Ag pápaireacht faoi shaoirse cainte agus faoi chosaint an daonlathais…

Ní hiad na Tráchtairí Móra sin ach daoine atá ar son na síochána agus na daonnachta a bheas i mbun an lae comhpháirtíochta ar son Julian Assange

Ag pápaireacht faoi shaoirse cainte agus faoi chosaint an daonlathais…

Dé Sathairn seo chugainn eagrófar Lá comhpháirtíochta le Julian Assange anseo in Éirinn. Sin é an t-iriseoir Astrálach a sceith eolas faoi dhrochghníomhartha arm Mheiriceá ar fud an domhain.

Sceithire atá ann, lena rá ar bhealach eile. Spíodóir nó spiaire a thugann na Meiriceánaigh air.

Tá drochbhail curtha ar Assange ó foilsíodh an t-eolas a chuir sé ar fáil trí WikiLeaks do na meáin mhóra cumarsáide. Bhain an New York Times, an Irish Times, an Guardian agus go leor nuachtán eile leas as.

Gníomhartha uafáis a rinne arm Mheiriceá san Iaráic agus san Afganastáin ba ea cuid mhaith de na scéalta sin.

Cuireadh spéis faoi leith sa gcuntas a tugadh ar ionsaí a rinne na Meiriceánaigh le héileacaptair i mBaghdad.

Maraíodh ocht nduine dhéag a bhí neamhchiontach amach is amach. Ina measc bhí beirt iriseoirí le Reuter.

Léirigh físeán a rinneadh go raibh criúnna na héileacaptar ag gáirí agus iad ag déanamh an ionsaithe.

Damáiste comhthaobhach (collateral damage) a thabharfadh na Meiriceánaigh air. Chuirfeadh sé i gcuimhne dhuit an chaoi ar mharaigh siad dream neamhchiontach eile ag aerfort Kabul agus iad ag teicheadh as an Afganastáin.

Tá siad ag tairiscint cúiteamh airgid do ghaolta na ndaoine sin anois.

Is cinnte go bhfuil a dhóthain féin d’fhulaingt déanta ag Julian Assange go dtí seo. Cuireadh ionsaithe gnéis ina leith ach tharraing údaráis na Sualainne siar na líomhaintí sin. Chaith sé seacht mbliana in Ambasáid Eacuadór agus tréimhse faoi ghaibhniú aonair i bpríosún ardslándála Belmarsh i Londain.

Beidh a chás os comhair na hArd-Chúirte i Londain roimh dheireadh na míosa seo nuair a dhéanfas dlíodóirí ar son rialtas na Stát Aontaithe iarracht é a eiseachadadh de réir Acht Spiaireachta na Stát Aontaithe.

Is cinnte go ndéanfaidh na Meiriceánaigh chuile iarracht díoltas trom a bhaint as Julian Assange. Mura n-éireoidh leo sna cúirteanna tharlódh sé go bhféachfaidís lena mharú.

Dúirt iriseoir sa nuachtán an Guardian le gairid go raibh plean á réiteach acu cheana lena fhuadach agus a chur chun báis.

In Ambasáid Eacuadór a bhí sé ag an am agus bheadh sé éasca go leor é a dhéanamh.

Is cosúil go raibh an tUachtarán Trump ar an eolas faoin bplean.

Idir an dá linn ní fiú dhuit a rá go bhfuil gíog na míog as Tráchtairí Móra na hÉireann faoi chéasadh Julian Assange.

Dá mba sceithire in aghaidh na Síne nó na Rúise a bheadh ann bheidís ag bascadh a chéile ag scríobh faoi. Sea agus ag pápaireacht faoi shaoirse cainte agus faoi chosaint an daonlathais.

Ní hiad na Tráchtairí Móra sin ach daoine atá ar son na síochána agus na daonnachta a bheas i mbun an lae comhpháirtíochta ar son Julian Assange Dé Sathairn.

Eagrófar fiche imeacht idir Doire agus Ciarraí. Ó thaobh chathair na Gaillimhe de beidh stainnín eolais ag an acomhal idir Sráid na Siopaí agus Sráid an Phríomhgharda idir 1pm agus 2.30 pm.

Fág freagra ar 'Ag pápaireacht faoi shaoirse cainte agus faoi chosaint an daonlathais…'

  • Eoin Ó Murchú

    Déan comparáid freisin idir an chaoi nach dtugann na meáin aon aird ar Assange agus an méad a scríobhadh faoi beirt irisoir eile (nach bhfuil i bpríosún), duine amháin ina Rúiseach agus an duine eile as na hOileáin Fhilipíneacha, a tugadh duaiseanna Nobel dóibh.
    Seasann an bheirt le duaiseanna le polasaithe Mheiriceá. Seasann Assange ina gcoinne.

  • Gabriel Rosenstock

    Ba chóir d’Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath Saoirse na Cathrach a thabhairt dó.

  • Antóin

    An-ráite a Gabriel ach caolseans go dtarlóidh sé. Samhlaigh na
    maidríní lathaí sa rialtas ag cur i gcoinne riastradh na gcomhlachtaí móra
    Meirceánacha i mBaile Átha Cliath.

  • Luke Callinan

    Tuairim is milliún duine caillte de bharr na cogaíochta sa meán oirthear le scór bliain, cogaíocht a bunaíodh ar bhréaga agus ar athchumadh fíricí don chuid ba mhó – agus níl deireadh leis fós. Shílfeá gur ardmheas a bheadh tuillte ag Assange seachas droim láimhe, go háirithe don dream gur cás leo saoirse chainte. Mar a dúirt Assange fhéin, más féidir cogadh a thosú le bréaga, is féidir síocháin a thógáil leis an bhfírinne.