‘Ááá, a dheaide, níl tú á insint i gceart!’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Cé againn nár fhás aníos ag éisteacht le scéilíní roimh dhul a chodladh? Ach bíodh loighic ag baint leis an scéilín!

‘Ááá, a dheaide, níl tú á insint i gceart!’

Níor tháinig mo chodladh orm aréir agus ghuigh mé go dtosódh sé ag cur báistí.

Ní hé go gcuireann cleatráil bháistí suaimhneas orm (a mhalairt, tá an díon faoina gcodlaím chomh sean sin go mbíonn faitíos orm go mbeidh braon anuas orm.) Ach bheinn in ann scéal Léo a insint dom féin.

Sa scéal sin, tá mé féin agus Léo, cara de mo chuid ón mBrasaíl, amuigh ag rothaíocht. Go tobann, tagann múr trópaiceach aniar aduaidh orainn agus báitear go craiceann muid. Ach tá smaoineamh ag Léo: tá motel ar an taobh eile den bhóthar, óstán ina bhfaigheann tú seomra ar cíos in aghaidh na huaire an chloig seachas in aghaidh na hoíche, agus anonn linn faoi dheifir.

Tá sé spéisiúil gurb é Léo a chuimhníonn ar fhoscadh a lorg i seomra motel, seachas mise. Fear 110 faoin gcéad díreach é Léo. Mar sin féin, agus é ag dul faoin gcith chun salachar an bhóthair a ghlanadh dá cholainn fhéitheogach, breathnaíonn sé orm agus deir: ‘Cén mhoill atá ort?’

Ní fios céard a tharlaíonn ina dhiaidh sin, mar tagann mo néal orm díreach ag an gcasadh sin sa scéal agus sin é go díreach an pointe; oibríonn an cleas i gcónaí.

Cé againn nár fhás aníos ag éisteacht le scéilíní roimh dhul a chodladh? ‘Ááá, a dheaide, ceann amháin eile!’

Dlúthchuid chomh bunúsach sin dár saol í an scéalaíocht go gcaithfidh sé gur instinn atá inti, fearacht instinn na cainte féin. Agus cá bhfios nárbh í mian an duine leannán nó clann a chur ina gcodladh go sona suaimhneach fad is a bhí stoirmeacha, tíogair chuarfhiaclacha agus mamait ag búireach taobh amuigh den phluais ba chúis leis, an chéad lá riamh, gur fhorbair ár sinsir cumas na cainte na céadta míle bliain ó shin.

Agus dála na gramadaí uilíche, an córas sin a cheaptar atá ionainn uilig ó nádúr agus a chuireann ar ár gcumas teangacha a fhoghlaim, cá bhfios nach bhfuil a leithéid ann agus an scéaltuiscint uilíoch, tuiscint ó nádúr ar phlotaí?

‘Ááá, a dheaide, níl tú á insint i gceart, ní mar sin a tharla sé!’

Le go gcreidfidh muid i scéal, ní mór cuma na fírinne a bheith ar chúrsaí. Mura mbíonn, nílimid sásta an t-amhras a dhíbirt; ní tharlaíonn an bhrionglóid fhicseanúil, ní oibríonn an cleas agus ní thitimid inár gcodladh.

Ní bhfaigheadh Léo seomra ar cíos i motel in éineacht liomsa go deo deo na ndeor – gan trácht ar thathant orm cith the a thógáil ina theannta – murach an múr trópaiceach sin a theacht aniar aduaidh orainn. An múr sin an fáth go n-oibríonn an scéal, agus sin é an fáth go gcaithfidh sé a bheith ag gleadhradh báistí taobh amuigh le go mbeidh deis agam an scéilín áirithe sin a insint dom féin roimh dhul a chodladh dom.

Fág freagra ar '‘Ááá, a dheaide, níl tú á insint i gceart!’'