Tá The Boys ar ais ar Amazon Prime le píosa anois agus an mise amháin a chluineann Phil Lynott agus bleast de ‘the boys are back in town’ am ar bith a luaitear an tsraith seo?
Cibé, seo an cúigiú sraith ach tá an tóin tite as le fada i ndáiríre. Is é an cur chuige céanna i gcónaí é – The Boys, aka, na drochbhuachaillí nach bhfuil chomh holc leis na fíor-dhrochbhuachaillí – an Seachtar – in iomaíocht le chéile arís. Tá The Boys, faoi cheannas Butcher (Karl Urban) arís ar lorg víris a chuirfidh gach Supe ar an domhan go domhain sa chré. Ag an am chéanna, tá ceannaire an tSeachtair, Homelander (Antony Starr), ar lorg sampla de Compound V, séiream a chinnteos go mairfidh Homelander go deo.
Bíonn troideanna ann agus droch-chaint agus roinnt leadránach na mothúchán agus tostanna atá in ainm is a bheith tromchúiseach ach atá tuirsiúil.
Sa bhliain 2019 a craoladh an chéad sraith agus é bunaithe ar an ghreannán a dhréacht Garth Ennis agus Darick Robertson. Agus seo muid ocht mbliana níos faide anonn ag fanacht le go dtiocfadh sí chun críche agus luas agus spéis san fhiontar laghdaithe dá réir sin.
Tá seanaithne againn ar na carachtair ar fad faoi seo ach, i ndáiríre, is beag forbairt a tháinig orthu nó ar an scéal. Tá Homelander go holc agus tá Butcher beagnach chomh holc céanna leis agus tá na carachtair eile ina gcuideachta olc/beagnach chomh holc céanna lena chéile.
Níl laochra ar bith ann i ndáiríre. Tá fuil ar lámha gach aon duine agus tá an chaint gáirsiúil cáidheach go minic ach braitheann tú, faoin am seo, nach bhfuil ann ach droch-chaint mar mhaithe le droch-chaint, iarracht lag le preab a bhaint as cluasa an lucht féachana ionas nach dtuigfidh siad nach bhfuil mórán eile ag tarlú.
Rinne mé iarracht amharc ar chúpla clár de chuid Euphoria. Bhuel, b’fhéidir go bhfuil léitheoir amháin anseo faoi bhun míle bliain d’aois. Sampla maith de chúrsaí margaíochta atá i gceist leis an tsraith seo. Tá triúr den chliar i mbéal an phobail faoi láthair: Jacob Elordi in Frankenstein agus Wuthering Heights ar na mallaibh; Zendaya as a rólanna in Spider-Man agus Dune agus Sydney Sweeney, an Gael-Mheiriceánach is clúití ar an domhan – Mick America Great Again – as, bhuel, a cruacha deasa.
Tá Rue Bennett (Zendaya) ag obair as lámh a chéile le mangairí drugaí an iarraidh seo ach tá siad cineálta agus ní chuireann siad chun báis í ach cuidíonn léi nó sin an sórt iad. (Cuir sin i gcomparáid le Breaking Bad.)
Tá Cassie (Sydney Sweeney) agus Nate (Elordi) in aontíos ach tá Cassie ag baint an-úsáid as an idirlíon lena cuair a chur os comhair na cruinne agus cúpla dollar a shaothrú. Ar an dea-uair, tugann sin deis do léiritheoirí na sraithe feidhm a bhaint as buanna fisiciúla Sweeney le lucht féachana (fir óga, déarfainn) a mhealladh. Níl siad ag baint úsáid as Sweeney, an t-aisteoir, an dtuigeann tú, seo na rudaí a dhéanfadh Cassie, an carachtar, an dtuigeann tú? Soiniciúil, mise?
Tá mothúcháin ann agus tuilleadh mothúchán agus, á, nach cuma? Seó atá ann atá bunaithe ar mhothúcháin; tá gach aon rud ag brath ar na céadfaí agus ní ar an chéill; gach aon saor ó smaointí, ó spiorad, ó shlánú.
Cad é an rud a dúirt Davis: “Educate that you may be free.” An dtuigeann muid, i bhfianaise an drochshampla, an mhaith mhór atá i gceist lenár gcóras oideachais féin, dá lochtaí é in amanna?
Rue – seachain drugaí! Cassie – léigh leabhar! Nate – ná bí i do dhic-cheann!
Faraor, Jugend ohne Gott atá againn anseo, ógánaigh atá á n-alpadh siar beo ag inneall gan anam an Iarthair.
Fág freagra ar 'An tóin tite as ‘The Boys’ agus ‘Euphoria’ saor ó smaointí agus spiorad'