‘Corbiescroft Evvenye’ – an chéad chomhartha sráide Ultaise le crochadh i mBéal Feirste faoi rialacha nua

Deir an Coimisinéir Ultaise, Lee Reynolds, gur céim dhearfach a bheadh sa gcomhartha dátheangach ar Ascaill Ravenscroft

‘Corbiescroft Evvenye’ – an chéad chomhartha sráide Ultaise le crochadh i mBéal Feirste faoi rialacha nua

Ní fada go mbeidh comhartha sráide nua crochta ar Ascaill Ravenscroft in oirthear Bhéal Feirste agus an leagan Ultaise air, Corbiescroft Evvenye.

In 2022 a d’athraigh comhairle na cathrach na rialacha agus rinneadh suirbhé ar chónaitheoirí agus gnóthaí an cheantair agus socraíodh go gcrochfaí an chéad chomhartha dátheangach Béarla-Ultaise ar an tsráid.

Faoin athrú ar na rialacha, chinn an chomhairle cathrach go laghdófaí an céatadán lonnaitheoirí a mbeadh a dtoil ag teastáil sula gcrochfaí comhartha sráide dátheangach ina gceantar féin.

Crochfar na comharthaí nua Ultaise/Béarla ar [Ascaill] Ravenscroft Avenue, in aice le Bóthar Bhaile Nua na hArda Uachtair agus Bóthar Beersbridge in Oirthear Bhéal Feirste. Comharthaí sráide dátheangach Béarla/Gaeilge a chrochfar ar 48 sráid eile ar cheadaigh an coiste comhartha dátheangacha ina leith.

Dúirt an Coimisinéir Ultaise, Lee Reynolds, gur céim dhearfach a bheadh sa gcomhartha dátheangach ar Ascaill Ravenscroft.

“Seo cuid den dul chun cinn, léiríonn sé pobal atá ag tosú ag déanamh ceangal leis an teanga arís,” a dúirt Reynolds.

Béarla agus Gaeilge a bhí ar na comharthaí dátheangacha ar fad nach mór a cheadaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ó 1998.

Faoin bpolasaí a thug an Chomhairle Cathrach isteach in 2022, ní mór do gach iarratas ar chomhartha dátheangach tacaíocht a bheith aige ó ar a laghad 15% de na lonnaitheoirí sa gceantar. Chuir roinnt aontachtóirí i gcoinne an pholasaí sin go fíochmhar.

Faoin bpolasaí is féidir le comhairleoir ar bith nó duine amháin atá ina chónaí ar aon tsráid i mBéal Feirste tús a chur le comhairliúchán ar chomhartha dátheangach don tsráid sin.

110 duine ar fad ar lorgaíodh a dtuairim faoin gcomhartha dátheangach nua d’Ascaill Ravenscroft.

19 duine den dream sin a léirigh a dtuairim a bhí ar son an chomhartha Ultaise/Béarla, beagán os cionn 17% de na lonnaitheoirí.

Ó 1998 go dtí 2022 bhíodh aontú ag teastáil ó dhá dtrian de na lonnaitheoirí sula dtabharfaí faoi chomhartha nua.

Idir 1998-2022, crochadh 226 comhartha Gaeilge ach níor crochadh ach trí chomhartha Ultaise, Oregon Gardens, Silverstream Park agus Westway Crescent.

Ag cruinniú na míosa seo de Choiste Daoine agus Pobal na Comhairle tugadh cead le 49 comhartha dátheangach a chrochadh. Ceann na hUltaise, Corbiescroft Evvenye, agus Gaeilge/Béarla a bheidh ar an 48 comhartha eile.

Ollscoil na Banríona a dheimhnigh na haistriúcháin Ghaeilge agus “grúpa lucht acadúil i gcomhar le Fóram Páirtithe Leasmhara na hUltaise” a dheimhnigh na haistriúcháin Ultaise.

Fág freagra ar '‘Corbiescroft Evvenye’ – an chéad chomhartha sráide Ultaise le crochadh i mBéal Feirste faoi rialacha nua'