‘Ní neart go cur le chéile’ – Pobalscoil Chorca Dhuibhne ar thairseach na staire

Nuair a tharraing Pobalscoil Chorca Dhuibhne aird na tíre orthu féin ar dtús, ba mar gheall ar chonspóid teanga é. Tá an scoil ag bláthú ó shin agus cáil anois orthu mar churaidh na hÉireann sa pheil

Pic2-PCD

An Satharn seo, imreoidh Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gcluiche ceannais Chorn Uí Ógáin i gcoinne Scoil na mBráithre, Ros Comáin, agus buachaillí na Gaeltachta ag iarraidh a ndara Craobh Uile-Éireann a bhuachan as a chéile.

Gaisce nach beag a bheadh ann dá n-éireodh leo an beart a dhéanamh, gaisce nach bhfuil déanta riamh ag aon scoil i gCúige Mumhan. Dar le príomhoide na scoile, Pádraig Firtéar, tá muintir na háite thar a bheith bródúil as gach rud atá déanta ag an bPobalscoil go dtí seo.

Nuair a bhuaigh an scoil Corn Uí Mhuirí in aghaidh Choláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh, an mhí seo caite, ba é an ceathrú huair as a chéile dóibh Craobh na Mumhan a thabhairt leo, éacht nach raibh déanta ag scoil ar bith ó thús na dtríochaidí.

“Tá ana-mheas ag muintir an phobail [ar an bPobalscoil], tá daoine ag déanamh gach aon iarracht chun tacú linn agus is iontach an rud é sin. Déarfainn go mbeidh ana-chuid de phobal Chorca Dhuibhne i bPairc an Chrócaigh ar an Satharn.”

Is deacair é a chreidiúint anois ach b’ábhar scoilte a bhí sa scoil sarar tháinig sí ar an bhfód i 2007 nuair a rinneadh cónascadh idir Meánscoil na mBráithre agus Meánscoil na Toirbhirte.

Ní den chéad uair i mbaile an Daingin; is cúrsaí teanga a bhí ag dó na geirbe ag grúpa beag tuismitheoirí nach raibh ag iarraidh go mbeadh an scoil nua ina scoil lán-Ghaeilge. Shocraigh na tuismitheoirí dul chun cúirte agus bhí tuairiscí faoin gconspóid teanga ar na meáin náisiúnta.

Sheas bord bainistíochta agus foireann na scoile lena bpolasaí teanga, áfach, agus thángthas ar réiteach sa deireadh. Ní hamháin nach bhfuil aon rian den scoilt le feiceáil sa lá atá inniu ann, ach tá an scoil imithe ó neart go neart ó shin.

Deir Dara Ó Cinnéide, an t-iarpheileadóir agus iarscoláire de chuid Scoil na mBráithre, ceann den dá scoil a cónascadh chun an Phobalscoil a bhunú, go dtugann rath na scoile misneach do phobal na leithinise.

“Nuair a tháinig ann don scoil, tús nua ab ea é agus luigh pobal na scoile ar fad amach orthu fhéin ó thús ag iarraidh aitheantas nua a mhúnlú. Má bhí pianta fáis ann ag an dtús, tá an scoil ag bláthú ó shin agus rath ar gach aon ghné dá gcuid oibre,” a deir an Cinnéideach.

Tá ag éirí go geal leis an bPobalscoil i ngach rud ón gcispheil go dtí na comórtais díospóireachta, ach gan beagán le cois 400 dalta ag freastal uirthi, is iad na gaiscí atá á ndéanamh ar pháirc na himeartha is mó atá i mbéal an phobail.

Is lú i bhfad líon na mbuachaillí atá i bPobalscoil Chorca Dhuibhne nuair a chuirtear i gcomparáid í le scoileanna eile a bhfuil clú bainte amach acu i saol na peile; bíonn thart ar 500 buachaill ag freastal ar Choláiste Iarfhlatha, Tuaim agus os cionn 1,300 dalta, idir bhuachaillí agus chailíní atá ag freastal ar Choláiste Naomh Phádraig, Machaire Rátha, an fhoireann ar bhuaigh an Phobalscoil orthu i gcluiche ceannais Chorn Uí Ógain anuraidh.

Bíodh is nach bhfuil an oiread sin daltaí acu, is léir nach bhfuil aon easpa talliann ar scoil an Daingin. Bhuaigh An Daingean féin craobh mionúr an chontae anuraidh thug An Ghaeltacht leo an chraobh Faoi-21. Is ar an bPobalscoil is mó a d’fhreastal nó a fhreastalaíonn imreoirí na foirne sin.

Is múinteoir staire sa scoil é bainisteoir Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice, fear a bhí i gceannas ar fhoireann na scoile anuraidh. Measann sé féin go bhfuil baint mhór ag foirne sin na leithinise leis an rath atá ar an bPobalscoil.

“Is dócha go bhfuil ana-chreidiúint ag dul chuig na clubanna áitiúla, An Daingean, An Ghaeltacht agus Lios Póil, go háirithe An Ghaeltacht agus An Daingean mar tagann formhór na n-imreoirí ón dá chumann sin.”

Dar le Fitzmaurice go dtagann cuid mhaith de spiorad fhoireann na scoile ón aithne atá ag na himreoirí ar a chéile agus iad ag imirt do chumainn atá buailte ar a chéile.

Bhí iomaíocht ghéar riamh idir foirne ón nDaingean agus foirne na Gaeltachta, ach cuirtear aon naimhdeas go leataobh ar son na Pobalscoile.

“Cuireann siad [an dianiomaíocht] go leataobh agus is dócha, toisc go bhfuil rudaí buaite acu lena chéile ón am go raibh siad i mbliain a haon, go dtuigeann siad gur i dteannta a chéile is fearr iad agus nuair atá an spiorad san ann, go bhfuil seans acu ar rudaí móra a bhuachtaint.”

Tágann Dara Ó Cinnéide lena iar-chomhghleacaí ar fhoireann Chiarraí.

“An iomaíocht agus an chomhghuallaíócht atá eatarthu, tá sé ag déanamh imreoirí níos fearr de na buachaillí óga seo,” a deir iarchaptaen Chiarraí.

Tá an-chuid de na himreoirí ón scoil tar éis imirt d’fhoirne Chiarraí le cúpla bliain anuas, agus ní haon rud nua é sin do phríomhoide na Pobalscoile. Bhí Firtéar ina phríomhoide ar Scoil na mBráithre nuair a bhuaigh siad Craobh ‘B’ na hÉireann i 1994 agus arís i 2001 agus d’fhreastail leithéidí mhuintir Uí Shé, Aodán Mac Gearailt, Dara Ó Cinnéide agus Tommy Griffin ar Scoil na mBráithre.

Is fiú, mar sin, clus le héisteacht a thabhairt do Phádraig Firtéar, a deir gur imreoirí den scoth atá aige faoi láthair.

Dar le Fitzmaurice, tá scata imreoirí a d’imir don scoil le cúpla bliain anuas atá sách maith le himirt do Chiarraí i bhfad na aimsire.

“Tá craobh mionúr na hÉireann buaite cheana féin ag cuid acu anuraidh. Tá an ábaltacht agus, níos fearr fós, an meon, acu chun dul ar aghaidh agus imirt do Chiarraí. Bíodh is go bhfuil ana-chuid rudaí eile le déanamh fós acu, cinnte tá cúigear nó seisear acu a d’fhéadfadh imirt le Ciarraí amach anseo,” a deir bainisteoir na Ríochta.

Ta traidisiún ársa peile i gCorca Dhuibhne, tradisiún a thuig Fitzmaurice go rímhaith nuair a thosaigh sé ag múineadh sa scoil i 2001.

“Tuigim i gcónaí i gCiarraí go bhfuil suim mhór ag daoine sa pheil ach is dóigh liom in áiteanna cosúil le hiarthar Chiarraí agus Ciarraí theas go bhfuil suim ar leith ag muintir na háite sa pheil. Tá traidisiún ann agus tá sé iontach go maireann an traidisiún sin i gcónaí.”


Dé Sathairn, 11 Aibreáin

Cluiche Ceannais Chorn Uí Ógáin

Pobalscoil Chorca Dhuibhne v Scoil na mBráithre, Ros Comáin, Páirc an Chrócaigh, 3.15i.n.

 

Fág freagra ar '‘Ní neart go cur le chéile’ – Pobalscoil Chorca Dhuibhne ar thairseach na staire'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Guím gach rath ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne ina gcluiche ceannais inniu. Mór an náire do Tuairisc nach raibh aon trácht nó réamh thuairisc agaibh at chluiche ceannais uile Éireann eile ina raibh scoil Gaeltachta pairteach ann. D’imir Coláiste Ghobnatan aréir i gcraobh ‘C’ na hÉireann in aghaidh Ardscoil Rath Iongháin. Chaill siad le pointe amháin i gcluiche den scoth a craoladh go cumasach ar RnaG. Tá Gaeltacht agus pobail Ghaeilge le cois Gaeltachtaí Chonamara agus Chorca Dhuibhne ach ní shamhlófá sin ag léamh Tuairisc

  • Feardorcha

    Is léir gur beag a n-aird ar Chorca Dhuibhne ach oiread … Seans go bhfuil an “foreign correspondent” ag iarraidh an fón saitilíteach a nascadh leis an míntír (Gaillmh) fós … dhá lá imithe anois agus gan faic ach scata pictiúr thuas.