Tá poll curtha ag pobalbhreith Millward Brown i lagchosaint an Taoisigh ar a chinneadh Joe McHugh a cheapadh ina Aire Stáit Gaeltachta.
Léiríonn an phobalbhreith go gcreideann móramh soiléir den phobal gur coinníoll réasúnta is ea líofacht Ghaeilge i gcás an Aire Stáit a mbeadh cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta air nó uirthi. Cé nach móramh an-mhór é 61% suirbhé náisiúnta is ea é seo a deineadh beag beann ar chumas teanga na bhfreagróirí, seachas ar phobal na Gaeilge féin, agus is dearbhú gan cheist í ar mhíshástacht an phobail mhóir.
Mar sin, d’áiteoinn go bhfuil míléamh déanta ag Enda Kenny ar mhianta an phobail i leith na Gaeilge, chomh fada agus a bhaineann sé leis an dualgas a shamhlaíonn siad a bheith ar an Stát ina leith.
D’fhéadfadh sé nach é seo an chéad uair don Taoiseach míléamh mar seo a dhéanamh. Bíodh is nár foilsíodh aon suirbhé ina leith ag an am, dúirt iriseoirí a lean an Taoiseach timpeall na tíre aimsir an olltoghcháin dheireanaigh liom gur léiríodh míshástacht arís agus arís eile lena phlean chun éigeantas na Gaeilge mar ábhar Ardteistiméireachta a chur ar ceal.
Go deimhin, baineann sofaisticiúlacht áirithe le dearcadh seo an phobail mar a léiríonn an phobalbhreith é: cé nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag formhór na ndaoine a ceistíodh, aithníonn siad nach leor an cúpla focal i gcónaí, go bhfuil daoine eile ann arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga agus gur cheart go mbeadh an tAire ábalta ar chumarsáid a dhéanamh leo i nGaeilge.
Ní léir go n-aithníonn an Taoiseach an t-idirdhealú tábhachtach sin.
Is féidir comparáid áirithe a dhéanamh idir an dara ceist a chuir Millward Brown maidir le meon an phobail i leith an bheartais teanga agus suirbhéanna náisiúnta eile a deineadh le daichead éigin bliain anuas agus a raibh an sochtheangeolaí aitheanta Pádraig Ó Riagáin páirteach iontu.
Léirigh an mórshuirbhé a dhein An Coiste um Thaighde ar Dhearcadh an Phobail i dTaobh na Gaeilge a foilsíodh i 1975 agus dhá shuirbhé eile de chuid Institiúid Teangeolaíochta Éireann i 1983 agus 1993 gur thacaigh móramh suntasach le tuilleadh tacaíochta stáit don Ghaeilge.
Aontaíodh go láidir le ráitis gur cheart Gaelscoileanna agus seirbhísí poiblí i nGaeilge a chur ar fáil dá n-iarrfaí iad agus bhí móramh ar son tuilleadh caiteachais stáit ar an nGaeilge. Leanadh den tacaíocht do ghnéithe den bheartas teanga i gcuid na Poblachta den suirbhé thuaidh-theas a dhein Foras na Gaeilge sa bhliain 2000.
Athdhearbhaíodh an tacaíocht chéanna sa suirbhé a dhein Micheál Mac Gréil i 2007-8. Is gá a bheith buille beag cáiréiseach mar gheall ar an gcomparáid le pobalbhreith Millward Brown toisc nach mar a chéile go díreach iad na ceisteanna a cuireadh, ach is cosúil go maireann an tacaíocht phoiblí go ginearálta don bheartas teanga.
Níor cheart go mbainfí de thátal as sin go bhfuil sciar mór den phobal sásta troid ar son na Gaeilge ná gur tábhachtaí dóibh í ná an chuid eile d’obair an stáit. Is léir d’éinne a bhíonn ag plé le polaitíocht na teanga go bhfuil sí ar imeall an bheartais phoiblí le fada an lá.
Mar sin, in ainneoin na dtuairimí dearfacha i leith na Gaeilge a léiríonn an suirbhé, is eagal liom nach gcuirfear brú suntasach polaitiúil ar an Taoiseach dá thoradh.
Níorbh fhurasta sin a athrú mura dtiocfadh fás suntasach ar líon na gcainteoirí rialta ar fud na tíre a mbeadh cuid áirithe acu sásta tuilleadh tacaíochta a lorg. Os a choinne sin, tá fianaise sa phobalbhreith seo go gcreideann an pobal gur gá go mbeadh téagar éigin i mbeartas an stáit ar son na Gaeilge, fiú mura bhfuil an Ghaeilge acu féin.
– Ceann Gníomhach Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea an Dr. John Walsh