Folúntas: Bainisteoir Forbartha Gnó le Tuairisc.ie

Tá Bainisteoir Forbartha Gnó á lorg ag Tuairisc.ie, príomhsheirbhís nuachta ar líne na Gaeilge

Tá Bainisteoir Forbartha Gnó á lorg ag Tuairisc.ie, príomhsheirbhís nuachta ar líne na Gaeilge.

Is iontach an deis é seo a bheith lárnach i múnlú ré nua sna meáin Ghaeilge agus a bheith ag obair le seirbhís dhigiteach nuachta atá ceannródaíoch agus a bhfuil meas ag pobal na Gaeilge uirthi agus muinín acu aisti.

Duine fuinniúil díograiseach cruthaitheach atá ag teastáil don phost nua seo agus beidh an té a cheapfar freagrach as gach gné de straitéis gnó agus fógraíochta Tuairisc.

Beidh sé mar chúram ar an mBainisteoir Forbartha Gnó cur lenár dteacht isteach ó dhíolachán fógraí, caidreamh Tuairisc lenár gcliaint fógraíochta agus urraíochta a bhainistiú agus páirtnéireachtaí nua a fhorbairt.

Cáilíochtaí agus tréithe

  • Taithí dhá bhliain ar a laghad ag leibhéal ard i bhforbairt gnó agus díolacháin
  • Scileanna maithe idirphearsanta agus cumarsáide agus taithí i mbainistiú agus i mbuanú caidreamh le cliaint
  • An cumas deiseanna nua sa mhargadh a aithint agus a thapú agus foinsí nua maoinithe a aimsiú
  • Scileanna margaíochta a chabhróidh le borradh a chur faoi bhranda Tuairisc, go háirithe mar an príomhardán don fhógraíocht i nGaeilge
  • Gaeilge líofa agus an cumas cumarsáid shoiléir nádúrtha a dhéanamh i nGaeilge
  • Scileanna cruthaitheachta agus an cumas réitigh shaincheaptha a fhorbairt dár gcliaint fógraíochta
  • Tiomantas d’fhorbairt na meán Gaeilge agus do sheirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in Éirinn agus thar lear

Sonraí poist

Íocfar tuarastal iomaíoch leis an mBainisteoir Forbartha Gnó ag brath ar thaithí agus cáilíochtaí. Chomh maith leis sin beidh struchtúr mealltach coimisiún ann faoina n-íocfar pá breise leis an té a cheapfar bunaithe ar spriocanna díolacháin.

Fágann an struchtúr sin gur deis ar leith í seo do dhuine díograiseach uaillmhianach ar mhaith leo tacú le forbairt a dhéanamh ar chomhlacht beag meán a bhfuil ardmheas air agus tacú le seirbhís ilardáin nuachta Gaeilge den scoth a chur ar fáil don phobal.

Iarratais

Chun iarratas a dhéanamh ar an bhfolúntas do Bhainisteoir Forbartha Gnó le Tuairisc, seol go dtí eolas@tuairisc.ie do CV agus litir ghairid tacaíochta, 300 focal ar a mhéid, ag míniú na gcúiseanna a síleann tú go mbeifeá oiriúnach don phost.