Ag feirmeoireacht in aimsir athrú aeráide: mura mbíonn sé ina dhíle, bíonn sé ina thriomach

AN SAOITHÍN AERÁIDE: ní iondúil don Saoithín Aeráide taobhú le feirmeoirí ach ó chuir sé tús le ceapach ghlasraí, tuigeann sé nach aon dóithín é dul i ngleic le dúshláin athrú na haeráide

Ag feirmeoireacht in aimsir athrú aeráide: mura mbíonn sé ina dhíle, bíonn sé ina thriomach

Ag troid le seilidí a bhí an Saoithín Aeráide an t-am seo anuraidh. Na céadta acu a chaith sé thar an gclaí, ag súil go ndéanfadh crúba na gcapall i ngort na gcomharsan díothú orthu ar bhealach orgánach agus inmharthana.

Péire seilidí a chonaic an Saoithín i mbliana. Ar a mhéad.

An triomach is cúis leis sin.

Ina dhíle a bhí sé cuid mhór den earrach anuraidh, ach i mbliana níor thit báisteach arbh fhiú trácht uirthi ó thús mhí an Mhárta. Más fíor don réamhaisnéis leanfaidh an dea-aimsir gan stad gan staonadh, agus gan trua do na síolta a chuir an Saoithín ina cheapach ghlasraí agus atá gan phéacadh.

Gan dabht bíonn an Saoithín amuigh leis an gcanna agus an píobán uisce. Dhá uair sa lá ar feadh leathuair an chloig. Ach ní hionann uisciú saorga agus múr mór báistí, go mórmhór más gaineamh an cineál ithreach i do cheapach: imíonn an t-uisce le gal agus ní chuireann ar maos.

Ní féidir brath ar an aimsir na laethanta seo agus gan amhras ní hé an Saoithín Aeráide amháin atá thíos leis. Tá triomach, tuilte nó aimsir thubaisteach eile ag cur as d’fheirmeoirí ar fud na cruinne agus sin é an fáth go bhfuil ardú chomh mór sin ar phraghsanna an bhia: seacláid, caife, feoil.

Ní iondúil don Saoithín Aeráide taobhú le feirmeoirí ach ó chuir sé tús lena cheapach ghlasraí anuraidh, tuigeann sé nach aon dóithín é dul i ngleic le dúshláin athrú na haeráide – tubaiste arb í an diantalmhaíocht, i measc rudaí eile, is cúis léi gan dabht.

Na seilidí as an áireamh, an ghaoth ba mhó a rinne dochar do cheapach ghlasraí an tSaoithín anuraidh. Shéid stoirmeacha earraigh na plandaí óga go talamh agus theip ar na cairéid, ar na meacain bhána agus ar an mbrocailí. San fhómhar, leagadh crann beithe agus scriosadh toim na gcuiríní dearga nuair a thit an crann anuas orthu.

Shíl an Saoithín leas éigin a bhaint as an mí-ádh. Le linn an gheimhridh thóg sé fál fada le craobhacha an chrainn, fál a bhí ceaptha an cheapach ghlasraí a chosaint ón ngaoth, ach ní hamháin nár thit deoir fearthainne an t-earrach seo, stoirm ná gála níor shéid agus fágann an fál a thóg an Saoithín go fánach cuid den cheapach sa scáth ó bhreacadh an lae go luí na gréine; dá bharr sin, drochsheans go mbeidh rath ar an lus mín, ar lus na meala ná ar an bhfíogadán.

Is léir gur cath nach féidir a bhuachan atá sa chath i gcoinne shiomptóim athrú na haeráide agus gur fánach ag duine aonair iarracht a dhéanamh dul i ngleic leo; caithfear dul i ngleic leis na bunchúiseanna, agus i dteannta a chéile amháin a éireoidh linn sin a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Ag feirmeoireacht in aimsir athrú aeráide: mura mbíonn sé ina dhíle, bíonn sé ina thriomach'