A Ghaeilgeoirí, tá ‘Big Brother’ ag faire oraibh! ‘Fáilte ar leith’ ag lucht an chláir iomráitigh roimh chainteoirí Gaeilge

Dúirt lucht léirithe Big Brother i Sasana nárbh amhlaidh gur cuireadh cainteoirí Gaeilge as an áireamh don chlár roimhe seo, ach go bhfuil cuardach ‘níos cuimsithí fós’ a dhéanamh acu do ‘housemates’ na bliana seo

A Ghaeilgeoirí, tá ‘Big Brother’ ag faire oraibh! ‘Fáilte ar leith’ ag lucht an chláir iomráitigh roimh chainteoirí Gaeilge

Tá lucht déanta ‘Big Brother’ ag cur ‘fáilte ar leith’ roimh chainteoirí Gaeilge cur isteach ar áit sa ‘Big Brother House’ don chéad shraith eile den chlár teilifíse réaltachta iomráiteach.

Dúirt urlabhraí de chuid Initial TV, an comhlacht a dhéanann an tsraith sheanbhunaithe, a bhíonn á craoladh anois ar Channel 5 i Sasana, go mbeadh ‘fáilte ar leith’ roimh iarratais ó chainteoirí Gaeilge a mbeadh suim acu a bheith mar ‘housemate’ sa chlár.

“Ní hamhlaidh gur chuireamar cainteoirí Gaeilge as an áireamh riamh roimhe seo, ach is amhlaidh go bhfuil iarracht mhór á déanamh i mbliana againn cuardach níos cuimsithí fós a dhéanamh sna réigiúin agus sna náisiúin chun a chinntiú go bhfaighimid oiread páirtithe tí iontacha agus is féidir ón Ríocht Aontaithe agus ó Éirinn ar fad,” a dúirt urlabhraí thar ceann Big Brother le Tuairisc.ie inniu.

Is beag am atá fágtha áfach ag aon duine a bheadh ag iarraidh teanga Phádraig agus Bhríd a chur chun tosaigh i dTeach an Dearthár Mhóir. Dé Luain seo chugainn, an 19 Márta, an spriocdháta d’iarratais don chlár ag www.bigbrotherauditions.com.

Fág freagra ar 'A Ghaeilgeoirí, tá ‘Big Brother’ ag faire oraibh! ‘Fáilte ar leith’ ag lucht an chláir iomráitigh roimh chainteoirí Gaeilge'