‘Tá cuma mhaith ort…do scríbhneoir’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Chuir jóc san ionad aclaíochta ár gcolúnaí ag smaoineamh faoin dúshlán sláinte is mó a bhíonn roimh scríbhneoirí: saol caite i do shuí

‘Tá cuma mhaith ort…do scríbhneoir’

‘Tá cuma mhaith ort,’ a dúirt mo chara nua san ionad aclaíochta liom. ‘Do scríbhneoir.’

‘Céard atá agat i gcoinne mo shlí bheatha?’ a d’fhiafraigh mé de, ag magadh, ach fios agam go maith go raibh cuid mhór den fhírinne sa jóc sin aige.

Fear bruscair é mo chara nua. Óna sé a chlog ar maidin go dtí a ceathair a chlog tráthnóna bíonn sé ar chúl trucaile, nó ag rith ina dhiaidh, ag caitheamh níl a fhios cá mhéad tonaí dramhaíola isteach sa scipe. N’fheadar cé chomh sláintiúil agus atá cuid den ghal agus de na gáis a chaithfidh sé a análú isteach, ach is cinnte gur aclaíocht sa bhreis a bhíonn sna meáchain a ardaíonn sé san ionad aclaíochta.

Ina shuí a bhíonn scríbhneoir cuid mhór den am.

Agus ar an drochuair, tá saol caite i do shuí ar cheann de na cúiseanna is mó a luaitear le hiliomad fadhbanna sláinte agus galar tromchúiseach, ó dhrochstaidiúir go galar Alzheimer.

Ó sciob an galar gránna thuasluaite sin mo mháthair uaim agus ó bhain mé féin an leathchéad amach anuraidh, is minic a bhíonn cúrsaí sláinte ar m’aigne. Níl plean pinsin rómhaith agam, ach ní theastaíonn uaim éirí as an obair nuair a bhainfidh mé aois an phinsin amach ach oiread. Coinneáil orm i mbun pinn go deireadh mo shaoil, mar a rinne V.S. Pritchett, Toni Morrison agus iliomad scríbhneoirí eile, sin é an plean atá agam.

Ach, déithe agus béithe idir sinn agus an drochrud, dá dtarlódh aon rud do mo chumas peann nó méarchlár a láimhseáil, nó, níos tromchúisí fós, m’intinn?

Creidim go láidir gur fearr cosc ná leigheas agus ar an gcúis sin ní ólaim deoch alcólach, ní chaithim tobac, ní ithim bia gasta, scuabaim m’fhiacla trí uaire sa lá, tá rothar agam seachas carr agus tugaim cuairt ar an ionad aclaíochta ceithre nó cúig uaire sa tseachtain.

Ach an t-am sin ar fad a chaithim i mo shuí ag scríobh colún, alt agus leabhar. Sin é an dúshlán sláinte is mó a bhíonn romham agus, shamhlóinn, do mhórchuid scríbhneoirí eile.

Céard is féidir a dhéanamh faoi?

Blianta fada ó shin, rinne mé cinneadh gan úsáid a bhaint as cathaoireacha speisialta oifige, liathróidí aclaíochta nó cleasanna eile chun an suí a dhéanamh níos compordaí. Cén mhaith sin nuair is é an suí féin an fhadhb?

Rinne mé iarracht scríobh agus mé i mo sheasamh, ach thug sé sin pian i mo mhuineál dom agus ní raibh an t-airgead agam chun deasc a fháil déanta a bheadh díreach ar an airde cheart.

An réiteach a fuair mé ná úsáid a bhaint as na cathaoireacha is míchompordaí dá bhféadfainn a aimsiú ionas go dtiocfadh fonn orm éirí chuile deich nóiméad nó mar sin, faoiseamh a thabhairt do mo thóin bhocht agus síneadh a bhaint as mo ghéaga.

Ar ámharaí an tsaoil tá na cathaoireacha sa leabharlann, mar a mbím ag obair cuid mhór den am na laethanta seo, ar chuid de na cinn is míchompordaí dár shuigh mé orthu riamh, agus is minic a théim ag breathnú ar a bhfuil ar na seilfeanna agus ar na boird idir bhabhtaí i mbun pinn.

Mar a tharlaíonn, tá an-tairbhe ag baint le siúlóidí beaga den chineál sin; is minic a rith an réiteach d’fhadhb scríbhneoireachta éigin liom agus mé imithe ón deasc ar feadh cúpla nóiméad.

Tá a dtairbhe féin ag baint le siúlóidí fada freisin, gan dabht. Is iomaí scríbhneoir – Wordsworth, Thoreau, Rousseau, Woolf – a chaitheadh cuid mhór den lá ag siúl agus a gcuid saothar á gcumadh acu ag an am céanna.

Ach caithfear a gcumtar a scríobh síos am éigin. An chuid sin den obair a dhéanamh ar bhealach nach ndéanann dochar don tsláinte san fhadtréimhse, sin é an dúshlán.

Fág freagra ar '‘Tá cuma mhaith ort…do scríbhneoir’'