Ag cur do thuairisce…

Colún eolais agus plé dár léitheoirí…

Quotations

Tá Tuairisc.ie sé mhí ar an bhfód ón lá inné agus ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil libhse as bhur gcuid tacaíochta ar fad ó thús aimsire.

Is é ár nguí gur ó neart go neart a rachaimid.

An chéad dualgas atá orainn an tseachtain seo ná comhghairdeachas a dhéanamh le Róisín Ní Dhúshláine agus Sandy Carr as duais na seachtaine seo caite a bhuachtaint, is é sin, cóip an duine d’albam nua RÍS, Yahú. Beidh áthas ar Léann Teanga An Reiviú agus K-Inwë Nicole McCanna a chloisteáil gurb iadsan a bhí buacach sa chomórtas céanna ar Facebook.

Go maire siad sin go léir a nuacht agus go mbaine siad taitneamh as bheith ag éisteacht leis an albam breá seo.

Mar is gnáth, beidh roinnt ábhar suimiúil le feiceáil ar shuíomh Tuairisc.ie le linn an deiridh seachtaine, ag áireamh ailt le Cathal Mac Coille ar aois íosta an Uachtaráin i bhfianaise reifreann na Bealtaine; ceann le Póilín Ní Chiaráin faoi shéasúr na máirseála ó thuaidh, agus agallamh atá foilsithe ó mhaidin againn a chuir Pádraic Ó Ciardha ar Éamonn Fitzmaurice, Dara Ó Cinnéide agus Pádraig Firtéar faoi ghaiscí caide Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus a gcath cinniúnach amárach i gCluiche Ceannais na hÉireann.

I measc na scéalta is mó a léadh le seachtain anuas ar Tuairisc.ie, bhí cur síos ar an méid a bhí le rá ag Ray Darcy faoin gcaoi a gcuireann an Nuacht i nGaeilge isteach ar ‘rithim’ a chláir. Ní heol d’éinne beo an gcuirfí isteach ar an rithim sin dá mba i mBéarla a bhí an Nuacht chéanna ach bheadh barúil againne nach gcuirfí.

An mbaineann clamhsán D’arcy le ham craolta na nuachta Gaeilge nó an léiriú eile é ar easpa mórtais mhuintir na hÉireann as a ndúchas féin? Pé acu é, níl aon easpa mórtais ar mhuintir Iorrais i Maigh Eo, ar bhronn an Irish Times gradam orthu le gairid mar gur leo an áit is fearr in Éirinn “le gabháil fiáin”, gan trácht a bheith ar cheann de na réigiúin is áille sa tír.

Tá údar an ailt sin, Áine Ní Chiaráin, ar dhuine acu sin a tógadh le Gaeilge sa cheantar agus bheadh sí breá sásta go bhfuil soiscéal na teanga á scaipeadh ar líne anois agus breis is milliún teachtaireacht giolcaireachta seolta i nGaeilge ag daoine chuig a chéile ar Twitter.

Ar Dhomhnach Cásca a seoladh an 1,000,000ú ceann aduaidh ó chuntas Oideas Gael agus iad ag guí beannachtaí na Cásca ar a lucht leanta.

Cothrom an lae sin beagnach céad bliain ó shin a d’fhógair seachtar misniúil saoirse na hÉireann. In áit scagadh a dhéanamh ar a bhfuil san Fhoróga a scríobh siad an lá stairiúil úd, d’fhonn is nach gá teip na haislinge sin a thabhairt chun solais, tá iarrtha ag an Rialtas ar dhaltaí scoile leagan nua den Fhorógra a bhreacadh.

Ghlac Máire Ní Fhinneadha, iarmhúinteoir scoile í féin, go fonnmhar leis an gcuireadh seo.

Más ag teacht i dtír ar aineolas an phobail faoina bhfuil san Fhorógra atáthar, is go saoráideach a dhéanfar an méid sin, más fíor do Alan Titley, ar bronnadh Gael na Míosa seo air. Deir Titley má tá teora leis an aineolas faoi bhaint na hAthbheochana leis an Éirí Amach, nach eol dósan é.

Dála mar a mhínigh an t-údar féin, ‘deineadh nasc in Fáinne an Lae agus sa Claidheamh Soluis idir cás na hÉireann agus pobail eile a bhí faoi leatrom ar fud an domhain. An té nach bhfaca é sin, ní fhaca sé faic.’

Murab ionann agus Roger Casement, níor léir don náisiúnaí John Mitchell an ceangal seo, faraor. Go deimhin, bhí Mitchell ina measc siúd a bhí ar son na sclábhaíochta in ainneoin gur faoi shlabhra a bhí a thír dhúchais.

D’fhág an fhimínteacht seo ina dhearcadhsan go bhfuil “Seán Mistéil ar dhuine de na náisiúntóirí Éireannacha is gránna agus is beagmhaitheasaí amuigh; agus go bhfuil Ruairí Mac Easmainn ar dhuine de laochra móra an domhain”, a deir Titley.

“An chéad ghamal díobh, ní fhaca sé an tÉireannach sa duine eile úd a bhí faoin lasc; ach an dara gaiscíoch, b’ionann cás na tíre seo agus cás an domhain.”

Áiméan.

Tá ár ndóthain ráite againn, is dócha.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil le Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'