Ábhar ceiliúrtha ag Michéal D Ó hUigínn, ach ábhar dianmhachnaimh ag Mary Lou McDonald

Beidh an chuid is mó den tuairimíocht faoin toghchán uachtaránachta seo dírithe ar an iarrthóir a chríochnaigh sa dara háit, Peter Casey, ach tá ábhar dianmhachnaimh ann do cheannaire Shinn Féin chomh maith

Ábhar ceiliúrtha ag Michéal D Ó hUigínn, ach ábhar dianmhachnaimh ag Mary Lou McDonald

Bhí toradh an toghcháin soiléir do chách le fada.

Luathshampla amháin. Bhí an abairt seo a leanas i gcolún an scríbhneora seo ar Tuairisc.ie ar an 29 Meán Fómhair, fiú sular ainmníodh na hiarrthóirí go léir:

‘Toghfar Micheál D Ó hUigínn mar uachtarán arís ar 26 Deireadh Fómhair.’

Tháinig deimhniú ar an tairngreacht sin agus ar gach tairngreacht eile go gairid tar éis dúnadh na stáisiún vótála nuair a thug suirbhéanna iarvótála RTÉ agus an Irish Times le fios go n-atoghfaí an tUachtarán gan stró.

Beidh an chuid is mó den tuairimíocht faoin toghchán uachtaránachta seo dírithe ar an iarrthóir a chríochnaigh sa dara háit. Chuir duine as gach cúigear vótóirí Peter Casey chun cinn ar na hiarrthóirí eile.

“He says what a lot of people are thinking,” a dúirt fear as Baile Átha Cliath leis an scríbhneoir seo agus é a ndúirt Casey faoin lucht siúil á phlé againn.

Bhí caint dá leithéid le cloisteáil i mórán ceantar eile le cúpla lá anuas.

An ionann sin agus a rá go n-aontaíonn gach duine a thug vóta dó leis an gcáineadh a rinne Peter Casey ar an lucht siúil i gcoitinne? Tá sé róluath tabhairt faoi fhreagra na ceiste sin, ach is fiú fáthanna éagsúla leis an rath a bhí ar Casey a mheá:

  1. Fuath don lucht siúil.
  2. Amhras agus míshásamh ar mhórán daoine faoin lucht siúil.
  3. Míshásamh ginearálta.
  4. Meas ar dhuine a nochtann tuairimí a cheileann daoine eile cé go n-aontaíonn siad leo.

Níor mhol Casey réiteach ná ábhar réitigh agus an lucht siúil á cháineadh aige. Bhí macalla ina ráitis d’ionsaithe Trump ar mhionlaigh éagsúla.

Ach tá rabhadh tugtha i ngan fhios aige, rabhadh nach leor é a ligean i ndearmad. Ní foláir aghaidh a thabhairt ar an ábhar a tharraing sé anuas le linn an fheachtais, go háirithe toisc gur chosúla a ndúirt sé le racht feirge seachas aon rud eile.

Tá vóta suntasach muiníne tugtha do Mhicheál D Ó hUigínn. Ní air siúd atá an milleán gur sheas scata lagiarrthóirí ina choinne, agus gur ísligh an céatadán vótála. Vótáil os cionn caoga faoin gcéad de thoghthóirí i ngach toghchán uachtaránachta roimhe seo seachas ceann amháin, toghchán 1997.

Tháinig ísliú thart ar a deich faoin gcéad ar thacaíocht an Uachtaráin le linn an fheachtais, má chuirtear an sciar den phobal a bhí ag tacú leis i dtosach (70 faoin gcéad i bpobalbhreitheanna éagsúla) i gcomparáid lena vóta inné. B’fhearr dó mar sin aird a thabhairt ar iarratais go gcuirfí cur síos níos iomláine ar fáil ar chaiteachas an Uachtaráin.

Gheall sé roimh an toghchán go bhfoilseodh sé na cuntais. Neartóidh sé meas an phobail air má chomhlíontar an gheallúint gan mhoill.

Tá cúis cheiliúrtha ag seisear ceannairí polaitiúla agus Micheál D Ó hUigínn ag filleadh ar an Áras. Ar ndóigh thug Leo Varadkar, Micheál Martin, Brendan Howlin, agus comhcheannairí na nDaonlathach Sóisialta, Róisín Shortall agus Catherine Murphy, tacaíocht don Uachtarán ar chúis mhór amháin: chun feachtas toghcháin a sheachaint. Ach d’aontaigh móramh láidir i measc an phobail lena dtuairim go raibh téarma eile san Áras tuillte ag Micheál D Ó hUigínn.

Ní ar na ceannairí thuasluaite atá an milleán go raibh an feachtas toghcháin seafóideach scaití, agus tuirsiúil uaireanta eile. Ní féidir a chur ina leith ach oiread go raibh siad freagrach as cur amú airgid ar thoghchán gan bhrí.

Gan dabht, is ar na comhairlí contae agus baile a d’ainmnigh ceathrar iarrthóirí atá sciar den fhreagracht. Ach is léir do gach duine neamhchlaonta gur ag ceannaire Shinn Féin a bheas an t-ábhar machnaimh is déine tar éis an toghcháin seo.

D’fhógair Mary Lou McDonald i mí Iúil gur chóir go mbeadh ‘comórtas’ ann le haghaidh na huachtaránachta. Dúirt Poblachtánach as cúige Uladh leis an scríbhneoir seo an uair sin go raibh an chairt curtha roimh an gcapall ag ceannaire Shinn Féin.

“Ní comórtas per se atá uainn,” a dúirt si, “ach comórtas ina mbeidh seans réasúnta ann ar a laghad go rachaidh an sciar den vóta a ghnóthaigh Martin McGuinness sa toghchán deireanach i méid. Níl a leithéid de dhuine ar fáil. An phríomhchúis: toisc go bhfuil daoine chomh sásta le Michael D go bhfuil sé dochloíte.”

Níor éirigh le Liadh Ní Riada ach thart ar a leath den chéatadán vótaí a fuair McGuinness in 2011 (13.7%) a fháil. Ach ní ar an iarrthóir ach ar a ceannaire a chuirfear na ceisteanna is géire anois.

An féidir le Mary Lou McDonald  an cinneadh lochtach a rinne sí maidir leis an toghchán uachtaránachta a chosaint? Ní léir aon leithscéal.

Fág freagra ar 'Ábhar ceiliúrtha ag Michéal D Ó hUigínn, ach ábhar dianmhachnaimh ag Mary Lou McDonald'

  • Concubhar

    An rud a chaithfidh Mary Lou agus a comhleacaithe i Sinn Féin a chosaint cén fath ar thréigh siad iarrthóir an pháirtí, Liadh Ní Riada, nuair a dúirt sí le linn diospóireachta go gcaithfeadh sí , dá dtoghfaí ina huachtarán í agus dá mbeadh sí ag freastal ar Dhomhnach an Chuimhneacháin sa ról sin, an phoipín ar son an leasa is mó agus bheith fáilteach rompu san den traidisiún eile ar an oileán seo.
    Is minic a bhionn lucht SF ag caint ar bheith ag déanamh athmhuintearas le h-aondachtaithe – unionist outreach a thugtar air – ach b’é seo an uair go raibh deis acu sin a dhéanamh. In áit sin beidh comóradh is cuimhneachán ar bhuamadóir na Seanchille ag SF i mBF! Má tá caint le déanamh ar ‘athaontú na tíre’ mar a gheall SF le linn an fheachtais seo, tá gá aghaidh a thabhairt ar na ciallachais a bhaineann le sin agus ceanna acu seo an chaidreamh a bheidh againn lenár gcomhÉireannaigh a thugann Briotanaigh orthu féin.
    Bhí deis ag SF le linn an fheachtais seo an cás a dhéanamh ar son Éire Aontaithe a bheadh fáiltiúil roimh chách. Threigh siad an t-iarrthóir a labhair abairt amháin ar an dtéama seo agus theith siad ón gceist.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Bheadh go leor den dream atá ar mhuin na muice an-sásta leis an ionsaí a rinne Peter Casey ar dhaoine atá ag brath ar chúnamh leasa shóisialaigh. Fiú amháin iad siúd nach bhfuil an-ard ar chor ar bith ar an dréimire is breá leo a bheith ag cáineadh daoine atá ar chéim níos ísle ná iad . Éist le múinteoirí agus le iriseoirí, mar shampla. Maidir leis an vóta a fuair Liadh Ní Riada, is léir gur mó an t-ómós a bhí ag an bpobal d’iarcheannaire oscailte as an IRA ná dise a bhí sásta an poppy a chaitheamh. Ach ó thaobh chéadchodán na vótaí, cuimhnigh gur 27.3% a fuair Fine Gael in olltoghchán 2011 ach nach bhfuair Gay Mitchel ach 6.4% ocht mí ina dhiaidh sin.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Dúirt cara liom ar ball gur 27.3% de na suíocháin a fuair Fine Gael sa toghchán sin ach go bhfuair siad 36% den vóta chéad rogha. Cuireann sé sin leis an argóint.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Gabh mó leithscéal, thug mé an t-ainm mhícheart ar bhean Shinn Féin.

  • Cuairteoir

    Aisteach an rud é, i ndáiríre, duine ag rá gur cinneadh mícheart é toghchán a mholadh. Poblacht dhaonlathach í an stát seo agus níor cheart go leanfadh Uachtarán sa ról gan stad, gan cheist gan chomórtas.