Tá aiséirí buan i ndán do chlár seanbhunaithe cúrsaí reatha TG4 7 Lá, ar fógraíodh deireadh a bheith curtha leis i mí na Bealtaine.
Fógraíodh i dtús an fhómhair go gcraolfaí ceithre eagrán den chlár cúrsaí reatha a chuireann Páidí Ó Lionáird i láthair i mbliana chun an bhearna a líonadh nó go dtosóidh RTÉ ag soláthar clár nua do TG4 i mí Eanáir.
Ach is cosúil anois go bhfuil speach níos mó ná mar a síleadh sa chlár ar cuireadh an ola dhéanach air i dtús an tsamhraidh.
Dúirt Ardstiúrthóir TG4 ar an gclár Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna inné gur Seacht Lá agus “cuma nua” air a bheidh sa chlár úr a sholáthróidh RTÉ don stáisiún Gaeilge an bhliain seo chugainn.
Dhá eagrán eile de 7 Lá a bheidh ann as seo go dtí deireadh na bliana mar chuid den mhionsraith speisialta ach gheall an tArdstiúrthóir gur “ceathracha 7 Lá” a bheidh ann in 2018.
Roimhe seo ba é TG4 féin a léiríodh 7 Lá, ach faoi shocrú nua is é RTÉ a chuirfidh an clár seachtainiúil cúrsaí reatha leathuair an chloig ar fáil do TG4 mar chuid dá soláthar reachtúil don stáisiún Gaeilge.
Tuigtear go mbeifear ag fostú Eagarthóir/Léiritheoir lánaimseartha don 7 Lá nua, ach ní léir an mbeidh foireann faoi leith ag an duine sin.
Cé gur léiriú de chuid RTÉ a bheidh i 7 Lá feasta, foireann theicniúil de chuid TG4 a bheidh ag obair air.
Tógfar seit nua don chlár a chraolfar ó Bhaile na hAbhann uair sa tseachtain, ach ní fios fós cad iad na nithe sainiúla eile a bhainfidh leis.
Bhí tuairiscí ann go raibh plean níos uaillmhianaí ag TG4 do dhá chlár cúrsaí reatha in aghaidh na seachtaine agus go n-imeofaí ar fad ón múnla stiúideo agus cainte a bhíodh ag 7 Lá.
Fógraíodh níos túisce i mbliana go raibh deireadh á chur le 7 Lá mar chuid de chur chuige an Ardstiúrthóra nua, Alan Esslemont.
Mar chuid den chur chuige nua sin fógraíodh go mbeadh deireadh á chur leis na cláir chainte stiúideo a dhéantar sa stáisiún féin. I measc na gclár eile ar cuireadh deireadh leo bhí na sraitheanna Róisín, Béaloideas Beo agus Seó Spóirt.
Bhain conspóid mhór go háirithe leis an gcinneadh deireadh a chur le Seó Spóirt, cinneadh a raibh go leor gearán faoi ar na meáin shóisialta agus ar na nuachtáin.
Traolach Ó Sioradáin
“ceathracha 7 lá”?
Creatlacha 7 lá, is dócha, atá i gceist agat.