Tá mé tar éis filleadh ar an mbaile. Níor mhaith liom a rá go raibh deifir abhaile orm ach, idir dhrochaimsir in Éirinn ag cur isteach ar eitiltí agus cúrsaí cogaidh fós ina ábhar cainte san áit a raibh mé, bhí cineál cathú i ndiaidh gnáthshaol na hÉireann orm.
An scéal nuachta a fógraíodh faoi ionradh dróin a deineadh i rith na hoíche ar an Rúmáin, an chomhartha ba láidre a tugadh go raibh sé in am filleadh.
Tá saol compordach againn sa tír seo. Ní éiríonn an pobal gach maidin ag smaoineamh ar chogadh san Eoraip. Castar ort é ag chuile choirnéal in Oirthear na hEorpa. Bhí me ar cuairt ar an Eastóin, an tír dheireanach ar mo chamchuairt timpeall na dtíortha Bailt. Ní bhíonn an t-ábhar sin i bhfad uait, aon áit a leagfaidh tú do chos.
Bhí Diana ag réiteach braon caife dúinn san ionad mór siopadóireachta trasna an bhóthair ón óstán maidin inné. Cailín óg a bhfuil a saol athraithe bun os cionn ag cogaíocht le tri bliana anuas. Bhí Béarla ar a toil aici.
‘Agus cá as tú?’ a d’fhiafraigh muid agus muid ag ceapadh go bhféadfadh sí a bheith tagtha ó thír Bhailt éigin eile.
‘As an Úcráin mé,’ a dúirt sí agus ansin chuimhnigh mé go bhfuil beagán le cois 5% den daonra anseo san Eastóin ina n-Úcráinigh.
Agus a mbeidh sí ag dul abhaile má thagann deireadh leis an gcogadh?
‘Ní bheidh,’ dúirt sí. ‘Tar éis domsa teacht ar imirce anseo, tháinig an chuid eile de mo chlann in mo dhiaidh. Tá siad ar fad anseo anois.’ Agus ná ceap go gcaitheann sí a cuid ama uilig ag réiteach caifé agus cácaí do chuairteoirí. Tá sí i mbun staidéir ar an síceolaíocht – san Úcráin – ach déanann sí an cúrsa ar líne.
Cé go bhfuil roinnt bhlianta caite anois aici san Eastóin, níl aon chur amach aici ar an teanga náisiúnta anseo. Tá Úcráinis, Rúisis, Béarla agus Gearmáinis aici. Ní fheiceann sí an gá teanga eile a fhoghlaim agus gan sa daonra ach faoi bhun an dá mhilliún duine. Caithfidh duine a bheith praiticiúil agus cogadh ag bagairt.
Bíonn go leor le foghlaim ag an gcuairteoir in ionad siopadóireachta. Bhí an ceann seo suite trasna an bhóthair ón óstán s’againne agus bhí an t-óstán beagnach buailte ar an gcalafort insan bpríomhchathair Talainn. Bheadh an t -ionad folamh nóiméad amháin agus an chead nóiméad eile, bheadh sé pacáilte le sluaite cuairteoirí – iad ag déanamh a mbealach chuig an mbád fartha go dtí an Fhionlainn, nó ag teacht uaidh.
Labhair mé le lead óg ag an gcuntar. Bhí sé ag ceannach beoir agus cúpla rud eile fánach. Bhí sé breá sásta labhairt liom – sea, b’as an Fhionlainn é féin agus a chairde agus bhíodar ar fad ar turas lae go dtí an Eastóin. Tá an alcóil níos saoire abhus agus bíonn an chraic acu ar an turas báid – dhá uair an chloig anonn is anall. Bhíodar an-bhéasach ag labhairt liom agus Béarla den scoth acu, ar ndóigh.
Chuimhnigh mé ar chara le mo mhac nuair a bhí an mheánscolaíocht i gColáiste Eoin críochnaithe acu. B’as an Fhionlainn a athair. Agus iad ag fágáil slán ag a chéile ag deireadh na bliana, bhí sé ag tabhairt aghaidh ar an bhFionlainn, áit a raibh sé le tréimhse thraenála míleata a dhéanamh, rud a bhí éigeantach d’óige na tíre ar fad.
Ní gá ach breathnú ar an léarscáil go bhfeice tú cén fáth a mbíonn cúrsaí cosanta agus traenáil mhíleata i mbarr a gcinn acu. Tá teorainn 1336 ciliméadar ag an bhFionlainn leis an Rúis. Uair amháin bhíodh cúrsaí measartha cairdiúil eatarthu agus choinnigh siad sórt ‘nasc’ neamhhoifigiúil idir an dá thír i rith na mblianta.
Ach thit sé sin as a chéile nuair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin. Beagnach thar oíche, rinne an Fhionlainn cinneadh ballraíocht a iarraidh in NATO. D’iarradar é i 2022 agus fuaireadar é i 2023.
An bhliain chéanna a rinneadh an ionradh ar an Úcráin, bhí na tíortha Bailt chun tosaigh ag tairiscint cabhrach dóibh. Cé gur tír an-bheag í an Eastóin, thairg siad cabhair mhíleata ar an bpointe – go deimhin, aon rud a bhí le spáráil acu.
Bhí mé ag scríobh an tseachtain seo caite faoin gcéatadán cainteoirí Rúiseacha atá fós lonnaithe sna tíortha sin. Caithfidh me a rá go raibh an Rúisis go minic á labhairt thart orm agus mé san Eastóin le cúpla la anuas – ar an tsráid, sna siopaí, idir bhaill teaghlaigh, ins na heaglaisí agus mar sin se. Is cainteoirí Rúisise an ceathrú cuid den daonra.
Ceapadh uair amháin go mbeadh an pobal sin dílis don Rúis go deo – go mbeadh fonn orthu a bheith mar chuid den Rúis am éigin amach anseo, b’fhéidir. Ach tá sé an-soiléir go bhfuil caighdeán maireachtála an-ard sroichte ag na tíortha beaga Bailt in imeacht réasúnta gearr. An mbeadh caighdeán chomh maith sin ag na cainteoiri Rúisise faoi cheannas na Rúise? Drochsheans.
D’fhiafraigh mé dár dtreoraí lá amhain, céard air a raibh rachmas na tíre (an Eastóin) bunaithe. ‘An tíonscal ‘teic,’ a d’fhreagair sí. ‘Agus an bhfuil infheistíocht déanta ag na comhlachtaí móra Meiriceánacha insan Eastóin?’ a d’fhiafraigh mise, ag smaoineamh ar ár gcás féin.
‘Ní hiad na Meiriceánacha is cúis leis an bhfás sa tionscal ‘teic,’ a duirt sí. ‘Is tionscail Eastóineacha iad – tháinig na smaointe agus na comhlachtaí nua ar an saol anseo.’
Mar shampla amháin, cuireadh an comhlacht Skype ar bun le comhoibriú idir dhream sa tSualainn, sa Danmhairg agus dream san Eastóin. Agus cé gur díoladh an comhlacht roinnt bhlianta ó sin ar 2.8 Billiún euro, d’infheistigh dream na hEastóine a gcuid airgid ar ais ina dtír féin agus bhunaigh roinnt comhlachtaí nua ‘teic’ ina áit.
Cuireadh an-bhéim ar an oideachas ó fuair an Eastóin a neamhspleáchas ar ais sa mbliain 1991. Anois is eiseamláir don chuid eile den Eoraip iad- is iad is airde ar an scála PISA a scrúdaíonn daltaí 15 bliana ar fud na hEorpa sa matamaitic, Eolaíocht agus léamh.
Bíonn orthu fanacht go bíonn an seacht mbliana slánaithe acu sula féidir tosnú ag an scoil. Caithfidh siad a bheith in ann iad féin a ghléasadh, an t-am a léamh, siúl ag an scoil agus a bheith neamhspleách. Tá an córas ar fad bunaithe ar trust agus is beag cigire scoile atá ann.
Tá cuma an-mhaith ar an tithíocht thart ar an bpríomhchathair – má bhí bhlocana árasán Sóivéadacha anseo tráth, agus tá mé cinnte go raibh, tá athchóiriú déanta orthu nó tádar leagtha agus cinn nua as an bpíosa tógtha ina n-áit.
Thíos ag an gcalafort, bíonn na báid mhóra fartha ag tarraingt isteach is amach de shíor. Bíonn na longa móra pléisiúr thíos ann freisin agus dug dá gcuid féin acu.
Díolfaidh Diana roinnt mhaith caifé agus cácaí an fhad is a leanfaidh an séasúr seo. Agus súil le Dia aici nach dtiocfaidh an cogadh i ngar di féin ná dá muintir, níos mó.
Indrek
Maidir leis na teifigh ón Ucráin, braitheann sé. Bíonn ar a laghad rud beag Eastóinise acu siúd atá ag obair sna siopaí, sna bialanna srl. Ach sa ‘seanbhaile’, i.e. an chuid stairiúil den chathair, áit nach mbíonn ach turasóirí, is minic nach n-éilítear teanga na háite ar fhreastalaithe, cíbe náisiúntacht iad, bíodh sin Ucránach, Afracach nó Indiach. Ní aontaím féin leis an gcleachtas sin, ach is fíor gur beag Eastónach a leagann cois ann.