Vóta caite ag mic léinn i gColáiste na Tríonóide le feachtasaíocht a dhéanamh ar son ‘Gael-ollscolaíocht’

Ritheadh dhá rún faoi chúrsaí Gaeilge i reifrinn a reáchtáladh i measc mhic léinn Choláiste na Tríonóide níos túisce an mhí seo

Vóta caite ag mic léinn i gColáiste na Tríonóide le feachtasaíocht a dhéanamh ar son ‘Gael-ollscolaíocht’

Ritheadh rún le ‘polasaí fadtéarmach Gael-ollscolaíochta’ a thabhairt isteach i gColáiste na Tríonóide i reifreann a reáchtáladh san ollscoil le deireanas. Tuairiscíodh ar Trinity News, nuachtán mac léinn na hollscoile, gur ritheadh an rún agus rún eile faoi chúrsaí Gaeilge le tromlach mór millteach ag tús na míosa.

Tá mandáid anois ag Aontas na Mac Léinn in gColáiste na Tríonóide stocaireacht a dhéanamh ar son ‘Gael-ollscolaíocht níos forleithne’ in Éirinn – ag leibhéal an Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath féin agus ar bhonn náisiúnta.

Is é an sprioc atá ag lucht molta an rúin ná go mbeadh teacht ar níos mó cúrsaí ollscoile in ábhair nach mbaineann go díreach le léann na Gaeilge ach a reáchtálfaí trí Ghaeilge. Táthar ag iarraidh go mbeadh cead ag mic léinn aistí agus obair ollscoile eile a chur isteach trí Ghaeilge i gcásanna áirithe agus go bhféadfaí tráchtais a scríobh sa teanga náisiúnta.

De réir rialacháin Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide i dtaobh reifrinn den sórt seo, theastaigh móramh 60% le go rithfí an rún. Vótáil os cionn 1,600 mac léinn as an 1,800 a chaith a vóta ar son an rúin – tromlach 89%.

Bhain an dara reifreann faoin nGaeilge le caighdeán na n-aistriúchán Gaeilge a fhoilsíonn an t-aontas. Athraíodh foclaíocht bhunreacht an aontais le go sonrófaí ann go gcaithfidh an t-ábhar Gaeilge a chuirfidh an t-aontas amach a bheith ar comhchaighdeán leis an ábhar a fhoilsítear i mBéarla.

Bhí tromlach níos mó fós i bhfách leis an athrú bunreachtúil agus 91% de na 1,874 mac léinn a chaith a vóta sa reifreann ar a shon. Dála an reifrinn eile, ní raibh ach móramh 60% ag teastáil le go rithfí an rún seo.

Ritheadh an dá reifreann in éineacht le toghchán na n-ionadaithe ranga i gColáiste na Tríonóide. Ainmníodh os cionn 640 duine i 304 toghchán ranga agus chaith 4,900 mac léinn a vóta sna toghcháin choláiste.

Fág freagra ar 'Vóta caite ag mic léinn i gColáiste na Tríonóide le feachtasaíocht a dhéanamh ar son ‘Gael-ollscolaíocht’'