Ach rudaí a bheith ina gceart arís, thiocfainn ann ar iompú do bhoise

Taca an ama seo chuile bhliain bíonn fuilibiliú faoin Aintree Grand National agus Comórtas Mháistrí Augusta

Ach rudaí a bheith ina gceart arís, thiocfainn ann ar iompú do bhoise

Galfchúrsa Augusta National. Pictiúr: INPHO/Allsport

Tá dhá mhór-ócáid spóirt an deireadh seachtaine seo ar phéire nár fhreastail mé ariamh orthu le mo bheo – fós ar chuma ar bith. Dá gcaithfinn rogha dhéanamh eatarthu is cinnte gurb é Comórtas Mháistrí Augusta a thabharfadh an svae leis. Ní bheinn i m’aonar óna thaobh sin déarfainn.

Taca an ama seo chuile bhliain bíonn fuilibiliú faoin Aintree Grand National. Cuireann na céadta míle duine geall air nach mbacann lena leithéid a dhéanamh go dtaga an t-am seo arís. Cuid eile den draíocht a bhaineann leis go bhfuil sé á rith ón mbliain 1839, fad os cionn 4½ míle a bheith ann agus deich gcinn fhichead de léimeanna ag ar facthas tuislí go leor inné.

Le fírinne is cisrás (handicap) Grád 3 atá ann, os cionn cloch go leith (8kg) meáchain ar chapaill seachas a chéile agus cead iomaíochta ag cinn a bhfuil rátáil chomh híseal le 134 acu. Cuir sin i gcomparáid le rás Grád 1 ar nós Chorn Óir Cheltenham, áit a bhfuil an meáchan céanna ar chuile chapall agus áit a bhfuil rátáil 170 nó os a chionn ag na trí chapall ba thúisce a thrasnaigh an líne cúpla seachtain ó shin – Minella Indo (175), A Plus Tard (174) agus Al Boum Photo (170).

Sin le rá dá mbeadh Minella Indo agus buaiteoir an Grand National inné, Minella Times (146), ag rith in aghaidh a chéile agus iad ar chomh-mheáchan, go mbeadh Indo 29 fad capaill chun cinn ag deireadh an ráis. Dála an scéil, cé go bhfuileadar é dtraenáil ag Henry de Bromhead, níl aon ghaol fola idir an dá chapall. Níl ann ach go mba é John Nallen as Minella Racing a cheannaigh an péire agus iad bliain d’aois ag díolachán Tattersalls i 2013.

Ach sin ár ndóthain den doicheall. Ócáid spóirt faoi leith is ea an Grand National. Ach an deis a fháil agus rudaí a bheith ina gceart arís, thiocfainn ann ar iompú do bhoise.

Tá 25% de laghdú ar dhuaischiste an rása le cúpla bliain ach mar sin féin thug buaiteoir an lae inné £375,000 leis agus roinneadh beagán lena chois sin ar na hiomaitheoirí eile.
Ó am go chéile bíonn daoine do mo cheistiú faoin roinnt a dhéantar ar an airgead sin.

An bhfanann chuile phingin de i bpóca an úinéara nó cén céatadán d’airgead an rása a fhaigheann an traenálaí agus an marcach? Agus an bhfaigheann na daoine a bhíonn i ngreim i srian an chapaill le linn na paráide, nó iad siúd a chartann a stábla sa mbaile aon bhlas den chreach?

Freagra na ceiste go bhfaigheann, cé gur beag den cháca a bhíonn fanta faoin am a sroicheann sé lucht na bpící.

Sula bhfaightear deis iomaíochta beag ná mór bíonn ar úinéir an chapaill táille iontrála a íoc agus braithfidh sin ar an duaischiste atá á thairiscint. In Éirinn bhainfeadh táille iontrála €500 le rás a mbeadh €10,000 as é a bhuachan. Is é is dócha gur íoc úinéir bhuaiteoir an Grand National idir £1,000 agus £1,500 ar chead iomaíochta.

As an bhfuílleach a bhí aige, fuair a thraenálaí 10%, (6% dá nduaischiste féin ag traenálaithe na gcapall a tháinig ina dhiaidh). Fuair na marcaigh iad féin céatadán a bheadh mórán mar a chéile, mar aon leis an táille £174.63 a théann le gach léimrása ina mbíonn siad ag iomaíocht (£120.66 ar an talamh réidh).

Bainfear beagán (3%) as ciste an úinéara freisin do scéim bónais na n-oibrithe – stábla agus suimeanna níos lú fós as sciartha chuile dhuine ar mhaithe le cistí gortaithe, oideachais, pinsin agus a leithéid. Bíonn táille tuairim £10 le híoc ag an marcach don valet nó don ghiolla atá freagrach as a fheisteas. Beagán le cois £7,000 a bheadh fágtha ag an úinéir as rás a mb’fhiú £10,000 é, thug úinéir an Grand National tuairim is £280,000 abhaile leis.

I gcás rásaí móra dá leithéid siúd, bheadh síneadh láimhe gnaíúil i gceist do chuile dhuine, mar aon lena dtáillí.

Ní foláir d’úinéirí a bheith gustalach go maith. Feicim go ndeir Cumann Traenálaithe Capaill Rása na hÉireann gur idir €800 agus €1,400 sa mhí an costas a bhaineann le traenáil capall sa tír seo – tharlódh go mbeadh táillí iontrála, tréidliachta agus crúdóireachta le cur leis sin.

Tá sé níos costasaí fós sa mBreatain, £20,000 i stábla léim-rásaíochta agus £25,000 i gceann don talamh réidh.

Deirtear ar shuíomh idirlín an traenálaí Bhriotanaigh Mark Johnson, a bhfuil os cionn 100 rás buaite ag a chuid capall sa gcineál rásaíochta sin chuile bhliain le 27 bliain, gur £82 sa lá a bhaineann seisean amach – san áireamh ansin tá na costais bhreise atá luaite thuas agam, iompar chuig agus abhaile ó rásaí agus é luaite go sonrach aige go bhfuil obair an chrúdóra san áireamh freisin – ceann a mbeadh costas £55 ag baint leis féin amháin.

Ní baileach go bhfuil na táillí a bhaineann Neil Mulholland amach ina stábla in aice le Bath chomh hard céanna. Tá beagnach 60 rás buaite ag capaill Mulholland an séasúr seo. Tabharfaidh an fear a saolaíodh ar bhruach Loch nEathach aire do chapall duit ar tuairim is £45 in aghaidh an lae, san iomlán. Rith ceann dá chuid, Soupy Soups, in Aintree inné.

Beidh mórán mór an oiread ag dul don ghiolla atá ag iompar mhála gailf an té a thabharfaidh Comórtas na Máistrí leis in Augusta anocht agus a fuair úinéir bhuaiteoir an Grand National – dlite dó siúd beidh 10% den seic $2 mhilliún a chuirfear i bpóca brollaigh a fhostóra. Síneadh láimhe flaithiúil freisin ag dul leis sin ar ndóigh.

Gheobhaidh an galfaire a chríochnóidh san áit dheireanach in Augusta anocht $29,000 agus a ghiolla tuairim is $1,500. Ní bheidh de shásamh ag a leathbhádóir in Aintree ach luach an tacsaí chun an aerfoirt, a thóin a bheith tinn agus ríméad nár briseadh aon chnámh dá chuid.

Is maith sin ann féin, a deir tú.

Fág freagra ar 'Ach rudaí a bheith ina gceart arís, thiocfainn ann ar iompú do bhoise'