Ag fonóid faoi na Sasanaigh atá ‘Asterix na nGael’ sa leabhar Gaeilge is déanaí sa tsraith cháiliúil

Tá tagairt do Margaret Thatcher agus cur síos dímholtach ar bhia na Sasanach, ar a gcóras aicme agus ar an mbeoir bhog-the in ‘Asterix i dTír na Sasanach’

asterix__the_gaul_by_poloka_lili-d2y1yjr

Is é Antain Mac Lochlainn a d’aistrigh Asterix ches les Bretons, a scríobhadh sa bhliain 1970, go Gaeilge, an ceathrú leagan Gaeilge sa tsraith.

“Ní beag a bhfuil de chosúlachtaí idir muid féin agus na Sasanaigh, dar ndóigh, ach tá neart difríochtaí ann fosta. In ainneoin ‘na Briotanaigh’ a bheith luaite i dteideal an bhunleabhair le Goscinny agus Uderzo, ba iad na Sasanaigh a bhí thíos leis an magadh ar fad. Mar gheall air sin a shocraigh muid Asterix i dTír na Sasanach  a thabhairt ar an leagan Gaeilge,” a dúirt Mac Lochlainn.

Insítear sa leabhar scéal sráidbhaile beag Sasanach a sheasann i gcoinne ionradh Iúl Caesar ar an mBreatain. Lorgaíonn siad cúnamh Asterix agus mhuintir na Gaille.Éiríonn leis na Gallaigh cúl a choinneáil ar na Rómhánaigh, a bhuíochas sin d’éilicsir draíochta a dhéanann a ndraoi dóibh. Tá na Gallaigh sásta an t-arm rúnda seo a roinnt leis na Sasanaigh ach is é an tae a thugann an svae do na Sasanaigh i ndeireadh na dála.imgres-1

“Cuid mhór de ghreann Asterix i dTír na Sasanach,baineann sé lenár gcaidreamh féin leis na Sasanaigh. Tátagairt ann do Margaret Thatcher agus cur síos dímholtach go maith ar bhia na Sasanach, ar a gcóras aicme agus ar an mbeoir bhog-the. Bhí an ghné sin an-láidir in eachtraí Asterix riamh, an fear beag ag fáil lámh in uachtar ar bhodaigh mhóra na cumhachta,” a dúirt Mac Lochlainn.

Dúirt sé freisin gur minic a “ghnóthaítear rudaí san aistriúchán” is gcás Asterix seachas rudaí a chailleadh ann. Bíonn cead a gcinn ag na haistritheoirí Gaeilge leas a bhaint as imeartas focal fad is a bhítear dílis do spiorad na mbunleaganacha Fraincise. Is minic a bhíonn srianta níos doichte ar aistritheoirí leabhar, ar nós Harry Potter agus The Hobbit.

“Faoin am seo, chítear dom gur éirigh linn Asterix na nGael a dhéanamh d’Asterix na nGallach. Tá muid ag iarraidh nach mba léir don léitheoir nach i nGaeilge a scríobhadh na leabhair seo an chéad lá riamh,” a dúirt sé.

 

Tá an leabhar nua le fáil i siopaí leabhar anois.

Fág freagra ar 'Ag fonóid faoi na Sasanaigh atá ‘Asterix na nGael’ sa leabhar Gaeilge is déanaí sa tsraith cháiliúil'