Léirítear i dtorthaí suirbhé nua de chuid na Roinne Oideachais ar bhunscoileanna an stáit go bhfuil móramh mór ar son an tumoideachais i scoileanna Gaeltachta a thug an múnla trí Ghaeilge isteach faoin bPolasaí Oideachais Gaeltachta.
Foilsíodh an polasaí in 2017 agus tugadh rogha do scoileanna ar fud na Gaeltachta stádas mar scoileanna oifigiúla Gaeltachta a bhaint amach nó gan a bheith páirteach i scéim nua aitheantais na Roinne.
Bhí ar na scoileanna critéir áirithe de chuid na Roinne a chomhlíonadh – gach ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge seachas an Béarla i mblianta tosaigh na scolaíochta, mar shampla.
Ba é an Béarla teanga theagaisc na scoile i Scoil Shéamuis Naofa i mBearna atá ar imeall Ghaeltacht na Gaillimhe, mar shampla, go dtí gur baineadh stádas mar scoil Ghaeltachta amach. Faoin bpolasaí nua, tugadh an tumoideachas luath isteach sa scoil agus de réir an tsuirbhé tá 90% de na tuismitheoirí sa scoil sásta leis an bpolasaí sin anois.
Bhí an Béarla sa treis in dhá scoil eile ar imeall na Gaeltachta i gcontae na Gaillimhe, cé go raibh iarracht áirithe á dhéanamh iontu an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga theagaisc. Tá 78% de na tuismitheoirí a bhfuil a ngasúir ag freastal ar Scoil Naomh Breandán in Eanach Dhúin ag iarraidh go bhfanfaidh an scoil sin ina scoil lán-Ghaeilge, de réir an tsuirbhé.
Ní hamhlaidh an scéal, áfach, i Scoil Bhrighde i Mionlach ar bhruach chathair na Gaillimhe. Tá tuismitheoirí na scoile deighilte go cothrom agus 50% ag iarraidh go dtiontófaí an scoil Ghaeltachta ina scoil lán-Bhéarla agus 50% ag iarraidh go leanfar den tumoideachas Gaeilge.
Scoil eile a bhíodh ag feidhmiú trí Bhéarla sular tugadh isteach faoin Scéim Aitheantais Gaeltachta í ná Scoil Naomh Bríd sna Dúnaibh i bhfíorthuaisceart Ghaeltacht Dhún na nGall. Léiríodh i dtorthaí an tsuirbhé ar bhunscoileanna go bhfuil 92% de thuismitheoirí na scoile sin sásta anois go bhfuil an t-oideachas trí Ghaeilge á chur ar fáil dá ngasúir sa scoil. I gcás Scoil Cholmcille sa Tearmann, ceann de na scoileanna deireanacha ar bronnadh stádas Gaeltachta uirthi, bhí 79% de na tuismitheoirí sásta leis an gcur chuige tumoideachais.
Tá Gaeltacht Uíbh Ráthaigh i gcontae Chiarraí ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is mó atá faoi bhrú ó thaobh na teanga de agus bhí a gcuid scolaíochta, den chuid is mó, á fáil ag gasúir na háite trí Bhéarla sular tugadh an polasaí isteach.
De réir shuirbhé na Roinne, 92% de thuismitheoirí Scoil an Ghleanna i mBaile an Sceilg atá sásta leis an tumoideachas Gaeilge agus, cé nach bhfuil na céatadáin chomh hard céanna sa dá scoil eile sa cheantar, tá móramh mór sásta leis an tumoideachas i Máistir Gaoithe (71%) agus i nDún Géagáin (67%) freisin.
Bhí an Béarla á úsáid mar theanga theagaisc i roinnt scoileanna i nGaeltacht Mhaigh Eo sular tugadh an Polasaí Oideachais Gaeltachta isteach in 2017. Léirítear i dtorthaí an tsuirbhé a foilsíodh an tseachtain seo, áfach, go bhfuil formhór na dtuismitheoirí i ngach scoil ansin sásta leis an gcur chuige lán-Ghaeilge atá i bhfeidhm faoin Scéim Aitheantais.
Is í Scoil Tóin na Gaoithe in Acaill an scoil is lú a bhfuil tacaíocht ann don chur chuige ach tá os cionn dhá thrian de thuismitheoirí na scoile sin (67%) sásta leis, mar sin féin.
Tá ardú tagtha ar líon na ndaltaí a bhí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa nGaeltacht in ainneoin go bhfuil an líon ar an rolla ag titim ar fud na tíre.
De réir figiúirí ón Roinn Oideachais, tá 7,013 páiste ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa nGaeltacht i láthair na huaire, ardú ón 6,887 dalta a bhí i gceist anuraidh.
Tuilleadh scoileanna a bheith ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge is cúis leis an ardú. De réir na bhfigiúirí don scoilbhliain 2024-25, bhí 97 bunscoil sa nGaeltacht a bhí ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge. Tá an figiúr sin ardaithe go dtí 101 do scoilbhliain 2025-26.
Is i nGaeltacht Dhún na nGall agus Mhaigh Eo atá na ceithre scoil a cuireadh leis an liosta i mbliana – Scoil Náisiúnta Cholmcille i mBaile na Finne, Scoil Cholmcille sa Tearmann, Scoil Náisiúnta Dhumha Thuama agus Scoil Náisiúnta na Corrchloiche in Iorras. Tá 260 dalta cláraithe idir na ceithre scoil.
Bhíodh na scoileanna sin ag feidhmiú i bpáirt trí Ghaeilge ach tá siad páirteach anois sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta agus bronnadh aitheantas mar Scoil Ghaeltachta orthu.
Bhain na ceithre scoil an t-aitheantas sin amach ag deireadh 2024. Tá an scéim sin mar bhunchloch ag an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta atá á chur i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais.
Fág freagra ar 'Tuismitheoirí i scoileanna Gaeltachta ina mbíodh an Béarla in uachtar sásta le cur chuige lán-Ghaeilge'