Agallamh cheannaire Aontú curtha ar ceal agus gan fáil ar Ghaeilgeoir an PSNI

Dúradh le Peadar Tóibín nach raibh ach ‘duine amháin le Gaeilge’ ag an PSNI chun agallamh a chur air agus nach raibh fáil uirthi inniu

Agallamh cheannaire Aontú curtha ar ceal agus gan fáil ar Ghaeilgeoir an PSNI

Tá agallamh i nGaeilge a bhí le déanamh ag Peadar Tóibín le Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) curtha ar ceal inniu.

Bhí Tóibín le cur faoi agallamh ag na póilíní inniu mar chuid d’fhiosrúchán faoi agóid Bhóthar Gharbhachaidh i mí Mheán Fómhair, ach tá an t-agallamh curtha ar ceal ag an PSNI.

Dúirt Tóibín, Teachta Dála don Mhí Thiar, gur dúradh lena chuid dlíodóirí nach raibh ach “duine amháin le Gaeilge” ag an PSNI chun an t-agallamh a dhéanamh agus nach raibh fáil uirthi inniu mar gur tharla “éigeandáil i saol an duine sin”.

“Is drochrud amach is amach é i mo thuairimse…tá go leor daoine ag rá go bhfuil mise ag iarraidh costais bhreise a chur ar an PSNI chun aistritheoir a fháil ach ní hé sin atá mé ag iarraidh ar chor ar bith,” a dúirt ceannaire Aontú le Tuairisc.

“Ba cheart go mbeadh an PSNI ag earcú daoine le Gaeilge gach bliain chun go mbeadh siad ábalta an tseirbhís seo a chur ar fáil gan aon chostas ar chor ar bith.”

Dúirt sé gur cheart go mbeadh “aon Éireannach” ábalta a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge “gan aon stró” agus gurb é sin an príomhchuspóir a bhí aige féin agus an t- agallamh á iarraidh i nGaeilge aige.

Dúirt Tóibín nach raibh “aon eolas” faighte aige go fóill maidir le dáta eile chun an t-agallamh seo a dhéanamh ach go bhfuil an PSNI chun teacht ar ais chuige chun lá inteacht eile a shocrú amach anseo.

Scríobh an PSNI go dtí Tóibín an tseachtain seo a chuaigh thart ag iarraidh air freastal ar an agallamh a bhí le bheith ar siúl ag tús na seachtaine seo ach cuireadh an t-agallamh ar athlá tar éis dó a iarraidh go reáchtálfaí an t-agallamh i nGaeilge

Bhí Tóibín i láthair ag na hagóidí a tharla i bPort an Dúnáin chun paráid na nOráisteach síos Bóthar Gharbhachaidh a chosc.

Fág freagra ar 'Agallamh cheannaire Aontú curtha ar ceal agus gan fáil ar Ghaeilgeoir an PSNI'