Leasú le déanamh ar dhualgas reachtúil comhlachtaí poiblí ainm Gaeilge a thabhairt orthu féin

Deir an Roinn Oidhreachta go mbeidh ‘féiniúlacht Ghaeilge agus Bhéarla’ ag eagraíocht nua amháin ach níor tugadh aon leagan Gaeilge dá hainm

Leasú le déanamh ar dhualgas reachtúil comhlachtaí poiblí ainm Gaeilge a thabhairt orthu féin

Tá leasú molta ag an Rialtas ar an reachtaíocht teanga a chuirfeadh deireadh leis an éiginnteacht faoin dualgas atá ar chomhlachtaí poiblí ainm Gaeilge a thabhairt orthu féin.

Faoi láthair, is éard a leagtar amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 ná gur “i nGaeilge a bheidh” ainm comhlachta reachtúil.

“Maidir le hainm comhlachta reachtúil a bhunófar, ar agus ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, is i nGaeilge a bheidh sé,” a deirtear san Acht.

Deirtear sa leasú atá molta ag Aire na Gaeltachta gur ““i nGaeilge amháin a bheidh [an t-ainm] agus is é an t-ainm sin an t-aon ainm a úsáidfidh an comhlacht”.

Tá mír eile den Acht céanna, Alt 9C, ina leagtar amach an dlí i dtaobh lógónna do chomhlachtaí reachtúla agus comhlachtaí poiblí eile.

Fágann foclaíocht an Achta mar atá nach ndéantar foráil do lógónna nua do chomhlachtaí nua ach tá sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta an reachtaíocht a leasú ionas go dtabharfar lógónna nuabhunaithe faoina hanáil, rud a fhágfaidh go mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí nuabhunaithe lógó dátheangach nó lógó Gaeilge a chruthú dóibh féin feasta.

Idir an dá linn, níl aon dualgas reachtúil ar an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ainm i nGaeilge ná ainm i nGaeilge agus i mBéarla a thabhairt ar an ‘Invasive Species Bureau’ atá díreach bunaithe, mar shampla.

Tháinig an tSeirbhís Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra agus an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta le chéile leis an mbiúró nua a chur ar bun le dul i ngleic le speicis ionracha in Éirinn.

Beidh foireann an bhiúró ag tabhairt aghaidh ar an gcornfhoiche Áiseach, an róslabhras, an mhinc, agus an ghlúineach bhiorach, i measc ainmhithe agus plandaí eile a dhéanann dochar d’fhiadhúlra dúchais na hÉireann.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Oidhreachta le Tuairisc go mbeidh “féiniúlacht Ghaeilge agus Bhéarla” ag an mbiúró nua ach níor tugadh aon leagan Gaeilge d’ainm na hoifige.

“Tagraíonn an Invasive Species Bureau do chur chuige nua le speicis ionracha a bhainistiú in Éirinn trí chomhoibriú idir an NPWS agus an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta. Beidh féiniúlacht Ghaeilge agus Bhéarla ag an mBiúró,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt urlabhraí de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga le Tuairisc nach bhfuil aon cheangal dlí ann ainm i nGaeilge a thabhairt ar an mbiúró nua mar gheall nach comhlacht reachtúil é a bunaíodh le hacht nó le hionstraim reachtúil.

Bheadh feidhm ag gné amháin d’Acht na dTeangacha Oifigiúla i gcás an bhiúró – is é sin dá mbeadh lógó an bhiúró á athnuachan nó á athrú. Sa chás sin, chaithfeadh an lógó athnuaite nó athraithe a bheith i nGaeilge amháin nó i nGaeilge agus i mBéarla. Ó tharla gur eagraíocht nua as an bpíosa é an Invasive Species Bureau, áfach, agus gur lógó nua seachas lógó athnuaite ná athraithe a bheadh i gceist, níl feidhm ag an Acht, a deir Oifig an Choimisinéara Teanga.

“Tugtar faoi deara gurb é atá sa reachtaíocht faoi láthair ‘a lógó á athnuachan nó á athrú’, rud a fhágann nach bhforáiltear do lógónna nua. Tuigtear dúinn go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta an reachtaíocht a leasú ionas go dtabharfar lógónna nua-bhunaithe faoi anáil na reachtaíochta, rud a fhágfaidh go mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí aonáin nuabhunaithe a léiriú go dátheangach i lógónna na n-aonán sin as sin amach,” a dúradh i ráiteas a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga do Tuairisc.

Dheimhnigh an Oifig nach bhfuil aon dualgas reachtúil ann an t-ainm a bheith i nGaeilge amháin ná go dátheangach “sa chás áirithe seo” mar gheall nach comhlacht reachtúil é an Invasive Species Bureau.

“Tá sé de chumhacht freisin ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta faoi chóras nua na gcaighdeán teanga dualgais bhreise a leagan ar chomhlachtaí poiblí maidir le húsáid ainmneacha aonáin dá gcuid i gcomhthéacsanna éagsúla,” a dúradh i ráiteas an Choimisinéara Teanga.

Fág freagra ar 'Leasú le déanamh ar dhualgas reachtúil comhlachtaí poiblí ainm Gaeilge a thabhairt orthu féin'