Áiteanna do dhaltaí Gaeltachta i gColáistí Oiliúna fágtha gan líonadh

Níl ag éirí le cuid mhór daltaí Gaeltachta áiteanna a bhaint amach ar chúrsaí múinteoireachta sna coláistí oiliúna in ainneoin 10% de na háiteanna ar na cúrsaí sin a bheith curtha ar leataobh d’iarratasóirí Gaeltachta

Níl ag éirí le líon mór daltaí Gaeltachta áit a bhaint amach ar chúrsaí múinteoireachta sna coláistí oiliúna in ainneoin go gcuirtear 10% de na háiteanna ar na cúrsaí sin ar leataobh d’iarratasóirí Gaeltachta.

De réir figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie, ní dheachaigh ceachtar de na príomhcholáistí oiliúna gar don sprioc 10% de na háiteanna ar a gcúrsaí a líonadh le daltaí Gaeltachta.

Laghdaítear líon na bpointí Ardteiste a theastaíonn do na cúrsaí múinteoireachta i gcás an iarratasóra Gaeltachta a shásaíonn an dá chritéar atá leagtha síos ag Roinn na Gaeltachta.

De réir na gcritéar sin, ní mór d’iarratasóirí a chuireann isteach ar áit ‘Ghaeltachta’ a bheith ina gcónaí i gceantar oifigiúil Gaeltachta agus an Ghaeilge a bheith mar ghnáth-theanga labhartha an teaghlaigh acu.

An té a shásaíonn an dá chritéar sin bíonn 40 pointe Ardteiste níos lú ag teastáil uaidh nó uaithi ná mar a bhíonn ó iarratasóirí eile ar chúrsaí múinteoireachta na gcoláistí oiliúna.

Mar shampla, i 2014, bhí ar an iarratasóir Gaeltachta 430 pointe a ghnóthú chun áit a fháil i gColáiste Mhuire gan Smál, murab ionann agus iarratasóirí eile a raibh orthu 470 pointe a fháil.

Ina ainneoin sin, níor éirigh ach le 23 duine den 121 iarratasóir Gaeltachta áit a fháil i gColáiste Mhuire gan Smál anuraidh. 39 áit a bhí á dtairiscint ansin, rud a chiallaigh nár líonadh 16 de na háiteanna a cuireadh ar leataobh do mhic léinn Ghaeltachta.

Ba mheasa fós an scéal i gcás na n-iarratasóirí Gaeltachta i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. 411 áit ar fad a bhí ar fáil ar an gcúrsa B.Oid i gColáiste Phádraig i 2014, ach níor líonadh ach 12 den timpeall 40 áit a cuireadh ar leataobh d’iarratasóirí Gaeltachta.

“Cuirimid suas le 10% d’áiteanna, ar phointí níos ísle, ar leataobh d’iarratasóirí Gaeltachta. Le blianta beaga anuas, níor líonamar na háiteanna ar fad a bhí ar fáil toisc nach raibh dóthain iarratasóirí againn a shásaigh na critéir,” a dúirt urlabhraí ó Choláiste Phádraig le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Áiteanna do dhaltaí Gaeltachta i gColáistí Oiliúna fágtha gan líonadh'