Oícheanta réaltógacha agus gealach lán. B’in iad oícheanta na cuartaíochta. Ach, de réir a chéile, thagadh tuirse ar an ngealach agus bhíodh tréimhse gheimhriúil dhorcha amach romhainn. Bhítí ag fanacht faoin tuath go dtiocfadh an chéad cheathrú gealaí aríst. Ní bheadh sé inrásta a dhul thrí gharrantaí agus thar chlaíocha gan solas, agus bhíodh go leor de lucht na cuartaíochta ag brath ar lóchrann na spéire.
Mairg a d’ólfadh luach an tsolais, a d’abraítí. Dúirt fear liom le gairid go n-abraíodh a mháthair é sin i gcónaí nuair a lasadh sí an lampa. Thug an seanfhocal léargas ar an ómós a tugadh don solas sa tseanaimsir. Dúirt mé leis an bhfear seo go bhfuil daoine ann anois atá ag iarraidh go mbeadh radharc níos soiléire ar na réalta san oíche agus iad ag brath ar Chonamara a ainmniú ina cheantar dorchadais.
Bhreathnaigh sé i dtreo na spéire agus dúirt: ‘Go dtarrthaí Dia sinn.’
Tádar ann, bail ó Dhia orthu. Chonaic mé scéal a bhí curtha amach acu le gairid agus iad ag tarraingt airde ar thrí áit nach mbeadh amharc ar sholas daonna ar bith ann san oíche, agus ar mhaithe le cóiriúlacht, dúradar go raibh spásanna páirceála in aice láthair. Is cosúil go gcruinníonn lucht na spéartha dorcha sna háiteacha sin théis dóibh páirceáil, agus soilse na gcarranna a mhúchadh. Bíonn amharc maith ansin acu ar chuile réalt ar an spéir, sin ar ndóigh mura mbíonn spéir Chonamara báite sna clabhtaí.
An té a chloisfeadh a leithéid de rud tráth den saol, déarfadh sé go raibh scail curtha ar dhaoine ag an ngealach. Nach bhfuil an saol sách dubh scaití gan a bheith ag iarraidh tuilleadh dorchadais faoin tuath?
Leis an gceart a dhéanamh, caithfear claonadh an tsaoil a chur sa gcomhaireamh: tír shaibhir atá againn anois agus táimid gaibhte ard go maith ar dhréimire an rachmais – cothaíonn sin cineálacha caitheamh aimsire agus gníomhaíochta nach dtarlódh nuair a bhíomar ag brath ar an ngealach. An bhfuil ciall nó réasún leis?
De réir na bhfigiúirí atá ag eagraíocht spéartha dorcha na hÉireann tháinig 60% de mhéadú ar an solas saorga sa tír seo idir 1995 agus 2015. Is dóigh gur ag méadú atá sé. Tugtar truailliú solais air. Lena gceart a thabhairt dóibh, glacann an eagraíocht leis go dteastaíonn solas saorga ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta agus éascaíochta. Tádar ag iarraidh go maolófaí an leathnú ar na soilse, agus mar shampla amháin, go múchfaí na soilse sráide i dtithe. (Níl sé I bhfad ó bhí Muintir na Tíre ag moladh a mhalairt, ar mhaithe le sábháilteacht faoin tuath). Ní bheadh muintir na tuaithe an-tógtha leis seo ach creideann lucht an dorchadais go mbeadh buntáistí timpeallachta, turasóireachta agus eolaíochta ann dá bharr.
Tá cúpla réimse dorchadais leagtha amach sa tír cheana féin agus tá ceann acu sa gcriathrach fada, fairsing gar do Bhaile Chruaich in iarthar Mhaigh Eo. 150 ciliméadar cearnach atá san spás seo, agus é istigh sa bPáirc Náisiúnta ansin. Is maith an ceann é sin, i bhfianaise na staire.
Bhí Baile Chruaich ar an mbaile deireanach in Éirinn a fuair seirbhís cumhacht leictreachais san bhfeachtas a bhí ar bun ag Bord Soláthair an Leictreachais idir 1946-1965. Bhí polaiteoirí istigh ar an scéal agus chuir an sagart pobail peann le pár i 1957 agus dúirt leis an mBord Soláthair Leictreachais go raibh seisean tagtha go deireadh na feide. Bhí an pobal ag fiafraí céard a bhí seisean a dhéanamh faoin dorchadas i mBaile Chruaich. Bhí 64% de mhuintir an cheantair ag iarraidh na seirbhíse ach b’fhachtas don Bhord Soláthair gur cur amú solais a bheadh ann: ní raibh, a dúradar, ach seacht dteach in aghaidh an mhíle chearnaigh sa gceantar sin. Go hiondúil, bhí idir 15 agus 20 teach in aghaidh an mhíle chearnaigh in áiteacha ar feistíodh cuaillí agus cáblaí iontu roimhe seo.
Tháinig an lá geal nuair a cuireadh an chumhacht go Baile Chruaich. Sin trí scór bliain ó shin.
D’imigh glúnta agus tháinig glúnta nua i chuile Bhaile Chruaich in Éirinn ó shin. Lasadh soilse agus díbríodh an dorchadas.
Ach ar chaill muid amharc ar na réalta?
Fág freagra ar 'Radharc ar shaol nua sna spéartha dorcha i gConamara'