agus sneachta chugainn chomh maith.

Seasfaidh an Chomhairle Aimsire atá i bhfeidhm don tír seo go dtí a 9.00 maidin Dé Luain agus iarrtar ar thiománaithe é a thógáil breá réidh ar na bóithre ar mhaithe le timpistí a sheachaint.

Meastar go seasfaidh an aimsir fhuar seo go dtí an Mháirt ar a laghad.

Déanfaidh sé sioc crua ar fud na tíre arís anocht agus beidh paistí oighir ar bhóithre. Beidh sé tirim i gcuid mhaith ceantar ach go háirithe sna contaetha le cósta an Atlantaigh, beidh corrmhúr geimhriúil ann. Beidh an teocht is ísle idir -4 to -1 agus beidh ceo nó ceo seaca i gceantair go leor.

Tá grian á tuar maidin amárach, an Satharn, grian íseal an gheimhridh ach corrmhúr fánach geimhriúil thart chomh maith. Ní ghlanfaidh an sioc ná an t-oighear in áiteanna rite nach bhfuil aon fhoscadh acu agus beidh na paistí ceo seaca fós in áiteanna. Leoithne bhog gaoithe aniar aduaidh atá á tuar agus ní ghabhfaidh an teocht mórán os cionn an reophointe – idir 0 agus 4 chéim.
Tá ceo seaca trom á thuar don oíche amárach ar mór an chontúirt é mar go mbeidh an léargas go dona in áiteanna. Beidh sioc crua ann agus é an-dona in áiteanna, rud a fhágfaidh bóithre ina reothalach. Tá sé á thuar go mbeidh an teocht idir an reophointe agus -5 faoi.

Ní thiocfaidh aon teas leis an Domhnach ach an oiread mar táthar á thuar nach ngabhfaidh an teocht mórán thar an reophointe an lá sin ar fad agus sioc, oighear agus ceo seaca á ngealladh dúinn ar feadh an Domhnaigh. Más fuar féin é beidh sé tirim den chuid is mó ach an corrmhúr a chaithfidh sé le cósta.  Leoithne bhog ghaoithe a bheidh againn ach beidh sé fuar i rith an lae ar fad mar go mbeidh an teocht idir 2 chéim faoin reophointe agus dhá chéim os a chionn.
Oíche Dé Domhnaigh is fuaire atá geallta agus teocht idir 6 chéim faoin reophointe agus dhá chéim os a chionn á thuar, siocfaidh sé go gaineamh rua agus beidh leac oighir forleathan. Teannfaidh ceathanna geimhriúla flichshneachta agus sneachta isteach níos gaire linn ar chósta an Atlantaigh.

Conáilte, préachta a bheidh muid arís ar an Luan agus gach cosúlacht air nach gcorróidh an teocht in go leor áiteanna thar an reophointe chor ar bith an lá sin. Aon cheo a bheidh fós fanta intíre is beag seans go n-ardóidh sé ar an Luan. Lá tirim a bheidh ann seachas corrmhúr geimhriúil le cósta agus geoladh gaoth anoir a bheidh againn. Athreo arís a bheidh ar an oíche Dé Luain agus an teocht idir dhá chéim agus ceithre chéim faoin reophointe agus beidh sioc, oighear agus ceo seaca forleathan agus gaoth dheannachtach anoir aduaidh. Beidh an spéir glan sa gcuid is mó den tír cé is moite de na ceantair cois cósta, mar a bhféadfadh sé a bheith scamallach agus corrmhúr fánach á gcaitheamh isteach den fharraige.

Ag an tráth seo níl á thuar don Mháirt ach tuilleadh den fhuacht agus an teocht ag seadú faoin reophointe. Fanfaidh sé tirim cé go mbeidh corrphaiste ceo seaca ann agus leoithne aduaidh againn. Is deacair a thuar go cinnte fós ach tá chuile chosúlacht go ndéanfaidh sí seachtain fhada fhuar.

Fág freagra ar 'Aimsir fhuar fheanntach á tuar an deireadh seachtaine seo'

  • jpmorley0@gmail.com

    Féach go bhfuil ‘An Aimsir’ ar fáil ar BBC Weather/roghnaigh Gaeilge, anois. Ar cruinn-Ghaeilge mhaith í freisin. Agus gan aon fhocal beo di ónár seirbhís féin: Met Éireann. Bhí mé i dteagmháil leo faoi. An freagra:
    “Ní féidir linn.”

  • jpmorley0@gmail.com

    Aon tseans go gcuirfí údar an ailt seo thus i gceannas ar ‘Réamhfhaisnéis na hAimsire’ ar TG4 agus RnG?