Oifig Turasóireachta agus caifé oscailte go hoifigiúil inniu i gCasla

I seanTeach na Cúirte i gCasla atá an oifig nua lonnaithe

Oifig Turasóireachta agus caifé oscailte go hoifigiúil inniu i gCasla

Osclaíodh caifé nua agus oifig nua turasóireachta i dTeach na Cúirte i nDoire an Fhéich i gCasla i gConamara go hoifigiúil inniu.

Táthar ag súil go mbeidh an oifig nua ina háis dóibh siúd a bhíonn ag plé leis an turasóireacht i nGaeltacht Chonamara lena gcuid seirbhísí agus eolas eile a chur ar a súile do chuairteoirí a thagann chuig an gceantar. Táthar ag súil freisin go bhfaighidh na cuairteoirí sin “blaiseadh de chultúr saibhir agus áilleacht nádúrtha an cheantair”.

Tagann os cionn 1.3 milliún cuairteoir go contae na Gaillimhe  gach uile bhliain agus tá borradh mór faoin méid turasóirí atá ag leanúint Slí an Atlantaigh Fhiáin, a shíneann ó Chontae Thír Chonaill go Contae Chorcaí, trí Chontae na Gaillimhe.

Is é Comhairle Ceantair na nOileán a bheidh i mbun riaradh na hoifige nua turasóireachta, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Tá sé i gceist go mbeidh an oifig oscailte cúig lá sa tseachtain an mhí seo agus seacht lá na seachtaine i gcaitheamh an chuid eile den samhradh.

Is i seanTeach na Cúirte i gCasla atá an oifig nua lonnaithe. Dúnadh an chúirt ar an 1 Bealtaine 2013 agus ní raibh aon rud  ar siúl san fhoirgneamh ó shin. Is leis an bhfear gnó Nioclás Ó Conchubhair, a bhfuil siopa mór crua-earraí sa cheantar céanna aige, an foirgneamh anois. Ba é a rinne an t-athchóiriú ar an bhfoirgneamh agus tá an spás oifige á chur ar fáil saor in aisce aige don oifig turasóireachta.

Dúirt Údarás na Gaeltachta go bhfuiltear ag súil le ‘Coiste Turasóireachta Ghaeltacht na Gaillimhe’ a bhunú go gairid, coiste ar a mbeidh ionadaíocht ag comhlachtaí forbartha pobail, agus ag an earnáil phríobháideach.