‘Ábhar imní’ é go mbeidh Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ ag leibhéal níos sóisearaí sa chóras feasta

Tá post an Ghrúpcheannasaí Gaeilge fógartha ag RTÉ agus comharba le ceapadh acu ar Rónán Mac Con Iomaire, an chéad duine a raibh an post sin aige

‘Ábhar imní’ é go mbeidh Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ ag leibhéal níos sóisearaí sa chóras feasta

“Ábhar imní” é go mbeidh Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ ag leibhéal níos sóisearaí i struchtúr bainistíochta an stáisiúin feasta.

Tá post an Ghrúpcheannasaí Gaeilge fógartha ag RTÉ agus comharba le ceapadh acu ar Rónán Mac Con Iomaire, an chéad duine a raibh an post sin aige, an post is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge ag an gcraoltóir poiblí.

De réir an fhógra ar shuíomh idirlín RTÉ don phost, a bhfuil ‘Grúpcheannasaí Seánra na Gaeilge’ á thabhairt anois air, beidh an té a cheapfar freagrach do Leas-Stiúrthóir Ábhar an stáisiúin, athrú mór i gcomparáid leis an áit sa chóras a samhlaíodh don phost an chéad lá.

Nuair a mhol grúpa oibre in RTÉ go mbunófaí post an Ghrúpcheannasaí Gaeilge moladh go mbeadh an té a mbeadh an post sin aige freagrach don Ard-Stiúrthóir féin, ach nuair a fógraíodh an post den chéad uair in 2014 tugadh le fios gur freagrach don Stiúrthóir Raidió (an Stiúrthóir Ábhar anois) a bheadh an té a cheapfaí.

Ag leibhéal níos ísle fós atá an Grúpcheannasaí anois de réir an fhógra don fholúntas, agus ní ball d’fheidhmeannas RTÉ an té a mbeidh an Grúpcheannasaí Gaeilge ag tuairisciú dó.

Tá impleachtaí ag an ísliú stádais seo do RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith. In 2017, aistríodh an fhreagracht in RTÉ as Raidió na Gaeltachta go dtí an Grúpcheannasaí Gaeilge. Roimhe sin bhíodh ceannaire Raidió na Gaeltachta freagrach do cheannasaí raidió an stáisiúin a bhíodh ar fheidhmeannas RTÉ.

Rónán Mac Con Iomaire

Dar leis an Dr Uinsionn Mac Dubhghaill, saineolaí ar na meáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, gur “ábhar imní” atá san athrú ar áit an Ghrúpcheannasaí Gaeilge i struchtúr bainistíochta RTÉ.

“Is cinnte gur ábhar imní é seo agus ba chóir do RTÉ míniú a thabhairt ar cén fáth go bhfuil an t-athrú seo déanta agus athdhearbhú a dhéanamh faoin treo a bhfuil siad ag dul ó thaobh na teanga agus an chultúir de.

“Bhí an tuiscint ann in RTÉ le roinnt blianta anuas nach dtiocfadh siad slán sa ré ghéariomaíochta seo mura mbeadh seirbhís uathúil agus shainiúil á cur ar fáil acu.

“Mar chuid den tuiscint sin, aithníodh go raibh gá le níos mó suntais a thabhairt don Ghaeilge. Má chiallaíonn an t-athrú seo go bhfuil siad ag cúlú ón tuiscint sin, is buille mór a bheadh ann, ní hamháin don teanga ach do RTÉ féin,” arsa Uinsionn Mac Dubhghaill.

Dar le Mac Dubhghaill gurb amhlaidh gur mó “damáiste a dhéanfaidh RTÉ dóibh féin” má bhíonn siad ag baint de stádas na Gaeilge sa chraoltóireacht seachas a bheith ag cur leis.

“Níl aon seans go dtiocfaidh RTÉ slán mura n-éiríonn leo léiriú níos fearr a dhéanamh ar ghnéithe sainiúla éagsúla de shaol na hÉireann, an Ghaeilge ina measc,” a dúirt Uinsionn Mac Dubhghaill ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Ábhar imní’ é go mbeidh Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ ag leibhéal níos sóisearaí sa chóras feasta'