Frítheadh smugairle leonmhongach, ceann de na smugairlí róin is mó dá bhfuil ann, sa bhfarraige ag an trá ag Céibh Nua an Spidéil ag tús na seachtaine seo. Bhí sé ina thráthnóna, go gairid roimh a sé a chlog, Dé Luain nuair a tugadh an smugairle róin faoi deara san uisce.
Bhí sé ina lán mara ag an am agus bhí an t-ainmhí le feiceáil go soiléir san uisce éadomhain in uachtar na trá. Dath donndearg a bhí air agus é thart ar throigh (30cm) trasna.
Tá cealg ón smugairle leonmhongach thar a bheith pianmhar agus chomh luath is a aithníodh gurbh é a bhí ann chroch na maoir tharrthála bratacha dearga ar an trá ag cur fainic ar dhaoine gan dul ag snámh. Slua beag go maith a bhí ar an trá ag an am.
Toisc gur féidir cealg a fháil óna chuid braiteog fiú agus an smugairle leonmhongach marbh, is gá déileáil leis an ainmhí mara seo go han-chúramach sa chaoi is nach mbrisfear aon cheann de na braiteoga de. Tuigtear gur cuireadh an smugairle róin sa Spidéal go domhain faoin ngaineamh sa chaoi is nach mbeadh aon chontúirt ag baint leis a thuilleadh.
Dúirt maor tarrthála a bhí ar dualgas ar an trá ag an gCéibh Nua an mhaidin dár gcionn nach raibh aon radharc ar aon smugairle den chineál sin ansin ó shin.
Is féidir leis an gclogad atá ar an smugairle leonmhongach (Cyanea capillata) a bheith suas le méadar ar leithead agus is féidir leis na braiteoga fás chomh fada le 3 mhéadar.
San Aigéan Artach a mhaireann sé an smugairle róin seo de ghnáth ach le blianta beaga anuas bíonn sé le feiceáil níos minice sa bhfarraige timpeall na hÉireann is na Breataine.
Tuairiscíodh sa nuachtán The Connacht Tribune an tseachtain seo caite go bhfacthas an smugairle róin seo le gairid ar an trá ag an Charraig Dhubh i mBóthar na Trá agus ag trá eile i Rinn Mhaoile.
Tá staidéar go leor déanta ag míoleolaithe in Ollscoil na Gaillimhe ar an ainmhí seo agus ar an mbealach is fearr le dul i ngleic leis más rud é go bhfaigheann duine cealg ó cheann acu.
Moltar go nífí an craiceann ar dtús le fínéagar chun fáil réidh le haon bhraiteoga. Ansin moltar an craiceann a chur in uisce atá ag teocht 45 céim Celsius ar feadh 40 nóiméad. In ionad uisce te, is féidir paca teasa a úsáid ar an spota inar chuir sé gath.
Fág freagra ar 'Smugairle róin contúirteach feicthe sa Spidéal'