Ag iomramh ar a ndícheall agus an bhreis ina n-aghaidh

Tabharfaidh saothar George Clooney faoi laochra rámhaíochta ardú meanma duit ach níl ann ach san

Ag iomramh ar a ndícheall agus an bhreis ina n-aghaidh

The Boys in the Boat
Stiúrthóir: George Clooney
Cliar: Joel Edgerton, Callum Turner, Peter Guinness, Sam Strike, Thomas Elms, Jack Mulhern, Luke Slattery, Bruce Herbelin-Earle, Hadley Robinson

Ní haon dóithín George Clooney agus é ar an stiúir; bhí a mhaitheasaí féin ag baint le saothair amhail Good Night, and Good Luck (2005) agus The Ides of March (2011). Seo chugainn anois é le scannán a thabharfaidh ardú meanman duit. Tá sé bunaithe ar leabhar den teideal céanna faoi bhuíon rámhaithe a dhein gaisce ar an uisce agus an bhreis ina n-aghaidh i rith an Spealaidh Mhóir.

Tugtar siar chuig lár na dtríochaidí sin agus an ghéarchéim eacnamaíochta sin in airde láin i Meiriceá. Címid ár laoch Joe Rantz (Callum Turner) ag maireachtaint i seanmhótar tréigthe i mbaile seantán i Seattle. An drochbhail chéanna ar mhórán. É ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal ach ag iarraidh leanúint lena chuid léinn in Ollscoil Washington. Tá an bhróg ag teannadh áfach; táillí le híoc agus gan pingin rua aige. É i ngalar na gcás. Lá de na laethanta insíonn a chara dó go gcuirfear post páirtaimseartha agus lóistín ar fáil do na mic léinn a n-éiríonn leo áit a ghnóthú ar fhoireann rámhaíochta na hollscoile. Vae linn.

An iliomad duine ag tabhairt faoi na trialacha; ár laoch agus seachtar eile ag gnóthú áiteanna. Aghaidh le tabhairt ar ollscoileanna agus céilí comhraic níos gustalaí, daoine a bhfuil stádas agus rachmas fágtha le huacht acu. Brionglóid na gCluichí Oilimpeacha le feiscint ar íor na spéire. Carachtair chaithiseacha ag broc leis an saol ach ag éirí leo cé go bhfuil an bhreis ina n-aghaidh. É sin ar fad cniotáilte le haisteoireacht bhreá agus cantam beag den ghreann. Ag péinteáil de réir uimhreacha ach ní hin a fhágfadh go holc é.

Níor deineadh mórán cíortha ar thionchar an Spealaidh Mhóir agus b’ábhar díomá é sin dom go mórmhór ós rud é go rabhthas ag iarraidh a chur abhaile orainn gur thug gaiscí an chriú ardú meanman don chosmhuintir. Tráchtar ar an tslí gur thréig a athair Joe agus an lorg a d’fhág sé sin air. Níor thuigeas an ról a bhí ag Rantz agus é amach sna blianta; mheasas ar dtús go mbeadh sé mar thráchtaire againn (faoi mar a bhí sa bhlaisín fógraíochta) ach ní raibh. D’fhág sé sin nach raibh sé mar seo nó mar siúd.

Le scannán den saghas seo tá a fhios againn cá bhfuil ár dtriall. Tuigimid go bhfuil an chríoch shona i ndán dúinn. Bímid ar tinneall sna ráiseanna, áfach agus déantar na ráiseanna céanna a shamhlú go paiteanta dúinn.

B’ábhar díomá dom ag an gcríoch nár tugadh aon chuntas ar chinniúint na mbuachaillí éagsúla, ní heol dúinn ar phós Rantz a ghrá geal fiú. Saothar taitneamhach a thugann ardú meanman, ach níl ann ach ansin.

Fág freagra ar 'Ag iomramh ar a ndícheall agus an bhreis ina n-aghaidh'