Achomharc le déanamh i dtaobh cinnidh gur cion coiriúil é móin a bhaint ar thalamh caomhnaithe

Sa Chúirt Achomhairc a thabharfaidh beirt as Ciarraí dúshlán dlí maidir le cinneadh a rinneadh go ndearna siad coir agus iad ag baint mhóna le hinneall ar phortach

turf

Tá achomharc le déanamh i dtaobh cinnidh gur cion coiriúil é móin a bhaint ar thalamh caomhnaithe.

Sa Chúirt Achomhairc a thabharfaidh beirt as Ciarraí dúshlán dlí maidir le cinneadh a rinneadh go ndearna siad coir agus iad ag baint mhóna le hinneall ar phortach Mhóin Mhínleach i Lios Tuathail in 2012.

Tá an portach seo áirithe mar Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (Special Area of Conservation), agus de réir rialachán 35.1 de chuid an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos in ionstraim reachtúil 477/2011, tá dualgas ar bhallstáit a ngnáthóga nádúrtha a chosaint. 

Thug John O’Connor agus Christopher McCarthy, as Cill Bheathach, Maigh Mheáin, Co. Chiarraí, dúshláin an Stáit, á rá go bhfuil an reachtaíocht a bhaineann le talamh a chosaint míbhunreachtúil sa mhéid is nach n-aithnítear ann cearta daoine leas a bhaint as a gcuid talún féin ná an ceangal atá ag daoine leis an talamh go stairiúil.

Thug an Ard-Chúirt droim láimhe lena ndúshlán, á rá go bhfuil an reachtaíocht bunreachtúil, agus chaith amach cás na beirte. Tuigear anois go bhfuil an bheirt chun a gcás a chur os comhair na Cúirte Achomhairc go luath amach anseo.

Fág freagra ar 'Achomharc le déanamh i dtaobh cinnidh gur cion coiriúil é móin a bhaint ar thalamh caomhnaithe'