Bíonn dochtúir ann domhain san oíche. Ní bhíonn an dochtúir ann chomh minic agus a bhí geallta. Níltear in ann a theacht ar dhochtúirí a dhéanfadh cúig oíche ó Luan go hAoine. Ar an Mháirt, an Chéadaoin agus Déardaoin a bhíonn dochtúir de chuid an chórais WestDoc in Ionad Pobail Mhám Éan ar an Sraith Salach i gConamara, seirbhís éigeandála ón 12 meán oíche go maidneachan lae. D’fhéadfadh idir ocht agus deich gcinn de ghlaochanna a bheith ar an dochtúir dá mbeadh oíche chruógach ann. Taobh tíre fada fairsing tuaithe atá ar chuile thaobh d’Ionad Pobail Mhám Éan.
Is mór is fiú go bhfuil an dochtúir ann an méid sin féin den tseachtain. Más féidir dochtúirí eile a fháil beidh an tseirbhís níos fearr. Ach ní lena aghaidh sin a tógadh an foirgnimh seo.
Ba í seo an Scoil Náisiúnta ar an Sraith Salach i gConamara.
Cuimhneoidh go leor daoine ar an gconspóid mhór a bhain leis an scoil sin dhá scór bliain ó shin. Ba é a dheireadh gur dúnadh í. Scéal thairis ar bhealach anois í an chonspóid sin, scéal ar tarraingíodh aird na tíre air, ach níos gaire do bhaile ba chaismirt phobail í nach ndearna leas do dhuine ar bith.
Sheas an Príomhoide san am, Bríd Ní Dhomhnaill, an fód do chóras oifigiúil an Stáit i leith scoileanna Gaeltachta. Bhí sí an-dílis don Ghaeilge. B’fhachtas do thuismitheoirí gurbh fhearr coinneáil leis an mBéarla ó tharla go mbeadh na gasúir ag dul chuig meánscoil an Chlocháin. Rinneadh cáineadh ar an dearcadh sin freisin.
Ach sin stair anois.
Deich mbliana fichead ó shin a dúnadh Scoil Shraith Salach.
Ionad Pobail Mhám Éan atá ann anois, é dá riaradh ag iontaobhaithe áitiúla atá faoi scáth chomhlacht teoranta a bhfuil stádas carthanachta aige.
Déanann siad togha na hoibre. Le gairid féin, rinneadar obair dheisiúcháin ar an díon agus d’fheistigh siad urlár cláir sa bhfoirgneamh, obair dheonach uilig. Tádar ag súil, de réir a chéile, go mbeifear in ann spás páirceála níos cóiriúla a chur ar fáil. Idir an dá linn, tá réimse mór seirbhísí do mhuintir na háite ar fáil in Ionad Pobail Mhám Éan.
Siar amach ó thuaidh ón Sraith Salach atá ceanncheathrú na heagraíochta Iar-Chonamara Teo. Lonnaithe atá siadsan i bhfoirgneamh a ndeachaigh a dhroch-cháil ar fud na tíre seo, agus thar lear freisin, b’in í Scoil Cheartúcháin Leitir Fraic.
Na Bráithre Críostaí a bhí i gceannas na scoile. Cuireadh gasúir agus daoine óga ann de bharr mísce nó trioblóid éigin – ní bhíodh mórán i gceist go minic. Cuireadh gasúir ann freisin nach raibh bealach ann le breathnú amach dóibh sa mbaile.
I mo chuid oibre le Raidió na Gaeltachta tráth den saol, is cuimhneach liom píosa cainte a dhéanamh le fear a raibh cónaí air siar le cósta i Rinn Mhaoile, agus a chaith na blianta ag obair mar ghréasaí sa Scoil Cheartúcháin. Bhí togha na Gaeilge aige.
Rinne sé cur síos ar eachtraí a chonaic sé – ar nós gasúir laga ag iompar scrathacha a bhí fliuch báite agus trom ar a ndroim. Chonaic sé níos measa ná sin.
Tuige nár labhair aon duine sa gceantar amach san am?
Is furasta a bheith ag caint anois. Is dóigh, ar an gcéad iarraidh, gur beag aird a gheobhaidís. Agus bhí an imní ann, go dtarraingeoidís aird agus achrann orthu féin.
Ach sin stair anois freisin.
D’iompaigh dream cumasach pobail an compás thart. Cheannaíodar an foirgneamh nuair a cuireadh deireadh leis an Scoil Cheartúcháin sna 1970idí. Níl sé i bhfad ó shin ó rinneadh ceiliúradh ar 50 bliain oibre faoi scáth chomhlacht Iar-Chonamara Teo. Níl cur síos ná inseacht scéil ar an bhforbairt a rinneadar.
Téann 200 mac léinn agus iníon léinn chuig an gColáiste Adhmadóireachta ansin anois. Raidió Pobail Chonamara, atá lonnaithe i bhfoirgneamh na seanScoile Ceartúcháin, beart eile de chuid chomhlacht Iar-Chonamara – a bhuaigh duais Oireachtais le gairid leis an gclár An Áit a nÓlann an tUan an Bainne.
Samplaí atá sna forbairtí seo nach gá go bhfágfadh an stair, dá mhí-ámharaí a bhí scaití, a lorg ar phobail tuaithe, ach teastaíonn daoine fuinniúla, fadbhreathnaitheacha leis an gcosán nua a aimsiú.
Pádraig
“Tuige nár labhair aon duine sa gceantar amach ag an am?”
Mar bhí smacht iomlán ag an gcóras ainspianta, tiarnúil sin orthu idir anam is chorp, bhí fostaíocht sheasmhach fíor-ghann ar fud na tíre & páistí gan áireamh le cothú, bhraith siad umhal-íseal agus spleách ar fad de dheasca an oideachais a cuireadh orthu;
‘ná feic a bhfeicfir is ná clois a gcloisfir agus coimeád do chlab dúnta’.
Sin mar a ordaíodh orthu a dhéanamh agus sin mar a bhí.
Aon duine a sheas an fód ina gcoinne fuair sé batráil míthrócaireach uathu nó seoladh ‘soir’ é.
B’fhada an tsamhailt é ó na
“cailíní ag damhsa ag an gcrosbhóthar.”