AGALLAMH: ‘D’éirigh liom leis an bpas cúnta, agus é déanta d’aon gnó chomh maith agam!’ – Darren Randolph

Labhair Tuairisc.ie le Darren Randolph, an cúl báire a fuair deis gan choinne aréir imirt in aghaidh churaidh an domhain

Cúl báire na hÉireann, Darren Randolph. INPHO/Donall Farmer
Cúl báire na hÉireann, Darren Randolph. INPHO/Donall Farmer

D’fhan sé, d’fhan sé agus d’fhan sé tamaillín eile. Fad is a bhain sé leis an bhfoireann násiúnta, b’é sin scéal Darren Randolph ar feadh na gceithre bliana. Ar feadh ceithre bliana, shiúil sé thar lucht na meán cumarsáide. B’fhéidir gur stop an corririseoir é, ach ní raibh éileamh mór air. Bhí sé ag fanacht leis an deis seo. Bhí na meáin ag fanacht leis an deis seo chun ceisteanna a chur air. Aréir, cuireadh tástáil dópála ar James McCarthy agus Shane Long. Ní raibh fáil orthu chun labhairt leis na meáin. Dhéanfadh Randolph an beart.

Tugadh isteach i bhfoireann na hÉireann é den chéad uair i Márta 2011. Agus réimeas Shay Given faoi lánseol, d’fhan sé bliain go leith chun a chéad cluiche a imirt, 45 nóiméad i gcoinne Oman i Meán Fómhair 2012. Tháinig a chéad dheis eile – 16 nóiméad an uair seo – i gcoinne na Spáinne i Meitheamh 2013.

Is iomaí painéal a ainmníodh agus Randolph ar an dara nó an tríú cúl báire ann. Aréir, agus Curaidh an Domhain san Aviva, ní raibh Randolph ag súil le malairt scéil. Ach nuair a thug Given le fios don bhainistíocht nach bhféadfadh sé leanúint ar aghaidh tháinig cor ina chinniúint.

“Ní raibh mé ag fanacht (leis an deis). Ní raibh mé ag súil leis. Dúradh liom go raibh mé ag dul ar an bpáirc. Rith mé ón seomra feistis chun na páirce agus sula raibh fhios agam é, bhí mé ag imirt. Ní raibh fhios agam (go raibh mé mar an dara rogha). Bhíos ag téamh suas le (David) Fordy, fuaireas an glaoch go rabhas ag teacht chun páirce, agus mar sin ní raibh mórán ama agam (chun smaoineamh faoi).”

Agus cad é mar chéad chluiche iomaíoch d’fhoireann na hÉireann a bhí ag Randolph. Sábháil ó iarracht Mats Hummels ar deireadh, urchar ó 35 slat ó Jerome Boeteng stopaithe aige agus sábháil ghleoite ó iararcht Ilkay Gundogan a scaoil mar a bheadh piléar ann.

“Go raibh míle maith agat,” ar sé nuair a thagair Tuairisc.ie Randolph faoina shábháil iontach. “Bhí mé ag ceapadh go raibh mé chun a bheith gnóthach agus táim buíoch go raibh ar mo chumas an tsábháil sin a dhéanamh, agus gur éirigh liom leis an bpas cúnta (don chúl) – mo chéad ceann acusan! – agus é déanta d’aon gnó chomh maith agam!.”

Tá sé tuillte ag laoch nua na hÉireann a chuid ama a thógáil agus machnamh ar an méid atá déanta aige. Is cinnte nach raibh mórán ama aige aréir. Agus gortú ag cur as do Given, is léir go mbeidh Randolph chun tosaigh ar Forde ar an Domhnach i gcoinne na Polainne. Bua, nó comhscór 2-2 nó níos airde. agus rachaidh foireann Martin O’Neill díreach tríd go Craobhchomórtas na hEorpa sa Fhrainc i 2016.

“Ní hé mo chinneadhsa é,” a dúirt Randolph i dtreo dheireadh na preasócáide. “Is faoin mbainisteoir atá sé, ach beidh mé ullamh agus feicimid linn cad a tharlóidh Dé Domhnaigh. Ní smaoineoidh mé air an iomarca. Rachaidh mé ar aghaidh le mo chuid oibre.

“Bhí mé ag súil go bhfaighinn deis, ach is dócha go bhfuair mé anois é agus d’éirigh linn bua a fháil. Mar sin, nílim chun gearán a dhéanamh,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘D’éirigh liom leis an bpas cúnta, agus é déanta d’aon gnó chomh maith agam!’ – Darren Randolph'