Ábhar ‘Litríocht na Gaeilge’ don Ardteist agus breis cumhachtaí don Choimisinéir Teanga geallta ag na Glasaigh

Seoladh forógra an Chomhaontais Ghlais i mBaile Átha Cliath inniu agus tá sé cinn de gheallúintí ann maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta

12/02/2016 General Election 2016. Picture at the launch of the Green Party General Election Manifesto in the Molesworth Gallery today is candidate for Dublin Bay South and Green Party Leader Eamon Ryan talking to Christopher Fettes, founder of the Irish Green Party in 1981. Photo: RollingNews.ie
Ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamon Ryan ag caint le Christopher Fettes, a bhunaigh an Comhaontas in 1981 ag seoladh fhorógra toghcháin an pháirtí inniu. Pictiúr: RollingNews.ie

Ábhar roghnach nua don Ardteist – Litríocht na Gaeilge. Breis cumhachtaí don Choimisinéir Teanga. Bunú coiste Oireachtais do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tacaíocht d’fhorbairt ionaid Ghaeilge ar fud na tíre agus “lánstádas” don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Sin na príomhghealltanais ó thaobh na Gaeilge de atá déanta ag an gComhaontas Glas ina bhforógra a seoladh inniu i mBaile Átha Cliath.

Deirtear i bhforógra toghcháin an pháirtí Think Ahead, Act Now, atá ar fáil i mBéarla amháin faoi láthair, go bhfuil an Comhaontas Glas tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge mar theanga bheo náisiúnta.

“The Green Party is fully committed to the development and support of a vibrant national approach to our first language,” a deirtear.

Tá geallta ag an bpáirtí freisin go dtabharfaidís cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga ‘lena chinntiú go seasfaí le cearta na gcainteoirí Gaeilge’.

Tá a gcuid tacaíochta geallta freisin acu d’Fhoras na Gaeilge, do Chonradh na Gaeilge agus d’eagraíochtaí eile Gaeilge le forbairt a dhéanamh ar earnáil na teicneolaíochta faisnéise i nGaeilge.

Maítear san fhorógra go bhfuil an t-idirlíon chomh tábhachtach céanna leis an teilifís mar mheán foghlama teanga agus go mbaineann tábhacht ar leith leis do thodhchaí na teanga.

Tá dhá shiollabas Gaeilge geallta ag na Glasaigh freisin do dhaltaí iarbhunscoile.

“In the examinations of the course ‘Irish Language’, the pupils’ spoken, written, understanding and writing skills would be examined, according to the Common European Framework of Reference for Language Learning.

“The course ‘Irish Language Literature’ would be made available to pupils who show particular ability in Irish,” a deirtear.

Tá geallta ag an bpáirtí go mbunóidís coiste Oireachtais do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ceann den trí mhóréileamh réamhthoghcháin atá ag Conradh na Gaeilge. Níl aon gheallúint tugtha uathu maidir leis an dá éileamh eile a rinne an t-eagras teanga – go gceapfaí Aire Sinsearach a mbeadh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta mar phríomhchúram air agus go gcuirfí €18 milliún breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Ábhar ‘Litríocht na Gaeilge’ don Ardteist agus breis cumhachtaí don Choimisinéir Teanga geallta ag na Glasaigh'