Oilimpeach Mhúscraí, Ciarán Ó Lionáird, le cur i gcré na cille inniu

Duine de shliocht Uí Lionáird ó Bhaile Bhuirne, rugadh agus tógadh Ciarán Ó Lionáird i dTír Ghé i Múscraí Thiar

Oilimpeach Mhúscraí, Ciarán Ó Lionáird, le cur i gcré na cille inniu

Cuirfear Ciarán Ó Lionáird, reathaí a ghlac páirt sna Cluichí Oilimpeacha agus a bhuaigh bonn ag Craobhchomórtas na hEorpa faoi dhíon, i gcré na cille ina cheantar dúchais i Múscraí inniu.

Bhásaigh Ó Lionáird, a bhí 38 bliain d’aois, thall i Vancouver Cheanada ar an 9 Meitheamh.

Léifear aifreann a shochraide i Séipéal Naomh Fionnbarra agus na n-Aingeal Naofa in Inse Geimhleach ag 2pm tráthnóna agus cuirfear é sa reilig áitiúil ina dhiaidh.

Duine de shliocht Uí Lionáird ó Bhaile Bhuirne, rugadh agus tógadh Ciarán Ó Lionáird i dTír Ghé i Múscraí Thiar.

Aithníodh a chumas mar reathaí go hóg agus é tosaithe amach mar bhall de Chumann Lúthchleasaíochta Mhúscraí Thiar sular aistrigh sé chuig cumann Leevale i gcathair Chorcaí.

Bhuaigh sé bonn cré-umha sa rás 1,500m ag Craobhchomórtas na hEorpa do dhaoine óga in 2005 agus thug scoláireacht lúthchleasaíochta sall go Meiriceá é dá chuid ollscolaíochta.

Tar éis dó an ollscoil a fhágáil, ba é Ó Lionáird an dara hÉireannach riamh a bhain babhta ceannais an 1,500m amach ag Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta an Domhain nuair a rinne sé an gaisce sin in 2011.

Chuaigh sé ar aghaidh chun páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha i Londain an bhliain dár gcionn agus bhuaigh Ó Lionáird bonn idirnáisiúnta in 2013 nuair a thug sé leis bonn cré-umha ón rás 3,000m ag Craobhchomórtas na hEorpa faoi dhíon sa tSualainn in 2013. Bhuaigh sé an chraobh náisiúnta sa 1,500m in 2014 chomh maith.

Bhí sé mar sprioc aige páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha in 2016 ach bhí sé cráite ag gortuithe agus rinne sé an cinneadh éirí as an rith. Rinne sé iarracht teacht air ais in 2020 roimh na Cluichí Oilimpeacha sa tSeapáin ach chlis ar an bplean nuair a bhuail Covid-19 é.

Tar éis dó éirí as, chaith Ó Lionáird seal ag obair le Nike sular bhog sé chuig Los Angeles.

Thángthas ar chorp Chiaráin i seomra óstáin i Vancouver níos luaithe an mhí seo.

I ráiteas, dúirt Cumann Lúthchleasaíochta na hÉireann go raibh Ó Lionáird “ar dhuine de na reathaithe meánraoin Éireannacha ab fhearr lena linn”.

Maireann a thuismitheoirí Angela agus Seán, a bheirt deartháireacha Cathal and Micheál, agus gaolta eile.

Fág freagra ar 'Oilimpeach Mhúscraí, Ciarán Ó Lionáird, le cur i gcré na cille inniu'