Agus dá mbeadh cónaí orm i ‘gcathair litríochta’ de chuid UNESCO?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: thug ár gcolúnaí cuairt ar Óbidos, sa Phortaingéil, féachaint arbh fhiú dó teach a cheannach ann

Agus dá mbeadh cónaí orm i ‘gcathair litríochta’ de chuid UNESCO?

Thug mé faoi thuras taighde an tseachtain seo caite. Go Óbidos, in iarthar na Portaingéile, atá, amhail Bhaile Átha Cliath, ina ‘cathair litríochta’ de chuid UNESCO.

Ní hionann agus Baile Átha Cliath áfach, cathair bheag bhídeach í Óbidos, agus ní hionann agus Éire agus an chuid eile d’iarthuaisceart na hEorpa, tá fáil go fóill sa Phortaingéil ar thithe ar phraghas réasúnta – murar Portaingéalach thú, gan dabht, agus tú ag streachailt leat i dtír ina bhfuil an tuarastal meánach ar cheann de na cinn is ísle san Aontas Eorpach agus ina bhfuil brú mór millteach á chur ar mhargadh na tithíochta ag eachtrannaigh atá meallta ag an ngrian agus agus ag an gcostas maireachtála íseal.

Mo dhála féin.

Is ea, ní inseoidh mé bréag: thug mé cuairt ar an bPortaingéil an tseachtain seo caite féachaint an gcuirfinn brú breise fós ar mhargadh tithíochta na tíre sin. Bhí mé meallta ag a raibh léite agam faoi Óbidos: cathair bheag ársa breac le siopaí leabhar agus saol bríomhar liteartha inti. Anois, ní hionann agus mórchuid eachtrannach a cheannaíonn tithe sa Phortaingéil tá teanga na tíre ar mo thoil agam agus bím ag scríobh inti ó am go chéile; cá bhfios nach nglacfaí liom in Óbidos, tar éis bliana nó dhó, mar dhuine de na leaids?

Ach tháinig drochmhisneach orm ar an slí. Chuala mé Éireannach a chaith blianta fada ina chónaí sa Phortaingéil ag cur síos ar an tír sin uair amháin mar ‘Connacht, ach gan chathair na Gaillimhe a shábhálfadh ón leimhe í.’ Measaim fós gur éagóir mhífhéaráilte an ráiteas sin ar chathair Liospóin, ach bhí an ceart ar fad ag an té a dúirt maidir le tuath na Portaingéile. Lig mé racht gáire asam nuair a tháinig mé den traein ag stáisiún Óbidos: ní raibh duine ná deoraí le feiceáil ann ach mé féin.

Ach ansin bhreathnaigh mé suas agus bhí mé faoi dhraíocht ar an bpointe boise.

Ba é sin, thuas ar chnocán creagach díreach taobh thoir den stáisiún, caisleán Óbidos, a thóg na Múraigh idir an 9ú agus an 12ú hAois agus ar chuir na Portaingéalaigh leis le linn an reconquista (athghabháil na hIbéire.) Caisleán chomh mór agus chomh diamhair leis ní fhaca mé i mo shaol, agus dúirt mé liom féin go gcuirfinn suas le go leor, seantraein díosail nach dtéann ach trí huaire sa lá san áireamh, dá mbeadh cónaí orm in áit chomh mealltach, spreagúil leis seo.

Thuas ar na ballaí, bhain an radharc an anáil díom dáiríre. Ar an taobh amuigh: tailte méithe, cnocáin ghlasa agus ansin, ar íor na spéire, an tAtlantach. Ar an taobh istigh: cathair ghríobháin de shráideanna chlocha duirlinge, ballaí bána agus díonta rua – baile Óbidos gona siopaí leabhar agus gona saol iomráiteach litríochta, neadaithe go teolaí laistigh de bhallaí an chaisleáin.

Ach ansin, taobh amuigh de na ballaí ar an taobh thoir, chonaic mé rud a chuir amhras orm: carrchlós mór millteach, agus é lán. Nuair a tháinig mé anuas de na ballaí ba léir ar an toirt nach ar an traein ach i gcarranna ar cíos agus i mbusanna turasóireachta a thugann formhór na gcuairteoirí aghaidh ar Óbidos. Bhí an áit breac leo: muintir Mheiriceá, muintir na Síne agus na Seapáine, muintir na Gearmáine, na Fraince, na Spáinne agus na hIodáile agus, ar ndóigh, mé féin.

Bhí roinnt siopaí leabhar maithe sa bhaile dáiríre agus ba léir ón rogha leabhar go dtaithíonn muintir na Portaingéile féin (agus turasóirí ón mBrasaíl) Óbidos freisin; bhí rannóga de leabhair i dteangacha iasachta ag gach siopa leabhar ach i bPortaingéilis a bhí an chuid is mó dá raibh ar díol.

Ach siopaí cuimhneacháin, bialanna agus beáranna ina raibh an licéar traidisiúnta ginja ar díol a bhí sa chuid eile den bhaile agus tháinig fonn orm an chéad traein eile a thógáil amach as an áit. De réir mar a d’éirigh liom a fháil amach bíonn scéimeanna cónaithe liteartha go leor in Óbidos, ach ní bhíonn buanchónaí ar mhórán scríbhneoirí ann. Rud atá le tuiscint. Ní fhéadfainn féin cónaí i bpáirc spraoi do thurasóirí – fiú amháin ceann bunaithe ar an litríocht.

Fág freagra ar 'Agus dá mbeadh cónaí orm i ‘gcathair litríochta’ de chuid UNESCO?'