Bhí aontachtaithe dubh dóite in aghaidh na Gaeilge i bhfad sular bunaíodh Sinn Féin Sealadach…

Lig ceannaireacht an DUP dá bhfreasúra i measc aontachtaithe scéal chailleach an uafáis a dhéanamh d’acht na Gaeilge in ainneoin gur chosúil go raibh Arlene Foster ar tí margadh maith a fháil…

Bhí aontachtaithe dubh dóite in aghaidh na Gaeilge i bhfad sular bunaíodh Sinn Féin Sealadach…

Seachtain i ndiaidh theip na gcainteanna idir an DUP agus Sinn Féin tá an nimh ag coipeadh fós faoi Acht na Gaeilge nó faoin nGaeilge féin. Tá cur i gcéill áiféiseach agus athscríobh na staire ar siúl faoin gceist. Cinntíonn an chointinn sin gur beag aird atá ar cheisteanna suimiúla eile a d’eascair as an dréachtréiteach nár glacadh leis.

Ar chinntigh a gcol leis an nGaeilge go raibh an DUP agus aontachtaithe eile dall ar chomh maith agus a d’éirigh le Arlene Foster agus a foireann san idirbheartaíocht? An mbeidh siad níos laige an chéad bhabhta eile i ngeall ar easpa misnigh an cheannaire seachtain ó shin?

Ar ndóigh bheadh sé deacair Acht Gaeilge de chineál ar bith a “dhíol” lena lucht leanúna. Bheadh sé níos casta fós ó bhí barántais tugtha go hoilbhéasach, neamhghéilliúil ag an gceannaire nach nglacfadh sí lena leithéid go deo. Ach ní dhearna Arlene Foster iarracht a áiteamh ar a hionadaithe tofa gan trácht ar an gcosmhuintir glacadh le hAcht, fiú agus péire achtanna eile ag dul leis mar sciath chosanta.

Ní hé nár iompaigh an DUP polasaithe bunoscionn cheana- “scrios Sinn Féin” agus “ ní ghlacfar le roinnt na cumhachta go deo” mar shampla. Bhí cuid den lucht leanúna ar buile nuair a chinn an tUrramach Ian Paisley in 2007 go roinnfeadh sé cumhacht le Sinn Féin, an tsean-namhaid, ach bhí sé in ann an móramh a bhreith leis. Leagadh béim ar na buntáistí a bhain le rialtas díláraithe (ina mbeidís i gceannas).

Ní hé nach raibh gaisce le maíomh ag Arlene Foster san dréachtmhargadh más fíor na leaganacha de atá sceite go dtí seo. Bheadh sise ag dul ar ais mar Chéad-Aire d’ainneoin bagairt Shinn Féin anuraidh nach nglacfaí léi sa phost mura nglanfadh an fiosrú faoin RHI í. Níor thug sí fianaise don bhfiosrú sin fós agus áirítear go mbeidh binse an Bhreithimh Coghlin i mbun oibre go ceann leathbhliana eile. Níor ghéill an DUP tada faoi phósadh comhghnéis ná faoin achainí chásmhaireachta; cuireadh na cruacheisteanna sin ar an méar fhada. Thairis sin, i dtaca le hoidhreacht na dTrioblóidí agus ionchoisní, go speisialta, tuairiscítear nach bhfuair Sinn Féin ach geallúint ó rialtas na Breataine go ndéanfaí rud orthu. Cosúil leis an ngeallúint faoi Acht Gaeilge i gCill Rímhinn ?

Lig ceannaireacht an DUP dá bhfreasúra i measc aontachtaithe scéal chailleach an uafáis a dhéanamh d’Acht na Gaeilge. D’fhág siad an cath bolscaireachta faoi dhaoine eile. Níor sceith ‘foinsí iontaofa’ go raibh níos mó bainte amach acu ná mar a bhí géillte. Creidim go raibh barántas ó Shinn Féin nach bhféadfaí an Feidhmeannas a scor ar an toirt de bharr aighnis, mar a tharla anuraidh, ar cheann de phríomhéilimh lucht idirbheartaíochta an DUP. Rinne siad dul chun cinn air sin freisin ach arís d’fhág siad a n-ionadaithe agus iad aineolach ar an dul chun cinn sin agus lig do Jim Allister agus aontachtaithe eile an lasair a chur sa bharrach.

Don té nach bhfuil taithí aige ar sheanteagasc na n-aontachtach tá sé ionann is dothuigthe go raibh lucht scéal chailleach an uafáis in ann oiread sin faitís a chothú san DUP. Ní ón ngaoth a tháinig an coimhthíos, áfach. Cluinimid go seasta ó aontachtaithe ar nós Nelson McCausland go bhfuil ‘weaponisation; déanta den teanga ag Sinn Féin. Cluinimid an port céanna ó lucht cáinte Shinn Féin in áiteanna eile . ‘Raiméis’, mar a dúirt mo chomhghleacaí Cathal Mac Coille ar an suíomh seo ag an deireadh seachtaine. Bhí aontachtaithe dubh dóite in aghaidh na Gaeilge sular chuir Sinn Féin suim dá laghad inti. Go deimhin, bhí aontachtaithe dubh dóite in aghaidh na Gaeilge i bhfad sular bunaíodh Sinn Féin Sealadach.

Ina cholún rialta san Irish News bhí altanna ó chartlann an nuachtáin sin ag an staraí Éamonn Phoenix le gairid ag cur síos ar ócáidí san aois seo caite nuair a nocht aontachtaithe a naimhdeas don Ghaeilge. I measc na n-eachtraí sin, bhí conspóid i gComhairle Dhún Geanainn i 1918 faoi chomharthaí agus ceann ó 1942 nuair a briseadh príomhoide ceardscoile ar an Srath Bán as a phost mar gur bhunaigh sé rang Gaeilge. Tá an t-idirlíon breac le liostaí de shamplaí eile.

Gan dabht baineann Sinn Féin leas as an éileamh ar Acht Gaeilge ar mhaithe leo féin. Cén t-iontas? Tá páirtithe eile ag iarraidh achta chomh maith, an SDLP, an Comhaontas Glas agus PbP agus tá éileamh leasaithe ag Alliance. Ach ní hiad Sinn Féin a d’iarr Acht Gaeilge i dtús báire. Nocht Páipéir Stáit gur éiligh Rialtas na hÉireann Acht Gaeilge cosúil le hAcht na Breataine Bige ó Rialtas na Breataine i 1992. D’eascair an t-éileamh sin as cáipéis ón Rúnaíocht i Maryfield (státseirbhísigh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha) a bunaíodh tar éis Chomhaontú Hillsborough 1985.

Ag an am sin bhí aontachtaithe ar a ndícheall ag iarraidh a chinntiú nach bhféadfadh Éire a ladar a chur i ngnóthaí Thuaisceart Éireann. Dhéanfadh sé sin ‘díbhriotanú’ ar an tuaisceart, ar siad. An port céanna atá acu inniu faoi Acht Gaeilge.

Fág freagra ar 'Bhí aontachtaithe dubh dóite in aghaidh na Gaeilge i bhfad sular bunaíodh Sinn Féin Sealadach…'

  • Pádraic

    An-léargas ó Phóilín ar chúrsaí mar is dual di.

  • léitheoir

    ‘naimhdeas dubh dóite’ …cén cruth a bheas ar an ‘naimhdeas’ sin nuair a bheidh toghchán ann faoi athaontú na tíre amach anseo agus tromlach na náisúnaithe ar a shon?