Agus ar an séú lá chuaigh siad ag imirt agus chaill siad…

Níor tharla sé ach trí huaire gur éirigh le foireann an bua a fháil i gcluiche cáilithe sé lá tar éis dóibh cluiche ceannais cúige a chailleadh. Sin an dúshlán atá roimh Ros Comáin in aghaidh an Chláir tráthnóna

INPHO/Tommy Dickson
INPHO/Tommy Dickson

Sé lá ó chlis orthu in aghaidh na Gaillimhe, tabharfaidh peileadóirí Ros Comáin aghaidh ar an gClár tráthnóna agus an baol ann go mbeidh siad díomhaoin don chuid eile den samhradh.

De bharr go raibh athimirt ag teastáil i gcluiche ceannais Chonnacht, tá níos lú ná seachtain ag Fergal O’Donnell agus Kevin McStay chun a gcuid imreoirí a chur ar bhóthar a leasa arís agus greadadh tugtha dóibh i gCaisleán an Bharraigh Dé Domhnaigh seo caite.

Tar éis dóibh córas cosantach a chur i bhfeidhm sa chéad chluiche in aghaidh na Gaillimhe bhí plean níos oscailte acu an lá cheana. Caithfidh McStay agus O’Donnell teacht ar réiteach éigin. Ní bheidh sé éasca agus iad ag tabhairt aghaidh ar an gClár a bheidh lán le fuinneamh agus muinín tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Shligeach agus ar Laois sna babhtaí cáilithe.

Rinne CLG athrú ar struchtúr na craoibhe in 2014. Ó shin i leith tá na babhtaí cáilithe scoilte ina dhá gcuid acu chun a chinntiú nach mbeidh ar fhoirne dul chun páirce sé lá tar éis dóibh cailliúint, rud atá tarlaithe faoi dhó i mbliana, le Ros Comáin an deireadh seachtaine seo agus le Contae Lú a chaill in aghaidh Dhoire i mBabhta 1A sé lá tar éis don Mhí an ceann is fearr a fháil orthu i gCraobh Laighean.

Lena cheart a thabhairt do CLG, ní raibh aon neart acu ar an scéal sa dá chás. Dar le hUachtarán CLG, Aogán Ó Fearghaíl, ba é bord contae an Lú a shocraigh imirt ar na dátaí áirithe sin, agus bhí athimirt i gceist i gcás Ros Comáin.

Mar sin féin, is mór an dúshlán atá roimh Ros Comáin mar, de réir na staitisticí, níor tharla sé ach trí huaire riamh cheana gur éirigh le foireann sé lá i ndiaidh dóibh cluiche ceannais cúige a chailleadh. 18 uair ar fad a tharla sé go raibh ar fhoireann imirt sé lá tar éis dóibh cluiche ceannais an chúige a chailleadh.

Ó tháinig na babhtaí cáilithe isteach sa chraobh in 2001, níor éirigh ach le Baile Átha Cliath in 2001, an Dún in 2012 agus Dún na nGall in 2013 teacht chucu féin a ndóthain chun an bua a fháil.

Mar a chonaic muid anuraidh, nuair a chaill Corcaigh athimirt chluiche ceannais na Mumhan, theip orthu in aghaidh Chill Dara agus díbríodh as an gcraobh iad. Beidh gá le feabhas mór ó Ros Comáin más fúthu an chinniúint sin a sheachaint.

Seo thíos na foirne a d’imir sé lá tar éis dóibh cluiche ceannais an chúige a chailleadh (*iad siúd ar éirigh leo an bua a fháil i gcló trom)

2001 – Baile Átha Cliath 3-17 Sligeach 0-12

2001 – Corcaigh 1-10 Gaillimh 1-14

2002 – Tiobraid Árann 1-14 Maigh Eo 0-20

2003 – Luimneach 0-11 Ard Mhacha 4-10

2003 – An Dún 2-10 Dún na nGall 3-15

2003 – Cill Dara 0-19 Ros Comáin 1-18

2004 – Luimneach 0-7 Doire 0-10

2009 – Gaillimh 0-13 Dún na nGall 0-14

2009 – Aontroim 1-10 Ciarraí 2-12

2010 – Sligeach 0-10 An Dún 3-20

2010 – Muineachán 1-11 Cill Dara 1-15

2011 – Doire 0-13 Cill Dara 0-19

2012 – An Mhí 1-12 Laois 1-15

2012 – An Dún 1-13 Tiobraid Árann 0-11

2013 – Londain 1-8 An Cabhán 1-17

2013 – Dún na nGall 0-14 Laois 0-8

2015 – Corcaigh 1-13 Cill Dara 1-21

Fág freagra ar 'Agus ar an séú lá chuaigh siad ag imirt agus chaill siad…'