Gá le cur chuige nua ó Shinn Féin le hiad a chur i lár an aonaigh arís

Níl aon bhorradh ná dul chun cinn á dhéanamh ag an bpáirtí le tamall anois agus fadhbanna ó thuaidh agus ó dheas

Gá le cur chuige nua ó Shinn Féin le hiad a chur i lár an aonaigh arís

Tugann briseadh an tsamhraidh ó imeachtaí na Dála deis mhachnaimh do pholaiteoirí fiú más saoire atá i gceist. Gan an Dáil agus gan imeachtaí ar nós clinicí agus cruinnithe coistí tugann sé deis go háirithe machnamh a dhéanamh ar an riocht ina bhfuil a bpáirtí agus cé na tosaíochtaí ba chóir a bheith acu sa gcéad tréimhse eile.

Cé go ndeir siad nach dtugann siad aird ar phobalbhreitheanna níl amhras ar bith ach go mbíonn tionchar ag torthaí leanúnacha seasmhacha ní hamháin ar na polaiteoirí agus a lucht leanta ach ar an bpobal trí chéile. Níl aon toghcháin mhóra beartaithe sa tréimhse seo romhainn ó dheas den teorainn mura dtarlaíonn timpiste nó tubaiste. Tá trí pháirtí gob ar ghob lena chéile anois agus péire acu sin i gcomhrialtas le chéile. Bheadh súil agar mar sin go mbeadh an tríú páirtí ag baint tairbhe as a ndeis sa bhfreasúra an dá pháirtí sin a cháineadh agus dochar a dhéanamh dóibh ach ní léir go bhfuil ag éirí le Sinn Féin faoi láthair é sin a dhéanamh. Más tada, tá a gcuid tacaíochta ag laghdú go leanúnach ón uair go mbídís ag fáil os cionn 30% sna pobalbhreitheanna. Bhí Fine Gael, páirtí atá i rialtas le cúig bliana déag chun cinn orthu sa bpobalbhreith is déanaí.

Céard atá tarlaithe? Cén chaoi nár éirigh leo tairbhe a bhaint as an tacaíocht a bhí ina neart in 2020 agus atá ag meath go mall ó shin. Níor éirigh leo iarrthóir a aimsiú do thoghchán na huachtaránachta ina measc féin. Rinne siad praiseach den dá fhothoghchán anuraidh. Ní léir go bhfuil aon smaointe nó polasaithe nua ag teacht uathu a rachaidh i bhfeidhm ar an bpobal i gcás olltoghcháin.

Beidh toghcháin Tionóil ó thuaidh am éigin sa mBealtaine seo chugainn. Tabharfaidh sin deis do Shinn Féin atheagar a chur orthu féin agus cuid den tacaíocht atá caillte acu a mhealladh ar ais, más féidir. Tá díomá ar an bpobal ó thuaidh, de réir pobalbhreitheanna ansin, leis an easpa dul chun cinn sa gcomhthionól agus a laghad dul chun cinn agus atá éirithe leo a dhéanamh ag cur a gcuid polasaithe chun cinn. Tá milleán curtha ag an bpáirtí ar an gcomhrialtas éigeantach agus doicheall an DUP tacú le haon tionscnamh a chuirfidh leis an bpobal náisiúnach nó Gaelach.

Níl aon bhorradh ná dul chun cinn á dhéanamh ag an bpáirtí le tamall anois. Tá go leor den tuairim nach gcuidíonn siad leo féin leis an gcur chuige a ghlacann siad mar fhreasúra – cáinteach agus diúltach de shíor. Ar ndóigh sé ról an fhreasúra cur in aghaidh pholasaithe an rialtais ach is léir gurb í an cheist anois do Shinn Féin an bhfuil siad in ann a malairt a thairiscint? Éire Aontaithe an príomhpholasaí atá ag an bpáirtí agus tá páirtithe eile anois ag teacht i dtír orthu ar an ábhar sin. Tá Fine Gael le plé ar an ábhar a thionscnamh ag Ard-Fheis an pháirtí i mí na Samhna agus is féidir a bheith cinnte go mbeidh an cheist níos lárnaí i gcomhráite Fhianna Fáil pé uair go dtugann siad faoi roghnú ceannaire nua.

Cruthaíonn sin dúshlán do Shinn Féin an fómhar seo agus gá le cur chuige nó straitéis nua le hiad a chur i lár an aonaigh arís agus súile an phobail a mhealladh chucusan.

Fág freagra ar 'Gá le cur chuige nua ó Shinn Féin le hiad a chur i lár an aonaigh arís'